Polaiteoirí Shinn Féin le casadh le húdaráis Ollscoil Uladh le cás an BA Gaeilge a phlé

Achainí déanta ag dreamanna éagsúla Gaeilge ar údaráis na hollscoile agus ar an Aire Foghlama Stephen Farry dul siar ar an gcinneadh

University-ulster-belfast-exterior-closeup

Bualfaidh triúr bhall de Shinn Féin le hoifigigh de chuid Ollscoil Uladh inniu  chun an ciorrú ar an gcúrsa lánaimseartha Gaeilge san Ollscoil a phlé.

Casfaidh Rosie McCorley CTR, an Comhairleoir Niall Ó Donnghaile agus Johnny McGibbon, Oifigeach Náisiúnta Gaeilge Shinn Féin, le Leas-Seansailéar na hOllscoile agus le hionadaí eile chun an scéal a phlé ag 2 a chlog inniu ar champas na hollscoile i mBéal Feirste.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo níos luaithe an mhí seo go bhfuil an cúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge le scor in Ollscoil Uladh de bharr ciorruithe ar an mbuiséad.

Ciorrú 28% ar an bhfoireann de cheithre dhuine dhéag atá i gceist sa cheithre phost a chaillfear trí iomarcaíocht dheonach.

Tá achainí déanta ag dreamanna éagsúla Gaeilge, an Conradh agus Gael Linn ina measc, ar údaráis na hollscoile agus ar an Aire Foghlama Stephen Farry, dul siar ar an gcinneadh.

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Bainisteoir Réigiúnach Ghael Linn, le Tuairisc.ie “nár lorgaíodh tuairimí an phobail faoin athrú polasaí seo” agus mhol go n-iarrfaí “ar bhaill Tionóil agus ar dhaoine ar spéis leo ár dteanga náisiúnta agus canúint Chúige Uladh an beart seo a cheistiú.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, gur léir go mbíonn “ráchairt agus ró-éileamh ar an chúrsa” agus nach “luífeadh sé le ciall deireadh a chur le cúrsa a bhfuil ag éirí go fíormhaith leis.”

Tá breis agus 2,000 ainm curtha leis an achainí ar líne a thosaigh Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite chun an cúrsa a shábháil. Tá 2,500 luaite mar sprioc ag an gConradh ar an suíomh achainíochta change.org.

Fág freagra ar 'Polaiteoirí Shinn Féin le casadh le húdaráis Ollscoil Uladh le cás an BA Gaeilge a phlé'