Géarchéim teanga agus teorainneacha na Gaeltachta faoi chaibidil i dTeach Laighean

Inniu a chuir Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tús lena scrúdú ar an dréachtbhille a athbhunóidh toghchán Bhord an Údaráis, ar cuireadh deireadh leis in 2012

Géarchéim teanga agus teorainneacha na Gaeltachta faoi chaibidil i dTeach Laighean

Is beag fiúntas a bhainfidh le toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais mura dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na teanga agus ar cheist achrannach theorainneacha na Gaeltachta, a dúradh i dTeach Laighean tráthnóna.

Inniu a chuir Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tús lena scrúdú ar an dréachtbhille a athbhunóidh toghchán Bhord an Údaráis, ar cuireadh deireadh leis in 2012.

Ag labhairt dó ag cruinniú an Choiste tráthnóna, dúirt an sochtheangeolaí aitheanta Conchúr Ó Giollagáin gurb é meafar chathaoireacha deice an Titanic a d’oir don chaint faoin toghchán i bhfianaise ghéarchéim na Gaeltachta.

“Sa treocht dhoshéanta chun na hIar-Ghaeltachta, maithfidh sibh dom é má chuirim meafar an Titanic ag obair sa díospóireacht faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta.

“Cén mhaith babhtáil thimpeall ar ionadaithe Bhord an Údaráis nuair atá an Ghaeltacht thrí chéile ag déanamh ar chnap mór leac oighir? Is é leasú ó bhonn ar chur chuige iomlán an Stáit sa nGaeltacht a theastaíos seachas plé teoranta orthu siúd a dhéanfas ionadaíocht ar status quo beagfhiúntais,” arsa Conchúr Ó Giollagáin.

“Daonlathas lucht an Bhéarla” a bheadh sa toghchán dá mbeadh cead vótála ag daoine i gceantair oifigiúla na Gaeltachta go léir, a mhaígh Ó Giollagáin. Thagair sé do na figiúirí daonáirimh faoi labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht, figiúirí a léirigh gur thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586.

“Ní bhaineann ach an cúigiú cuid de dhaonra na Gaeltachta Oifigiúla le ceantracha a bhfuil bonn sóisialta le labhairt na Gaeilge iontu. Sa gcás seo, beidh baill thofa Bhord an Údaráis ag déanamh ionadaíochta ar cheathrar as pobail Bhéarla na Gaeltachta in aghaidh duine amháin a bhaineann le ceantar Gaelach.

“Seo daonlathas lucht an Bhéarla san eagraíocht a cruthaíodh do na Gaeil. Cá bhfágfar daonlathas na nGael sa toradh seo? Ní fhéadfadh éifeacht dhearfach a bheith ag Gaeil ar a gcuid cúinsí deacra féin nuair atá tosaíocht mar seo á tabhairt do riachtanais chainteoirí Béarla ar fhéiniúlacht na Gaeltachta.”

Dúirt an staraí mór le rá Gearóid Ó Tuathaigh gurb é an comhthéacs a bhain leis an bplé faoin Údarás ná “síorchreimeadh na Gaeltachta, mar bhunphobal teanga, thar thréimhse fhada – an próiseas creimthe ag brostú go síoraí seasta le breis is leathchéad bliain anuas”.

Dúirt Ó Tuathaigh gur gá scrúdú a dhéanamh ar chumhachtaí agus cúraim Údarás na Gaeltachta féachaint ar leor iad chun dul i ngleic “le géarchéim phráinneach na Gaeltachta”.

Bhí an Bille “faoi scáth” mhórcheisteanna ghéarchéim na Gaeltachta agus theorainneacha na Gaeltachta, a dúirt sé.

“Mar shampla, ceist íogair í cé aige a mbeidh vóta i dtoghcháin do bhallraíocht ar Údarás na Gaeltachta i limistéir atá go hoifigiúil sa Ghaeltacht, ach a bhfuil pobal láidir Béarlóirí, daoine nach bhfuil Gaeilge acu nó atá ar bheagán Gaeilge, tar éis lonnú iontu, mar shampla, bruachbhailte ar imeall chathair na Gaillimhe?”

Dúirt Gearóid Ó Tuathaigh go raibh gá le hathbhreithniú “níos cuimsithí agus níos dúshlánaí” a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta agus ar chur chuige straitéiseach an Stáit “i leith neartú agus buanú an bhunphobail teanga sa Ghaeltacht”.

Ach sin a bheith déanta, a dúirt sé, bheadh dealramh ansin “le grinniniúchadh ar ról, cumhachtaí agus cúraim Údarás na Gaeltachta i gcur chun cinn na straitéise sin”.

Dúirt Gearóid Ó Tuathaigh gur “deacair breithiúnas cóir, meáite” a thabhairt ar an gcóras toghcháin agus vótála a bhí molta gan ceist “casta agus conspóideach” theorainneacha na Gaeltachta a scrúdú.

Ar cheist theorainneacha na Gaeltachta a dhírigh an gníomhaí pobail agus taighdeoir Donncha Ó hÉallaithe chomh maith, ceist a bhfuil aird á tarraingt aige féin uirthi le blianta fada.

Níor cheart, a dúirt sé, go mbeadh vóta ag daoine i gcathair na Gaillimhe i dtoghchán an Údaráis.

Dá dtabharfaí an cead sin do dhaoine atá lonnaithe i gceantair oifigiúla na Gaeltachta sa chathair bheadh “níos mó daoine i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghchán an Údaráis i gcathair na Gaillimhe ná i gConamara ar fad, ó Bhearna go Carna, de réir figiúirí dhaonáireamh 2016”.

Chomh maith leis sin, ní bhíonn Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú i gceantair na cathrach fad is a bhaineann sé le cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta, a dúirt Ó hÉallaithe.

“Aithníodh é sin nuair nár tugadh aon ionadaíocht ar Bhord an Údaráis do Bhardas na Gaillimhe sa reachtaíocht Acht na Gaeltacht 2012. Má bhíonn 10,000 vóta i gCathair na Gaillimhe agus na toghcháin á reáchtáil, mar atá beartaithe is cosúil, ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla, d’fhéadfadh sé an toghchán a chur as a riocht.”

Dúirt Ó hÉallaithe go bhféadfaí géilleadh don “éadóchas” maidir le “creimeadh” na Gaeltachta ach gur dóigh leis féin “nach bhfuil an rogha sin againn”. Ba mhar a chéile cás na Gaeltachta agus an t-athrú aeráide sa mhéid sin, a dúirt sé. Dúirt an gníomhaí teanga agus pobail go gcaithfí féachaint go “fuarchúiseach” ar an straitéis atá faoi láthair ann agus í a fheabhsú. Bhí muintir na Gaeltachta ag brath ar Údarás na Gaeltachta “thar aon dream eile” mar gurb iad an dream is “tábhachtaí” fad is a bhain sé “leis an nGaeltacht a choinneáil beo”.

Mhol Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge chomh maith go mbeadh cead vótála sa toghchán teoranta do dhaoine i gceantair a bhfuil feidhm ag an Údarás iontu ó thaobh na tionsclaíochta, moladh a d’fhágfadh nach mbeadh vóta ag daoine, mar shampla, sna ceantair Ghaeltachta i gcathair na Gaillimhe.

Mhaígh Conchúr Ó Giollagáin mura dtabharfaí aghaidh ar an bhfírinne “lom” faoi ghéarchéim na Gaeltachta, nach mbeadh de chúram ar na forais Ghaeltachta ach “ceilt a dhéanamh ar an scrios atá á dhéanamh ar bhonn sóisialta na Gaeilge dúchais”.

Ní dhéanfadh an Bille leas na Gaeltachta mar go raibh na “tuiscintí” ar a raibh sé bunaithe “rómhór as dáta”.

“Sa gcoibhneas cumhachta seo idir cainteoirí gníomhacha Béarla agus Gaeilge, ní bheidh san atheagar ar Bhord an Údaráis ach sampla eile de dhíchumhachtú na nGael ina limistéar fhéin – is é sin, an eagraíocht Ghaeltachta ag bainistiú teacht i dtreis an Bhéarla sna limistéir Ghaelacha.”

Fág freagra ar 'Géarchéim teanga agus teorainneacha na Gaeltachta faoi chaibidil i dTeach Laighean'

  • Pól

    Caithfear teorannacha na gaeltachta a athdhéanamh agus díriú ansin ar na ceantair a labhraítear an Ghaeilge mar phríomhtheanga iontu. Ní chuirfinn ceist i nGaeilge ar strainséir i gcathair na Gaillimhe mar a chuirfinn ar strainséir i Leitir Mealláin.