‘Náire shaolta’ an mhoill le ceapachán Coimisinéara Teanga – Seán Ó Cuirreáin

Dúirt Seán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir teanga a bhí ag an stát, le Tuairisc nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh pobal na Gaeilge fágtha chomh fada gan coimisinéir

‘Náire shaolta’ an mhoill le ceapachán Coimisinéara Teanga – Seán Ó Cuirreáin

Deir an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin gur “náire shaolta” an mhoill mhór a bhaineann le folúntas an Choimisinéara Teanga a líonadh.

Dúirt Roinn na Gaeltachta le Tuairisc aréir go raibh an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí ar tí an folúntas do choimisinéir teanga a fhógairt, breis is ceithre mhí ó d’fhógair an coimisinéir deireanach, Rónán Ó Domhnaill, go raibh sé ag éirí as.

Dúirt an Roinn roimhe seo go bhféadfadh sé mhí a bheith ann ón uair a fhógrófar an post go dtí go líonfar é.

D’fhágfadh sin go mbeadh an fómhar ann sula mbeadh Coimisinéir Teanga nua in oifig.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir teanga a bhí ag an stát, le Tuairisc nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh pobal na Gaeilge fágtha chomh fada gan coimisinéir.

“Sílim gur náire shaolta é amach is amach go mbeadh oiread moille le coimisinéir teanga a cheapadh.  Tá breis agus ceithre mhí ann ó d’fhógair Rónán Ó Domhnaill go raibh sé ag éirí as agus beidh roinnt mhaith míonna eile ann sula mbeidh duine i mbun oibre.

“Tá sé dochreidte go dtarlódh a leithéid sin. Ní dóigh liom go dtarlódh a leithéid le haon oifig reachtúil stáit eile den chineál seo.

“Níl sé inghlactha ar bhealach ar bith. Is measa fós an folús seo mar gur tugadh isteach reachtaíocht teanga le déanaí agus níl aon choimisinéir againn chun a ndualgais nua a mhíniú do chomhlachtaí poiblí agus a gcearta nua a mhíniú do phobal na Gaeilge.”

Dúirt Seán Ó Cuirreáin go raibh sé in amhras faoin maíomh go bhféadfaí cumhachtaí an Choimisinéara “a tharmligean” le foireann na hoifige fad is atáthar ag fanacht le líonadh an fholúntais.

“Tá na dualgais ar fad a bhaineann le hoifig an Choimisinéara Teanga dílsithe don choimisinéir féin, tá na dualgais curtha ar an choimisinéir agus ina dhiaidh sin eisean nó ise atá freagrach as an obair ar fad a tharlaíonn ansin,” arsa Seán Ó Cuirreáin.

“Nuair a imíonn an coimisinéir as oifig níl aon chumhacht reachtúil fágtha ag an oifig an obair sin a dhéanamh.

“Is féidir le daoine a bheith ag obair ann ach má tharlaíonn aon dúshlán cúirte mar shampla bheinn go mór in amhras an bhfuil sé de chead, nuair nach bhfuil coimisinéir ann, comhairle a chur ar eagraíochtaí stáit faoina gcuid dualgas, comhairle a chur ar fáil don phobal agus cinnte ní fhéadfaí gearáin a fhiosrú go foirmiúil ar bhealach ar bith.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin nach mairfeadh tarmligean cumhachtaí i ndiaidh imeacht coimisinéara.

“Tá a fhios agam go bhfuil caint ann gur féidir na cumhachtaí a tharmligean go dtí baill foirne ach ní mhaireann an tarmligean sin ach fad is atá an coimisinéir sin in oifig. Stopann an tarmligean sin a luaithe is atá an oifig folamh agus sílim go bhfuil ceisteanna bunúsacha ansin.”

I ráiteas ó Roinn na Gaeltachta aréir, dúradh go meastar go seolfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an comórtas do ról An Choimisinéara Teanga “sna laethanta beaga atá le teacht”. Tuigtear go bhféadfadh sin tarlú inniu féin fiú.

Dúradh i ráiteas na Roinne nach rabhthas “ag súil le héirí as iarshealbhóra an róil” agus go raibh ar an Roinn “próiseas foirmeálta a thosú chun faomhadh a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sular aontaíodh an próiseas comórtais agus ábhair ghaolmhara”.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios cheana gur ag deireadh mhí Eanáir a cuireadh tús leis an bpróiseas chun coimisinéir nua a earcú.

Ceapadh Rónán Ó Domhnaill mar Choimisinéir um Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Meán mí Feabhra.

Fág freagra ar '‘Náire shaolta’ an mhoill le ceapachán Coimisinéara Teanga – Seán Ó Cuirreáin'