Feachtas maidir le cúrsa céime Gaeilge Ollscoil Uladh ag bailiú nirt

Breis agus 3,000 duine tar éis a n-ainm a chur le hachainí ar líne a éilíonn ar an Ollscoil dul siar ar a gcinneadh deireadh a chur leis an gcúrsa céime lánaimseartha i mBéal Feirste

Screen Shot 2015-09-07 at 14.24.44

Tá breis agus 3,000 duine tar éis a n-ainm a chur le hachainí ar líne a thosaigh Conradh na Gaeilge coicís ó shin ar change.org, áit a n-iarrtar ar Ollscoil Uladh athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh deireadh a chur leis an gcúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge ar champas Bhéal Feirste.

Tá teagmháil déanta ag Conradh na Gaeilge le lucht bainistíochta Ollscoil Uladh agus leis an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go léiríonn an achainí go bhfuil éileamh ar an gcúrsa seo agus “tacaíocht fhorleathan” ann dó sin agus do chúrsaí Gaeilge tríú leibhéal i gcoitinne.

“Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh seo chun a chinntiú go mbeidh soláthar ann do mhic léinn Ghaeilge ag an tríú leibhéal”, go mór mór le haghaidh “cúrsa a raibh éileamh ollmhór air agus ar éirigh leis 100% a bhaint amach” ó thaobh sástachta de, a dúirt sé.

“Tá cruinnithe iarrtha ag an gConradh leis an Ollscoil agus leis an Aire Farry araon, leis an gceist seo a phlé go práinneach”, a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Thug an eagraíocht le fios chomh maith go bhfuil go leor daltaí meánscoile, mic léinn agus iarmhic léinn i ndiaidh a dtacaíocht a thabhairt don fheachtas, go háirithe scoláirí a raibh sé ar intinn acu freastal ar an gcúrsa áirithe seo sular fógraíodh an drochscéala.

Tá an achainí sínithe ag roinnt baill acadúla d’institiúidí aitheanta tríú leibhéal eile, ina measc an tOllamh Rob Dunbar, Ceann Roinn na dTeangacha Ceilteacha, Ollscoil Dhún Éideann, agus an Dr Lillis Ó Laoire, Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh, gur thug Ollscoil Uladh cúig chritéir ar baineadh úsáid astu chun cúrsaí a chiorrú nó a athrú. Bhain siad seo le héileamh, sástacht, taighde, ráta an laghdaithe, agus fostaíocht, a dúirt sé.

“De réir an taighde atá déanta ag Conradh na Gaeilge, is léir go raibh ag éirí go breá leis an chúrsa sna réimsí seo ar fad agus gur ghnóthaigh an cúrsa Gaeilge lánaimseartha i mBéal Feirste 100% i dtaobh éilimh, sástachta, agus taighde de i mbliana. Ní dhéanann sé aon chiall, mar sin, deireadh a chur leis an chúrsa,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go bhfágfaí ann an chéim sa Ghaeilge ar champas Bhéal Feirste agus iad ag tathaint ar an bpobal stocaireacht a dhéanamh faoin scéal ar Ollscoil Uladh, ar fheisirí áitiúla agus trí na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'Feachtas maidir le cúrsa céime Gaeilge Ollscoil Uladh ag bailiú nirt'

  • Liam Mac Lochlainn

    Tá dualgas ar an ollscoil cultúr na tíre a chosaint agus a fhorbairt. Mura ndéanann sí sin, ní ollscoil í. Ní ceart a bheith ag gearradh siar.. ..