Scéal na hÚcráine agus Trump – an iarraidh a mharaigh an mhuc?

Ní raibh fonn ar cheannairí na nDaonlathach tús a chur roimhe seo le próiseas táinsimh. Céard atá athraithe an tseachtain seo?

Scéal na hÚcráine agus Trump – an iarraidh a mharaigh an mhuc?

Ó toghadh Donald Trump ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe beagnach trí bliana ó shin, is beag lá nach raibh caint ar a tháinseamh. Ba léir gach uair a ndearnadh an chaint sin nach raibh aon fhonn ar na Daonlathaigh an bóthar sin a thabhairt orthu féin.

I rith an ama ar fad a raibh Robert Mueller i mbun fiosraithe faoi na líomhaintí gur chuir an Rúis a ladar a bhfeachtas toghcháin 2016 ar mhaithe le cuidiú le feachtas Donald Trump, bhí tráchtairí agus polaiteoirí ag trácht ar tháinseamh.  Tá sciar den phobal freisin ag áitiú ar Theach na Comhdhála gníomhú in aghaidh an Uachtaráin faoi líomhaintí maidir leis an gcóras dlí a chur as a riocht, aimhleas a bhaint as conarthaí rialtais agus bréaga a insint. Ní raibh fonn ar cheannairí na nDaonlathach sin a dhéanamh.

Céard atá athraithe an tseachtain seo?

Cén fáth go bhfuil Nancy Pelosi sásta go bhfuil an oiread i gceist leis an scéal seo faoin Úcráin agus a shásódh coinníollacha an Bhunreachta maidir le táinseamh Uachtaráin? Faoi Bhunreacht na Stát Aontaithe is féidir Uachtarán a tháinseamh sa gcás go mbeadh ‘conviction of treason, bribery and high crimes or misdemeanors’ i gceist. Is faoi Theach na nIonadaithe atá sé na cúiseanna a chur i dtoll a chéile. Is é an Seanad a fheidhmíonn mar ghiúiré. Teastaíonn móramh dhá dtrian sa Seanad le hUachtarán a chiontú.

Cén bunús, mar sin, atá le scéal seo na hÚcráine? Baineann an cás ar fad le glaoch gutháin a rinne Donald Trump inar chuir sé sé brú ar Uachtarán nua na hÚcráine, Volodymyr Zalensky, fiosrúchán a bhunú faoi mhac an iarLeas-Uachtaráin Joe Biden.

Bhí Hunter Biden fostaithe ina stiúrthóir ag comhlachtaí Burisma Holdings le cúig bliana anuas. Tá Trump ag diúltú cúnamh fóirithinte 400 milliún dollar a íoc leis an Úcráin nó go bhfaighidh sé tuilleadh eolais faoi ról mhuintir Biden sa tír sin. Tá sé réasúnta soiléir ó na sonraí faoin nglaoch teileafóin a foilsíodh tráthnóna inné gur chuir Trump brú ar údaráis na hÚcráine. D’iarr sé orthu oibriú i gcomhar lena dhlíodóir pearsanta Rudi Giuliani agus an tArd-Aighne William Barr le fiosrúchán a reáchtáil faoi mhuintir Biden.

Sárú ar a mhóid oifige agus aimhleas á bhaint aige as a chumhacht mar Uachtarán é sin, a deir Nancy Pelosi, ceannaire na nDaonlathach. Tá ordú tugtha aici tús a chur le próiseas táinsimh.

Seafóid agus géarleanúint pholaitiúil atá sa scéal ar fad, a deir Trump. Níl i gceist leis ach dochar a dhéanamh dó sa bhfeachtas lena thoghadh in athuair mar Uachtarán. Agus tá cuid mhaith den cheart aige.

Ciallaíonn uimhríocht na comhdhála faoi láthair nach n-éireoidh le táinseamh mura dtréigeann roinnt Seanadóirí Poblachtacha a bpáirtí.

Cén fáth atá leis mar sin? B’fhéidir gurb é scéal na hÚcráine an iarraidh a mharaigh an mhuc. Tá roinnt tráchtairí den tuairim go gcreideann na Daonlathaigh go bhfuil bunús maith san eachtra seo ar fad le cúiseanna breabaireachta a chur i dtoll a chéile. Ní féidir mar sin féin an ghné pholaitiúil den scéal a cheilt. Tá an chosúlacht air faoi láthair gurb é Joe Biden a bheidh mar iarrthóir sa toghchán ag na Daonlathaigh.

Tá sé i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna, cé go bhfuil tacaíocht Elizabeth Warren ag neartú agus í ag breith air.

Nár dheas an rud a bheith in ann beagán conspóide a chothú faoina chuid blianta mar Leas-Uachtarán sna míonna roimh thoghchán uachtaránachta?

Mar a tharlaíonn, b’fhéidir gur rith an rud céanna le Nancy Pelosi faoi Donald Trump.

Fág freagra ar 'Scéal na hÚcráine agus Trump – an iarraidh a mharaigh an mhuc?'