Scéal, fainic agus cuntas eile nár chóir a dhearmad agus RTE á phlé

Bhí meon ann i gcónaí go raibh RTÉ bunaithe ar dhá bhunphrionsabal – go bhfuil gach oibrí fostaithe ag seirbhís phoiblí, agus gur chóir gach cent ó bhuiséad RTÉ a chaitheamh ar fhreastal ar an bpobal

Scéal, fainic agus cuntas eile nár chóir a dhearmad agus RTE á phlé

Bhí obair an lae déanta beagnach. Bhí an tuairisc dheireanach ar chruinniú cheannairí an AE á cur in eagar agam. Craoladh nuachta amháin eile le déanamh agus dinnéar romham ar mo sháimhín só in Amsterdam.

Bhí lá spaisteoireachta sa chathair álainn romham an lá dár gcionn, saor ó chúraimí oibre. An fáth: ní raibh suíochán ar fáil ar eitleán go Baile Átha Cliath go dtí an lá ina dhiaidh sin.

Bheinn díomhaoin mar sin i gcathair na gcanálacha agus RTÉ ag íoc as costas an óstáin.  Nó b’in a shíl mé.

Chuir glaoch gutháin ó oibrí i rannóg taistil an stáisiúin deireadh le m’aisling. Bhí suíochán ar eitleán moch maidine curtha in áirithe aici dom, a dúirt sí liom. Ní bheadh orm lá gan ghá a chaitheamh i gcéin a bhuí lena dianchuardach ar líne. Bheinn ar ais in Éirinn go gairid tar éis am bricfeasta.

Ghabh mé buíochas léi cé gur dóigh gur chuala sí an t-aiféala i mo ghlór. Bheadh costas mo thurais thart ar €200 níos lú de thoradh a saothair. Bheadh an méid sin ar fáil do thuras fiúntach a bheartódh ann rannóg nuachta nó rannóg eile sa stáisiún.

Tháinig díograis na mná sin fadó chun cuimhne ar chloisteáil comhrá eile faoin ngéarchéim in RTÉ atá á plé go tréan le breis agus coicís. Ní díograis dá leithéid amháin ach meon dá leithéid a theastaíonn anois ag gach leibhéal den stáisiún.

Bhí an meon sin bunaithe i gcónaí ar dhá bhunphrionsabal: go bhfuil gach oibrí in RTÉ fostaithe ag seirbhís phoiblí, agus gur chóir gach cent ó bhuiséad RTÉ a chaitheamh chun freastal ar an bpobal.

Tháinig cuntas seachas na cuntais atá ag náiriú an stáisiúin faoi láthair chun cuimhne le linn comhrá raidió faoi dhroch-chuntasaíocht agus easpa trédhearcachta (ar a laghad) sa stáisiún. Tá díograis agus tuairisceoireacht chothrom na gclár nuachta agus cúrsaí reatha in RTÉ ar ghéarchéim an stáisiúin molta ag scata polaiteoirí – moladh tuillte go hard.

Sin ráite, is fiú cuimhneamh agus beartais a theastóidh chun teacht as an ngéarchéim á bplé, ar raon leathan na gclár eile a chraoltar ar stáisiúin raidió agus teilifíse RTÉ. Raon atá chomh leathan mar a léirítear fiú i gcuntas samplach mar seo:

Cosán na mBan, Ear to the Ground, Fair City, Beo Ar Éigean, Arena, The Rolling Wave, Aistí ón Aer, The History Show, Countrywide, Eco Eye, Sunday Miscellany, clár John Bowman, Neven’s Green Way, The Business, Comhrá an Tráthnóna, Culture File, Nationwide, agus scata clár eile (gan cláir spóirt a chur san áireamh).

Tuigtear i dTeach Laighean go bhfuil géarchéim airgeadais ag teannadh le RTÉ. Níltear ábalta ná toilteanach a doimhneacht a mheas toisc nach féidir brath ar chuntasacht ná ar chuntasaíocht na bhfeidhmeannach sinsearach.

Thug an Taoiseach agus Aire na Meán Catherine Martin le fios go mb’fhéidir go mbeadh gá le cabhair tharrthála ón rialtas. Ní léir fós áfach an t-atheagrú a bheidh riachtanach sa stáisiún sula mbeartófar tarrtháil ar bith.

Idir an dá linn áfach, is fiú cuimhneamh ar an ngearrchuntas thuas ar aschur fiúntach RTÉ.  Thagair an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe go hindíreach don aschur craolta sin nuair a dúirt sé go mbeadh gá le RTÉ nuair a bheidh deireadh ráite faoin gconspóid reatha.

Fainic mar fhocal scoir. Rachaidh Kevin Bakhurst, iarcheannaire nuachta RTÉ, i mbun oibre go hoifigiúil mar phríomhstiúrthóir Dé Luain. Tá meas ag an scríbhneoir seo, a d’oibrigh ina theannta, air mar dhuine ionraic agus cumasach.

Dúirt Bakhurst Déardaoin gur athchothú muiníne a phríomhghnó. Ní féidir a bheith cinnte go n-éireoidh leis ach b’fhiú don phobal agus do pholaiteoirí glacadh leis gur dúshláin nach beag atá roimhe.

Ní athchothófar muinín gan dua, ná gan deacrachtaí ná gan athrú cuimsitheach nach féidir a chur i bhfeidhm ar an toirt.

Ní faoi chruinniú coiste ná faoi na meáin atá sé duine ar bith a dhamnú go hiomlán – ba chóir cinneadh dá leithéid a fhágáil faoi na Gardaí, faoi na Coimisinéirí Ioncaim agus (más gá) faoi na cúirteanna.

Ní in imeacht seachtaine ná fiú cúpla mí a léireofar toradh na hoibre a theastaíonn go géar in RTÉ.

 

 

Fág freagra ar 'Scéal, fainic agus cuntas eile nár chóir a dhearmad agus RTE á phlé'

  • Mártan Ó Ciardha

    Chaith mé féin formhòr mo shaoil ag treabhadh sa ngort céanna le Cathal & tagaim le chuile fhocal a deir sé. Tá an scata mór daoine macánta, cneasta, díograsach a d’oibrigh do RTÉ/RnaG leis na scórtha bliain ligthe síos go gaineamh-rua ag mionlach.

    Is measa liom ná sin go bhfuil an eagraíocht a raibh siad chomh dílis sin di agus chomh práinneach sin aisti fágtha ina cnámh spairne polaitiúil ag dream a chuir driseacha cosáin i mbealach RTÉ gach seans a fuaireadar, mar aon le bheith ina ceap magaidh ag brainsí eile de na meáin a bhfuil deis anois acu aer a thabhairt do na clocha atá ina gcuid muinchillí le fada.

  • Carraig53@protonmail.com

    ‘Cneasta’?