Scrúduithe amháin don Ardteist agus don Teastas Sóisearach i mbliana

Beidh roghanna breise i gceist leis na scrúduithe i mbliana mar chúiteamh do dhaltaí ar na deacrachtaí a bhí acu de dheasca na paindéime

Scrúduithe amháin don Ardteist agus don Teastas Sóisearach i mbliana

Scrúduithe amháin a bheidh i gceist don Ardteist agus don Teastas Sóisearach i mbliana.

Dheimhnigh an tAire Oideachais Norma Foley an méid sin ar maidin.

Beidh roghanna breise i gceist ar na páipéir scrúdaithe i mbliana mar chúiteamh do dhaltaí ar na deacrachtaí a bhí acu de dheasca na paindéime.

Bhí go leor daltaí ag iarraidh gur meascán de scrúduithe agus gráid mheasta a bheadh i gceist arís don Ardteist i mbliana.

Measadh, áfach, go gcaithfí filleadh ar an múnla traidisiúnta chun nach gcuirfí isteach ar inchreidteacht na scrúduithe.

Seo an chéad uair go mbeidh an Teastas Sóisearach ar siúl ó 2019.

Ag labhairt dó ar an gclár Today with Claire Byrne ar RTÉ, dúirt Colm O’Rourke, an príomhoide agus tráchtaire aitheanta, gurb “é rogha an dá dhíogha é”.

Dúirt O’Rourke, atá ina phríomhoide ar Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh, gur trua nár deineadh an cinneadh mí Mheán Fómhair seo caite.

Dúirt sé go raibh an bonn bainte go hiomlán de na gráid mheasta.

“Ní féidir glacadh leis i dtréimhse dhá bhliain go mbeadh 200 ag fáil seacht H1 bliain amháin agus go léimfeadh sé an chéad bhliain eile chuig 900,” ar sé.

Dúirt sé gurb é an meascán de scrúduithe agus gráid mheasta rogha na ndaltaí ach go gcaithfí caighdeáin oibiachtúla a leagan síos do na scrúduithe.

In ainneoin na lochtanna atá uirthi, éiríonn leis an Ardteist thraidisiúnta sin a dhéanamh, a dúirt Colm O’Rourke.

Fág freagra ar 'Scrúduithe amháin don Ardteist agus don Teastas Sóisearach i mbliana'

  • Cáit Ní Fhágáin

    Is an líon céanna H1, H2 srl agus a bhí anuraidh. Seo seafóideach. Beidh na grádanna as a riocht amach is amach. Cathain an cheartóidh siad é seo?

  • Seán

    Truflais d’alt…is léir nach ndeachaigh an t-údar i gcomhairle leis an 3adh leibhéal. Cá bhfuil taighde an iriseora?