Seans láidir ag dhá chlub ó chontaetha ‘laga’ ar áit i gcluiche ceannais an chúige

Imreoidh curaidh Cheatharlach Naomh Moling i gcoinne sheaimpíní Laoise Ráth Domhnaigh-Eiréil i bPáirc Cullen Netwatch amárach

Seans láidir ag dhá chlub ó chontaetha ‘laga’ ar áit i gcluiche ceannais an chúige

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhí bua gan choinne ann coicís ó shin nuair a bhuaigh Cumann Naomh Moling as Ceatharlach ar sheaimpíní Átha Cliath agus iarsheaimpíní na hÉireann, Cuala.

Agus de réir na dtuairiscí bhí an bua tuillte go maith ag foireann Cheatharlach an lá sin. Scóráladar cúl amháin a bhí bog go leor ach taobh amuigh de sin bhíodar gob ar gob le fir na hardchathrach ó thosach an chluiche. Bhí naoscaire an chontae Marty Cavanagh i mbarr a maitheasa agus bhí farasbarr aon chúilín amháin acu ar deireadh.

Amárach imreoidh Naomh Moling i gcoinne sheaimpíní Laoise, Ráth Domhnaigh-Eiréil, i bPáirc Cullen Netwatch Ceatharlach.

Ní haon chluiche éasca atá rompu. Thug Ráth Domhnaigh greadadh ceart do chumann Naomh Raghnach sna babhtaí ceathrú ceannais.

4-16 a bhí ar chlár na scór acu sa chluiche sin agus gan ach 0-10 ag Naomh Raghnach. B’fhéidir go dtugann an scór sin léargas dúinn ar an difríocht ó thaobh caighdeáin idir iománaíocht Laoise agus Uíbh Fhailí i láthair na huaire. Agus is Caomhánach eile a bhí ag déanamh formhór na scórála. Scóráil Mark Kavanagh  1-10. Fuair sé cúl ó phoc pionóis, dhá chúilín gleoite ó phocanna taobhlíne ó dhá thaobh na páirce, seacht gcinn de phocanna saora agus poc 65 méadar.

Tuigimid go léir a thábhachtaí atá sé imreoir a bheith agat atá go maith ag na pocanna saora agus tá fear thar a bheith cruinn ag an dá chlub seo. Is deacair léamh a dhéanamh ar cé a bhuafaidh an cluiche seo. Bhí cuma na maitheasa ar iománaithe Laoise i mbliana. Bhí Jack Kelly, Paddy Purcell, Mark Kavanagh agus Ross King ar an bhfoireann a chuaigh chun páirce i gcoinne Thiobraid Árann i bPáirc an Chrócaigh agus bhí Eric Kileen i measc na bhfear ionaid an lá sin. Is iad na himreoirí sin cnámh droma na foirne.

Mar sin féin, tá caighdeán ard i measc an dornáin bhig de chlubanna sinsir atá i gCeatharlach. Cé a dhéanfadh dearmad ar an mbliain stairiúil a bhí ag Raonaithe Stua Laighean a bhain cluiche ceannais na hÉireann amach Lá le Pádraig 2013?

Pé toradh a bheidh ann, beidh club ó chontae  ‘lag’i gcluiche ceannais an chúige i gceann coicíse.

Agus beidh club ‘láidir’ ó chontae ‘láidir’ ina gcoinne . Tá Naomh Máirtín Loch Garman, nár imir fós sa chomórtas cúige ag imirt in aghaidh ríthe an chúige Seamróga Bhaile Héil i bPáirc Uí Nualláin um thráthnóna. Bhí cluiche ceannais contae  an-dian ag na Carmannaigh i gcoinne a gcomharsana Naomh Áine, cluiche a bhí idir dhá ceann na meá go dtí an deireadh. Bhíodar gan a réalta idirchontae Rory O’Connor a bhí ar fionraí agus bhíodar d’uireasa Pháidí Kelly a bhí gortaithe.

Mar is eol dúinn tá ardchaighdeán ag baint leis an iomáint sa chontae ó tháinig Davy Fitzgerald isteach mar bhainisteoir ar an bhfoireann idirchontae agus de réir dealraimh bhí an-iomaíocht sa chraobh club i mbliana. 

Ach caithfidh siad a bheith i mbarr a maitheasa chun an lámh in uachtar a fháil ar Sheamróga  Bhaile Héil. Dar ndóigh tá foireann Bhaile Héil breac le réalta ach ba é Eoin Cody,  duine de na saighdiúirí coise, a bhí ina laoch sa chluiche ceathrú ceannais. Trí chúl a fuair sé chun a chinntiú go mbeadh an bua ag na Seamróga nach raibh thar mholadh beirte in aghaidh Chluain Cille ón Iarmhí a thug taispeántas maith uathu.

Tá an taithí agus an fhoireann is cumasaí ag na Seamróga, ach ní ghéillfidh na Carmannaigh aon ní go bog.

Fág freagra ar 'Seans láidir ag dhá chlub ó chontaetha ‘laga’ ar áit i gcluiche ceannais an chúige'