Sinn Féin ag súil le cruinniú leis an Aire Stephen Farry faoi chéim Ghaeilge Ollscoil Uladh

Dúirt an Comhairleoir Niall Ó Donnghaile (SF) le Tuairisc.ie aréir go raibh an Ollscoil ‘breá sásta éisteacht’ lena raibh le rá ag Sinn Féin faoin gcúrsa

university-ulster-770x385

Tá litir scríofa ag Rosie McCorley, comhalta tionóil de chuid Sinn Féin, chuig an Aire Fostaíochta agus Foghlama Stephen Farry agus cruinniú á lorg aici chun an ciorrú ar an gcúrsa lánaimseartha Gaeilge in Ollscoil Uladh a phlé.

Bhí McCorley mar chuid den toscaireacht d’ionadaithe Shinn Féin a chas le húdaráis na hOllscoile an tseachtain seo caite chun an scéal a phlé.

Dúirt an Comhairleoir Niall Ó Donnghaile (SF) le Tuairisc.ie aréir go raibh an Ollscoil ‘breá sásta éisteacht’ lena raibh le rá ag Sinn Féin faoin gcúrsa.

“Dúirt muid gur mhothaigh muid gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus go raibh luach cultúir, acadúil agus eacnamaíochta ar an BA Gaeilge. Luaigh muid na coimitmintí reachtúla atá i gceist freisin agus Cairt Eorpach na dTeangacha Mionlaigh freisin.

“Bhí siad breá sásta éisteacht linn agus d’aithin siad ról na Gaeilge sa chathair. Dúirt siad go raibh díomá orthusan freisin faoi na ciorruithe,” a dúirt Ó Donnghaile le Tuairisc.ie.

Dúirt sé go mbainfí rud luachmahr den chathair dá gcuirfí deireadh leis an gcúrsa lánaimseartha agus go mbeifí “ag rá le daoine gan a bheith ag teacht” go Béal Feirste chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.

Thagair sé do na suirbhéanna inar léiríodh sástacht na mac léinn a d’fhreastail ar an gcúrsa agus caighdeán na hoiliúna a cuireadh ar fáil lena linn.

“Tá muid ag rá le daltaí meánscoile i mBéal Feirste agus an ceantar máguaird ‘gabhaigí go Doire, go Gaillimh nó go Baile Átha Cliath más spéis leat staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge’. Níl ciall ar bith leis má tá muid ag iarraidh an chathair a thógáil,” a dúirt sé.

Idir an dá linn, tá breis agus 3,000 tar éis a n-ainm a chur le hachainí ar líne a thosaigh Conradh na Gaeilge coicís ó shin ar an suíomh change.org ina n-iarrtar ar údaráis na hOllscoile athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh deireadh a chur leis an gcúrsa céime.

Tá an feachtas ag bailiú nirt ar na meáin shóisialta faoin haischlib #SábháilBéalFeirste. D’éirigh le craobh Nua-Eabhrac an ghrúpa Misneach fógra feachtais a chrochadh i lár na cathrach sin agus tá cumainn éagsúla Ghaeilge timpeall na tíre tar éis a dtacaíocht a thabhairt don fheachtas.

Fág freagra ar 'Sinn Féin ag súil le cruinniú leis an Aire Stephen Farry faoi chéim Ghaeilge Ollscoil Uladh'