Scrúdú scríofa Gaeilge le déanamh ag iarrthóirí ar an bhfolúntas do Choimisinéir Teanga

Beidh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo an gearrliosta a bhaint amach scrúdú a dhéanamh in Ollscoil Mhá Nuad chun a léiriú go bhfuil leibhéal C1 TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) acu sa Ghaeilge scríofa

Scrúdú scríofa Gaeilge le déanamh ag iarrthóirí ar an bhfolúntas do Choimisinéir Teanga

Beidh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo an gearrliosta a bhaint amach don folúntas mar Choimisinéir Teanga scrúdú a dhéanamh in Ollscoil Mhá Nuad chun a léiriú go bhfuil leibhéal C1 TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) acu sa Ghaeilge scríofa.

Tá an folúntas do phost an Choimisinéara Teanga fógartha faoi dheireadh ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, breis is ceithre mhí ó d’fhógair an coimisinéir deireanach go raibh sé ag éirí as.

Tá fógra don fholúntas ar an suíomh publicjobs.ie agus scrúdú sa Ghaeilge scríofa mar cheann de na riachtanais a bheidh le comhlíonadh ag iarrthóirí.

Tá an scrúdú TEG ag cothú cainte i láthair na huaire agus é molta i ndréachtreachtaíocht go mbeadh ar iarrthóirí do thoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta léiriú go bhfuil leibhéal B2 sa Ghaeilge acu. Deir iarChathaoirleach amháin ar Bhord an Údaráis go bhfuil gá le scrúdú d’iarrthóirí chun da chinntiú go dtuigfidh siad an t-eolas a chuirfear os a gcomhair ach tá ráite ag iarChathaoirleach go bhféadfadh an scrúdú cainteoirí dúchais a chur ó dhoras.

Tá an caighdeán C1 a bheidh de dhíth ar iarrthóirí do phost an Choimisinéara Teanga ar an dara leibhéal teanga is airde faoin bhFráma Tagartha Comónta Eorpach.

Chomh maith leis an ardchaighdeán Gaeilge, tá eolas cuimsitheach ar chearta Gaeilge, ar dhualgais teanga an stáit agus ar na dúshláin éagsúla a bhaineann le seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ar riachtanais eile atá leagtha amach d’iarrthóirí.

Tá tuarastal €140,000 sa bhliain luaite le post an Choimisinéara.

Tá go dtí an Déardaoin, an 8 Meitheamh, ag iarrthóirí le cur isteach ar an bpost agus sceideal leagtha amach ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir leis na céad chéimeanna eile sa phróiseas earcaíochta.

Reáchtálfar na scrúduithe scríofa an tseachtain dar tús an 26 Meitheamh agus tá sé beartaithe agallaimh a reáchtáil dóibh siúd a n-éiríonn leo sa scrúdú an tseachtain dar tús an 3 Iúil 2023

D’fhéadfadh an fómhar a bheith ann go fóill sular líonfar an post agus é ráite cheana ag Roinn na Gaeltachta go bhféadfadh go dtógfadh sé suas le trí mhí chun iarrthóir a roghnú ó dháta an fhógra agus go bhféadfadh go mbeadh ar an iarrthóir a roghnófaí fógra 1-3 mhí a thabhairt sa phost reatha.

D’fhógair an Coimisinéir Teanga deireanach, Rónán Ó Domhnaill, mí Eanáir na bliana seo go raibh sé chun an post a fhágáil mí Feabhra agus post nua faighte aige le Coimisiún na Meán.

Dúirt an t-iarChoimisinéir Seán Ó Cuirreáin le Tuairisc an tseachtain seo caite gur “náire shaolta” an mhoill mhór a bhaineann le folúntas an Choimisinéara Teanga a líonadh.

Dúirt Ó Cuirreáin freisin go raibh sé in amhras faoin maíomh go bhféadfaí cumhachtaí an Choimisinéara “a tharmligean” le foireann na hoifige fad is atáthar ag fanacht le ceapachán coimisinéara nua.

Fág freagra ar 'Scrúdú scríofa Gaeilge le déanamh ag iarrthóirí ar an bhfolúntas do Choimisinéir Teanga'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Seo léiriú an-soiléir arís eile, má tá a leithéid de léiriú ag teastáil, rud nach bhfuil, go bhfuil an Ghaeilge ar leaba a báis agus nach bhfuil sa scrúdú Gaeilge seo ach cur i gcéill ag an státchóras, maisiúchán fuinneoige ar shiopa nach bhfuil earra ar bith fágtha le díol ann! Nó culaith éadaigh dofheicthe an impire úd! Ligimis di bás a fháil le dínit.