Imní go gcuirfidh scrúdú riachtanach Gaeilge iarrthóirí Gaeltachta ‘ó dhoras’ i dtoghchán Údarás na Gaeltachta

An scrúdú Gaeilge d’iarrthóirí, ionadaíocht na gceantar Gaeltachta agus cé a bheadh in ann seasamh don toghchán – b’in cuid de na ábhair a pléadh agus ceannteidil Bhille Údarás na Gaeltachta faoi chaibidil i dTeach Laighean

Imní go gcuirfidh scrúdú riachtanach Gaeilge iarrthóirí Gaeltachta ‘ó dhoras’ i dtoghchán Údarás na Gaeltachta

Léiríodh imní ag cruinniú i dTeach Laighean inné go gcuirfeadh scrúdú Gaeilge d’iarrthóirí i dtoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta cainteoirí dúchais ó dhoras.

Tá sé beartaithe ag an Rialtas go mbeidh caighdeán B2 TEG ag teastáil ó chomhaltaí an chéad bhord eile de chuid an Údaráis, ach tá ráite ag iarChathaoirleach ar an Bhord go bhfuil imní air nach mbacfaidh daoine cumasacha seasamh don toghchán má bhíonn scrúdú le déanamh acu.

Mar chuid den scrúdú réamhreachtaíochta ar an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022, ar cuireadh tús leis i dTeach Laighean inné, dúirt an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh go raibh baol ann go gcuirfeadh riachtanas an chaighdeáin B2, an caighdeán céanna a mbítear ag súil leis chun go bhféadfadh duine dul faoi oiliúint mar mhúinteoir bunscoile, as do dhaoine a bheadh ag smaoineamh a n-ainm a chur chun cinn don toghchán.

“Go síceolaíoch, chomh maith le gach rud eile, bheadh beagáinín imní orm faoi rud chomh beacht le B2 a bheith luaite go sonrach agus gan aon rud curtha leis. Is féidir go gcuirfeadh sé daoine fiúntacha ó dhoras, go mbeadh rud éigin acadúil i gceist,” a dúirt an tOllamh Ó Tuathaigh.

“Is féidir fiú amháin le daoine nach mbeadh aon deacracht acu an cháilíocht a bhaint amach ach go dtabharfaidís droim láimhe le rud, daoine a bheadh éifeachtach mar cheannairí pobail nó a bheadh go maith ag déanamh rudaí.”

Dúirt an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh gur thuig sé go raibh contúirt ann go mbeadh “sleamhnú siar ann” i dtaobh an chaighdeáin Ghaeilge a bheadh ag iarrthóirí mura mbeadh caighdeán áirithe luaite sa reachtaíocht ach dúirt sé go mbeadh sé féin i bhfabhar go mbeadh caighdeán B2 “nó a chomhionann” ag teastáil.

Géarchéim teanga agus teorainneacha na Gaeltachta faoi chaibidil i dTeach Laighean

Ghéill sé go raibh gá le machnamh a dhéanamh ar céard go díreach a bheadh i gceist ansin.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh sé “idir dhá chomhairle” maidir leis an riachtanas B2 ach go raibh baol nach mbeadh suim ag daoine áirithe a bheith ar an mBord dá mbeadh scrúdú le déanamh.

“Bheadh faitíos ormsa go mbeadh go leor cainteoirí dúchasacha agus gníomhaithe pobail lán-Ghaelach sa Ghaeltacht nach mbeadh in ann [leibhéal] B2 a bhaint amach,” a dúirt Ó Cuiv.

Bíonn scrúdú cainte, cluastuiscint, léamhthuiscint agus scríbhneoireacht mar chuid den scrúdú do Theastas Eorpach na Gaeilge agus caithfidh duine ar a laghad marc 50% a fháil chun pas a shaothrú.

Dúirt an gníomhaí pobail Donncha Ó hÉallaithe nach raibh aon fhadhb mhór aige leis an riachtanas B2.

“Má chaitheann tú BER Rating a fháil do do theach chun painéal gréine a chur isteach, cén locht a bheadh ar B2 rating a fháil má tá tú ag iarraidh a bheith mar bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta,” a dúirt Ó hÉallaithe.

Donncha Ó hÉallaithe

Bhí an scrúdú Gaeilge, ionadaíocht na gceantar Gaeltachta ar Bhord an Údaráis, agus cé a bheadh in ann seasamh don toghchán i measc na n-ábhar a pléadh le linn an chruinnithe a reáchtáil Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir le ceannteidil Bhille an Údaráis.

Fáilte den chuid is mó a cuireadh roimh an leagan amach atá molta. D’aontaigh formhór na bpolaiteoirí agus na bhfinnéithe go mbeadh meascán de bhaill thofa agus baill roghnaithe ar an mbord agus nach mbeadh cead ag comhairleoirí contae nó polaiteoirí eile seasamh don toghchán.

Faoin reachtaíocht, beidh ionadaíocht bhuan ag gach ceantar Gaeltachta ar an mbord ach bhí amhras ar an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh ar leor an bheirt bhall atá beartaithe do Ghaeltacht Dhún na nGall.

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe freisin go raibh “dearmad” déanta ar na hoileáin Ghaeltachta agus gur chóir ionadaíocht bhuan a bheith ar an mbord ag pobail na n-oileán toisc go mbíonn fadhbanna agus riachtanais ar leith acu.

Dúirt Éamon Ó Cuív gur fhág daonra Inis Mór gur duine as Árainn a thoghfaí “chuile uair” dá ndéanfaí ionadaí a thoghadh ar son phobal na n-oileán, ach dúirt Ó hÉallaithe go bhféadfaí an bhallraíocht a mhalartú ó oileán go hoileán mar a dhéantaí roimhe seo leis na ceantair Ghaeltachta bheaga.

D’fhiafraigh Cathaoirleach an Choiste Oireachtais Aengus Ó Snodaigh ar cheart a scrúdú cé acu an leigheasfadh níos mó ball tofa an fhadhb, ach léiríodh amhras freisin faoi bhord rómhór a bheith ann.

Mhol Ó hÉallaithe freisin go mbeadh baint ag na heagraíochtaí pobail Gaeltachta leis an bpróiseas roghnúcháin d’iarrthóirí. Mhol an gníomhaí pobail agus taighdeoir go mbeadh ar iarrthóir ainmniúchán a fháil ó thrí eagraíocht phobail a bheadh cláraithe leis an Údarás chun seasamh sa toghchán ach ghlac sé go mb’fhéidir nach raibh an t-am ann chun a leithéid de chóras a chur i bhfeidhm roimh fhilleadh an toghcháin an bhliain seo chugainn.

Mheas Conradh na Gaeilge go mbeadh ainmniúchán ón earnáil pleanála teanga, ó Chomhlachas na gComharchumann Gaeltachta agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe, ó Chonradh na Gaeilge agus ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann i measc na mball roghnaithe ar an mBord.

Mhol Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha, chomh maith go mbeadh cead vótála sa toghchán teoranta do dhaoine i gceantair a bhfuil feidhm ag an Údarás iontu ó thaobh na tionsclaíochta, moladh a d’fhágfadh nach mbeadh vóta ag daoine, mar shampla, sna ceantair Ghaeltachta i gcathair na Gaillimhe. Bhí an Conradh den tuairim freisin gur cheart machnamh a dhéanamh ar ligean do dhaoine ar tógadh sa Ghaeltacht iad ach nach bhfuil ina gcónaí laistigh de theorann na Gaeltachta anois seasamh sa toghchán.

Bhí cuid mhaith de na finnéithe agus na polaiteoirí den tuairim freisin gur chóir athmhachnamh a dhéanamh ar an bhforáil atá sa Bhille maidir le coistí réigiúnacha. De réir na gceannteideal, bunófar dhá choiste réigiúnach ar a mbeidh comhaltaí Boird, ceann do cheantair Ghaeltachta na Mumhan agus ceann eile do Ghaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus na Mí.

Dúirt an tOllamh Ó Tuathaigh nach léir cén bonn nó critéar ar a bhfuil an moladh bunaithe ach nach féidir gur ar bhonn daonra a socraíodh an ghrúpáil. Dúirt Donncha Ó hÉallaithe go raibh leagan amach na gcoistí “místuama” agus moladh go bhfágfaí faoin mBord féin é coistí a bhunú chun dul i ngleic le pé ábhair ba mhian leo.

Faoi mar atá beartaithe, beidh Aire na Gaeltachta in ann ball tofa nó ball roghnaithe a ainmniú mar Chathaoirleach ar Bhord an Údaráis ach mhol Ó Tuathaigh gur baill roghnaithe amháin a bheadh san áireamh don ról toisc go gcruthódh ceapachán ball tofa “conspóid agus deacrachtaí nach gcuideodh le feidhmiú éifeachtach an Údaráis”.

Dúradh chomh maith ag an gcruinniú gur beag fiúntas a bhainfidh le toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais mura dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na teanga agus ar cheist achrannach theorainneacha na Gaeltachta, a dúradh i dTeach Laighean tráthnóna inné.

Fág freagra ar 'Imní go gcuirfidh scrúdú riachtanach Gaeilge iarrthóirí Gaeltachta ‘ó dhoras’ i dtoghchán Údarás na Gaeltachta'

  • Seán ÓM

    Bheadh B2 fíor-easca d’aon chainteoir dúchais. Fiú má chailleannn síad cúpla pointe mar gheall ar litriú caighdeánach, tiocfaidh síad tríd gan stró.

    Sí an fhadhb ná nach bhfuil mórán taithí ag daoine ar an gcóras TEG/CEF go fóill agus beidh imní ar dhaoine go bhfuil sé cosúil leis an Ardteist scoile – rud nach bhfuil fíor ctridim.

    Cén chaoi eolas a scaipeadh faoi “céard is TEG ann?” agus “an bhfuil an scrúdú cosúil leis an diabhal Ardteist scoile sin?”

  • Seán ÓM

    Oh – agus bíonn airgead i gceist chun an scrúdú a dhéanamh – cé mhéad vótai a chaitheadh mé a fháil sa toghchán chun mo chuid airgid don scrúdú a fháil ar ais?

    5% acu, 10% acu, bua sa toghchán, vóta amháin?

  • Lillis Ó Laoire

    Cruthú eile, má tá ceann ag teastáil, go bhfuil an Ghaeltacht i ndeireadh na péice.

  • Quinton Beck

    An té nach mbeadh sásta scrúdú gearr éasca a dhéanamh níl a fhios agam an mbeadh sé sásta obair a dhéanamh ar an gcoiste.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Agus tá an sorcas tosaithe cheana féin!