Seachas a bheith ag déanamh cluiche polaitíochta d’imní daoine óga ba cheart fáil réidh leis an Ardteist mar atá

Ba mhaith an cheist a chuir Príomhoide Gaeltachta an tseachtain seo - ar chóir gurb í an Ardteist an córas roghnúcháin nó an bealach isteach ag an tríú leibhéal?

Seachas a bheith ag déanamh cluiche polaitíochta d’imní daoine óga ba cheart fáil réidh leis an Ardteist mar atá

Dé Máirt seo caite a d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go raibh cinneadh déanta faoi dheireadh aici féin agus a Roinn faoi scrúduithe stáit na bliana seo. Dé hAoine d’fhógair sí nach mbeadh aon táillí le n-íoc leis na scrúduithe stáit a dhéanamh i mbliana, go maithfí an 116 euro sin agus teaghlaigh sportha ag aicíd is boilsciú.

An scrúdú traidisiúnta a bhfuil cleachtadh againn air gach Meitheamh a bheidh againn i gcead don Covid-19 agus cúrsaí sláinte.

Níor thúisce an fógra déanta ná bhí polaiteoirí an fhreasúra ár mbodhrú ar na meáin agus sa Dáil á cáineadh agus ag iarraidh uirthi a ghabháil siar ar a cinneadh beag beann ar an tionchar a bheadh ag moilleadóireacht eile ar dhaltaí na tíre atá ag tabhairt faoi scrúduithe macasamhla go luath.

Ba mhór an t-údar dóchais dom mar sin go bhfuil daoine níos tuisceanaí ná iadsan sa tír. Duine acu sin Emer Neville, Uachtarán Aontas Daltaí Iarbhunscoile na hÉireann (ADIÉ) a d’eagraigh feachtas i measc na ndaltaí iarbhunscoile faoin ábhar seo a bhaineann go dlúth leo féin. Dheimhnigh dhá thrian den 18,000 dalta a ghlac páirt gurbh fhearr leo múnla 2021 – rogha idir scrúdú scríofa traidisiúnta agus measúnú scoile. [Tabharfaidh suas le 60,000 dalta faoin Ardteist.]

Scrúduithe amháin don Ardteist agus don Teastas Sóisearach i mbliana

Ba go deas stuama a labhair Emer Neville faoi chinneadh an Aire Foley, cé nár glacadh le moladh an eagrais féin. Thuig an bhean óg seo nach bhfuil namhaid is contúirtí ag aon duine, an duine óg go háirithe, ná an éiginnteacht is tá ár seacht ndóthain di sin againn le dhá bhliain. Is deacair díriú ar sprioc mura bhfuil tú an-chinnte den sprioc sin. Cinnteacht, éisteacht agus tuiscint ba thábhachtaí, a dúirt an bhean óg agus sin a fuaireadar ón Aire Foley. Aitheantas ón Aire a bhí sa rogha bhreise sna scrúduithe agus níos lú ceisteanna a bheith le freagairt gur chaill na daltaí laethanta scoile go leor agus go raibh múinteoirí agus daltaí as láthair go rialta ag Covid.

Ghlan an tAire an imní a bhí ann go mbeadh pointí arda 2021 ag cosc áit CAO ar dhaltaí 2022 mar cloífear le tabhartas na bliana seo caite.  Ach ní haon rud nua é sin. Pian sa tóin ag ceartaitheoirí an cuar normalach sin a bhíonn ina réalta eolais ag an gCoimisiún Scrúduithe gach bliain agus gráid á mbronnadh.

Níl dream sa tír a thuigeann dúshláin an Covid-19 níos fearr ná príomhoidí arbh ar a bpláta a fágadh iad le sárú. Agus é ag caint faoin rogha a bhí le déanamh ag an Aire Oideachais, dúirt Paul Crone, Stiúrthóir Chumann na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí gur triaileadh dhá chóras éagsúla le dhá bhliain agus nach raibh ceachtar acu gan locht. “Bhí na gráid ríofa againn in 2020, na gráid chreidiúnaithe in 2021 agus bhí fadhbanna leis an dá cheann. Tá sé in am againn ár machnamh a dhéanamh mar caithfear tosú ag plé bealaí eile le measúnú a dhéanamh.”

Ar Iris Aniar Dé Céadaoin bhí príomhoide Gaeltachta cuid mhaith ar aon intinn le Crone.

Dúirt Seán Mac Donncha, atá ina phríomhoide ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin, go raibh “cinnteacht agus soiléireacht” anois ann faoina bhfuil roimh dhaltaí Ardteiste 2022 agus go bhféadfadh siad féin agus na scoileanna “bogadh ar aghaidh”. Beidh na páipéir ar aon dreach le cinn na bliana seo caite, rogha bhreá acu agus an “brú ama” a bhíodh ag an Ardteist maolaithe.

An rud is spéisiúla faoin bplé seo gur léir go dtuigeann gach dream go bhfuil sé thar am athbhreithniú a dhéanamh ar chóras measúnaithe na hArdteiste agus is trua nár tapaíodh deis na paindéime lena dhéanamh. An cheist atá le plé, a deir Seán Mac Donncha, ‘ar chóir gurb í an Ardteist an córas roghnúcháin nó an bealach isteach ag an tríú leibhéal?’

Bhí ábhar misnigh ag an Aire Oideachais do dhaltaí, dá muintir agus dá n-oidí. Gheall sí go mbeadh rogha níos fearr ar na páipéir scrúduithe i mbliana agus gan an oiread ceisteanna le freagairt le cúiteamh éigin a dhéanamh leis na daoine óga as a ndeachaigh siad tríd le cúpla bliain. Gheall sí freisin go mbeadh socrú speisialta i bhfeidhm do dhaltaí a mbeadh a saol trína chéile mí an Mheithimh ag an tubaiste, an bás, an easláinte nó Covid-19. Reáchtálfar scrúduithe Ardteiste eile dóibh siúd níos déanaí a thabharfas deis eile dóibh leis an scrúdú críochnaithe iarbhunscoile a dhéanamh. Ba chóir a mheabhrú do dhaltaí gur ceadmhach i gcónaí a chur in iúl don Choimisiún Scrúduithe tríd an scoil má bhíonn fadhb ar leith ag dalta le linn na scrúduithe.

Bítear an-tuisceanach sa gcás go mbítear ar an eolas faoi.

Tuigeann chuile dhuine go bhfuil an dá bhliain seo caite saothraithe go maith ag daltaí na hArdteiste. Ní dhearna duine as ceathrar acu aon scrúdú stáit riamh, bhí siad sáinnithe sa mbaile agus iad i dtuilleamaí leathanbhanda agus áiseanna cuí teicneolaíochta le teacht ar sheirbhís oideachais. Níos measa fós, ní hionann baile ag gach duine óg. Ní áit shábháilte theolaí ghrámhar gach baile agus faraor géar, is iomaí teaghlach a raibh dúshláin i bhfad níos tromchúisí agus níos práinní le sárú acu ná oideachas a gclainne le dhá bhliain. Cuimhním go háirid ar theaghlaigh ar fágadh cúram iomlán leanaí agus daoine fásta le riachtanais ar leith go hiomlán ar a nguaillí agus ionaid lae is scoileanna dúnta, gan trácht ar ualach an choróinvíris.

Seachas a bheith ag déanamh cluiche polaitíochta d’imní daoine óga, nárbh fhiúntaí do pholaiteoirí tabhairt faoin athbhreithniú sin agus a gceart a thabhairt do gach dalta scoile agus gan an t-oideachas ar fad a bheith á chur as a riocht ar mhaithe leis na daltaí sin arbh é mian a gcroí tabhairt faoi institiúidí tríú leibhéal?

Is mithid an deis a thapú mar ní leor d’uirlis peann agus dúch sa saol nua seo.

Fág freagra ar 'Seachas a bheith ag déanamh cluiche polaitíochta d’imní daoine óga ba cheart fáil réidh leis an Ardteist mar atá'

  • Peadar

    An colúnaí seo gan oiread agus freagra amháin tugtha aici ar a cuid ceisteanna féinig…gan aon mholadh agus gan aon chomhairle do chóras eile. Seo alt eile gan taighde. Níor mhiste don cholúnaí an Irish Times a léamh agus cur amach a fháil ar thuairimí na sár-iriseoirí a bhaineann leis an oideachas atá ag an bpáipéar sin.

  • Dónall

    Alt eile diúltach uaidh Ní Fhinneadha! An staonann sí riamh leis an diúltachais?

  • Antóin

    Ná déanaimis dearmad ar na tuismitheoirí arbh é mian a gcroí go dtabharfadh an t-ál s’acu féin faoi institiúidí tríú leibhéal!

  • Seán Mag Leannáin

    Aontaím leis an údar. Níor chóir go mbeadh polaiteoirí ag déanamh cluiche polaitíochta den ábhar seo. Tháinig méadú as cuimse sna grádanna arda faoin gcur chuige a bhí ann le dhá bhliain anuas. Ní féidir leanúint ar aghaidh leis an gcur chuige seo gan an bonn a bhaint d’inchreidteacht an chórais ar fad.