Gá le scrúdú d’iarrthóirí ar thoghchán Gaeltachta ionas go mbeidh siad in ann ag ‘cinntí tábhachtacha’

Bhí iarchathaoirleach agus iar-phríomhfheidhmeannach de chuid Údarás na Gaeltachta i láthair ag cruinniú coiste i dTithe an Oireachtais tráthnóna chun plé a dhéanamh ar an mbille a bhfuil faoi toghchán an Údaráis a athbhunú

Gá le scrúdú d’iarrthóirí ar thoghchán Gaeltachta ionas go mbeidh siad in ann ag ‘cinntí tábhachtacha’

Anna Ní Ghallachair, iarchathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta atá ina cathaoirleach anois ar Bhord TG4

Is gá scrúdú Gaeilge a chur ar iarrthóirí ar Bhord Údarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeidh dóthain Gaeilge acu le “cinntí tábhachtacha” a dhéanamh, a deir iarchathaoirleach ar an eagraíocht.

Tá ceist an scrúdaithe d’iarrthóirí ar thoghchán an Údaráis ar cheann de na hábhair chainte is mó go dtí seo ag an tsraith cruinnithe atá á n-eagrú i dTeach Laighean chun scagadh a dhéanamh ar an mbille a thabharfaidh ar ais an toghchán boird ar cuireadh deireadh leis in 2012.

Bhí imní ar roinnt daoine a d’fhreastail ar na cruinnithe go gcuirfeadh an scrúdú Gaeilge d’iarrthóirí i dtoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta cainteoirí dúchais ó dhoras, ach deir Anna Ní Ghallachair, iarchathaoirleach ar an mbord, go bhfuil géarghá lena leithéid.

De réir phlean an Rialtais bheadh caighdeán Gaeilge B2 faoin bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) ag teastáil ó iarrthóirí agus deir Anna Ní Ghallachair go mbeadh an caighdeán sin “ar a laghad” ag teastáil ó chomhaltaí boird.

“Mura bhfuil leibhéal B2 ar a laghad ag na comhaltaí, beidh siad ag déanamh cinntí tábhachtacha gan an t-eolas cuí,” a deir Anna Ní Ghallachair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean tráthnóna.

Dúirt sí nach bhféadfaí tabhairt faoi obair an Bhoird “le leibhéal níos lú Gaeilge ná sin” agus go raibh an baol ann go dtoghfaí daoine ar bheagán Gaeilge sa chás nach mbeadh caighdeán áirithe leagtha síos sa reachtaíocht.

“Má fhágtar nach bhfuil aon chosaint reachtúil ann tá seans ann go dtoghfar comhaltaí ar bheagán Gaeilge nó gan an inniúlacht chuí sa teanga agus nach mbeidh siad ábalta a ndualgais mar ionadaithe agus mar chomhaltaí a chomhlíonadh mar ba chóir.

“Tá go leor scríofa faoi thábhacht na dteangacha sa daonlathas.”

Dúirt Anna Ní Ghallachair, a bhí ina stiúrthóir ar an ionad in Ollscoil Mhá Nuad a d’fhorbair an tsraith scrúduithe Gaeilge atá i gceist, gurb í fírinne an scéil ná go mbíonn an chuid is mó de na cáipéisí́ a chuirtear faoi bhráid Bhord an Údaráis ag leibhéal C1 nó C2 den FTCE, an dá leibhéal os cionn an B2.

“Fiú le leibhéal B2 ag toiseacht dóibh, beidh go leor oibre i gceist do na comhaltaí́ le teacht isteach ar an téarmaíocht a bhaineann leis an chuntasaíocht agus leis an dlí, mar shampla.

“I bhfianaise na bhfreagrachtaí́ atá ar chomhaltaí́ Boird, tá sé ríthábhachtach go dtuigeann siad an t-eolas uilig a chuirtear faoina mbráid agus impleachtaí́ na gcinntí a dhéanann siad agus na bhfreagrachtaí atá orthu.”

Mar sin féin, mhol an t-iarchathaoirleach nach mbeadh gá ag comhaltaí leis na scileanna teanga uilig ag leibhéal B2 – an chaint, an léitheoireacht, an chluastuiscint agus an scríobh. Ba leor ina tuairim B2 sa léitheoireacht agus sa chaint “mar gurb iad seo na scileanna is mó a theastaíonn don obair”.

Bhí amhras mór ar Anna Ní Ghallachair chomh maith an bhféadfaí cothromaíocht inscne a bhaint amach ar an mbord faoin gcóras atá molta sa bhille – deichniúr ball a thoghfaí agus seisear eile a cheapfaí trí chomórtas poiblí.

“I dtaca leis an chóras ceapacháin atá molta, ní fheicim caidé mar is féidir a chinntiú go mbeidh cothromaíocht inscne ar an Bhord,” arsa Anna Ní Ghallachair.

Dúirt sí gur eagal léi go mbeadh “barraíocht ag brath” ar an seisear a bheadh le ceapadh faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

“An bhfuil muid sásta dul sa seans gur trí chóras PAS a ainmneofar na mná (nó fir), gur as an tseirbhís phoiblí a bheidh siad ag teacht agus nach mbeidh siad i dteideal táille ar bith a fháil as a gcuid oibre, cé gur minic go mbeidh an obair sin sa bhreis ar na cúraimí atá orthu ina bpostanna buana?

“Mar chathaoirleach, tá sé fíordheacair bord bunaithe ar dhá chóras ceapacháin a láimhseáil mar go mbíonn an chuma air nach bhfuil sé cothrom.”

Dúirt sí chomh maith gur gá freastal ar na riachtanais a bhaineann le cúrsaí máithreachais chun iolrachas boird a bhaint amach.

“Faoi láthair, ní aithníonn an córas go bhfuil a leithéid de rud ann ar bhoird stáit. Ba chóir é sin a chur ina cheart.”

Micheál Ó hÉanaigh

Ag an gcruinniú céanna i dTeach Laighean, dúirt iar-phríomhfheidhmeannach de chuid an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh, gur cheart go mbeadh cumhacht ag na coistí réigiúnacha atá le bunú faoin reachtaíocht méid áirithe maoinithe a cheadú.

“Bheadh seo ag luí le dea-chleachtas coimhdeachta agus ag baint leas as eolas áitiúil. Bhainfeadh seo roinnt mhaith brú ó Bhord an Údaráis fhéin agus thabharfadh sé níos mó ama dóibh ag a gcruinnithe chun díriú ar ghnóthaí straitéiseacha ábhartha.”

Dúirt Ó hÉanaigh chomh maith go raibh easpa foirgneamh oiriúnacha ar an Údarás faoi láthair agus go raibh sé sin “ag cur isteach ar chumas na heagraíochta gnónna atá ann cheana féin a bhuanú agus a mhéadú, agus gnónna nua a mhealladh”.

Chaithfí infheistíocht a dhéanamh i maoin an Údaráis agus chun “spás fiontraíochta breise” a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Mhol sé chomh maith go bhféachfaí ar bhealaí go bhféadfadh an tÚdarás cabhrú le dul i ngleic le “géarchéim tithíochta na Gaeltachta”.

Dúirt sé go mbeidh an ghéarchéim seo ag cur as “do gach gné d’inmharthanacht na Gaeltachta – eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha” nó go bhfaighfí réiteach uirthi.

Dúirt sé go bhféadfadh “athchóiriú agus athúsáid an stoc tithíochta tréigthe sa Ghaeltacht a bheith mar chuid thábhachtach den réiteach air seo”.

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh go gcaithfí a chinntiú go mbeadh dóthain daoine tofa ar an mbord chun freastal ar áiteanna ar bheagán daonra i gConamara agus i nDún na nGall.

Dúirt Anna Ní Ghallachair gur chóir go mbeadh dhá chomhalta ag Ciarraí agus triúr ag Dún na nGall, seachas duine amháin do Chiarraí agus beirt do Dhún na nGall, mar atá molta sa Bhille.

Bhí ceantair Ghaeltachta scoite amach óna chéile sa dá áit, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na hoileáin i gcás Dhún na nGall, a dúirt sí.

 

 

Fág freagra ar 'Gá le scrúdú d’iarrthóirí ar thoghchán Gaeltachta ionas go mbeidh siad in ann ag ‘cinntí tábhachtacha’'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Má ghlactar leis an loighic seo maidir le hinniúlacht Ghaeilge iarrthóirí ar bhord Údarás na Gaeltachta a mheas trí scrúdú Gaeilge, chaithfí ansin an rud céanna (sin cothromaíocht!) a dhéanamh i gcás an Bhéarla de do theachtaí dála i nDáil Éireann agus do chomhairleoirí contae. Is cinnte go mbíonn doiciméid i mBéarla le léamh acu sin agus chaithfí a chinntiú go bhfuil dóthain Béarla acu na doiciméid sin a thuiscint, a mheá agus tuairim a thabhairt fúthu. Ar ndóigh ní tharlóidh sé sin. Seo léiriú agus léiriú an-soiléir nach bhfuiltear ag caitheamh leis an nGaeilge ná lucht labhartha na Gaeltachta ar an gcaoi chéanna agus atá le pobal an Bhéarla sa tír seo. Ceist eile í ar ndóigh an mbeadh an scrúdú Gaeilge ag dul glan i ngleic le Bunreacht na hÉireann?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní ghlacaim le do mhíniú a Mhíchíl Uí Fhlaithearta. Tá cosaint ar leith a dhith ar an Ghaeilg – rud nach bhfuil a dhith ar an Bhéarla nó tá’n teanga sin ag truailliú an domhain.
    Cha raibh dúil ariamh agam ag déanamh scrúduithe agus níl go dtí’n lá inniu ach, mar sin féin, bíonn orm iad a dhéanamh. Ní aontaím leo. Cuireann siad an-chuid brú orm agus nuair a bhíonn said thart ní chuimhním an mhórchuid a rinne mé staidéar air. Déarfainn go bhfuil sé mar an gcéanna le cuid mhaith daltaí scoile agus micléinn.
    Muna ndéanfar an scrúdú TEG and bhfuil dóigh eile chun cuidiú a thabhairt do chomhaltaí an Údaráis le theacht isteach ar chúrsaí riaracháin trí mheán na Gaeilge?