‘Tábhacht an phortaigh’, ‘aibítir Ogham’ agus ‘na bandéithe Mór agus Mís’ – sin cuid de na téamaí a bheas á scagadh i seó nua Gaeilge atá á léiriú den chéad uair sa Daingean ag an deireadh seachtaine.
Meitheal scríbhneoirí, amhránaithe, filí, ceoltóirí agus damhsóirí ón chompántas ‘Giorria’ atá i mbun an léirithe Faoi Scáth…le Chéile atá faoi stiúir Marianne Ní Chinnéide agus á léiriú ag Anne McCabe.
Léiriú “spraíúil mar fhreagra ar an dianghlasáil” é Faoi Scáth…le chéile, a deir lucht ‘Giorria’.
Beidh an chéad léiriú dá seó nua ar siúl i ngairdín An Dísirt sa Daingean oíche Dé Sathairn 7 Lúnasa ag 20.30.
I measc na ndaoine atá páirteach sa tionscadal, atá á mhaoiniú ag an Chomhairle Ealaíon, tá an t-aisteoir Marina Ní Dhubháin, an file Áine Moynihan, an damhsóir comhaimseartha Siobhán Ní Dhuinnín, an scéalaí Beartla Ó Flatharta, an ceoltóir Méabh Ní Bheaglaoich agus an scéalaí agus an t-amhránaí Caitríona Ní Chonala.
Tá na ticéid saor in aisce ach is gá áirithint a dhéanamh roimh ré. Cuirfear fáilte roimh leanaí atá os cionn ocht mbliana d’aois chomh maith le daoine fásta. Faigh do thicéad anseo.
Fág freagra ar 'Seó nua faoin spéir á léiriú sa Daingean ag an deireadh seachtaine '