‘Tá na focail dheasa a scríobh Oscar Wilde i bhfad níos deise i nGaeilge’ – Salómae ag tosú sa Taibhdhearc anocht

Comhléiriú is ea é idir an comhlacht damhsa Ériú agus Amharclann na Taibhdheirce, agus é bunaithe ar dhráma a scríobh Oscar Wilde ag tús an chéid seo caite

‘Tá na focail dheasa a scríobh Oscar Wilde i bhfad níos deise i nGaeilge’ – Salómae ag tosú sa Taibhdhearc anocht

Salómae, mórdhráma de chuid Oscar Wilde, á léiriú sa Taibhdhearc anocht mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe.

Comhléiriú is ea é idir an comhlacht damhsa Ériú agus Amharclann na Taibhdheirce, agus é bunaithe ar dhráma a scríobh an drámadóir aitheanta Éireannach Oscar Wilde ag tús an chéid seo caite.

I bhFraincis a scríobhadh Salomé ar dtús agus aistríodh go Béarla agus teangacha eile é ina dhiaidh sin. Dráma é a tharraing go leor conspóide ag an am as siocair diamhaslú, ciorrú coil agus péidifilia a bheith á bplé ann.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Breandán de Gallaí, an cóiréagrafaí agus duine de stiúrthóirí an léirithe, gur taispeántas “thar a bheith físiúil atá sa leagan seo de Salomé”.

“Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar sheánra an léirithe seo. Tá muid ag iarraidh teachtaireachtaí a chur in iúl agus mothúcháin a mhúscailt fríd an damhsa agus an ghluaiseacht.

“Ní bhainimid úsáid as an damhsa Gaelach mar rud siamsúil, tá níos mó ná sin i gceist.

Corruair, cruthaíonn muid rithim lenár gcosa, corruair tá muid cosnocht agus ag úsáid an chuid eile dár gcorp agus ár n-aghaidheanna. Tá amanna ann nuair nach mbíonn muid ag damhsa ach tá gluaiseacht i gceist i gcónaí. Fiú nuair atá na focail chun tosaigh, tá go leor gluaiseachta ann,” a dúirt Breandán de Gallaí.

Cliar deichniúir a bheas le feiceáil i mbun damhsa sa Taibhdhearc, ina measc Sarah Fennell, Siobhán Manson, John FitzGerald, Odhrán McLaughlin agus Breandán de Gallaí féin.

Tá an léiriú bunaithe ar aistriúchán a rinne an file Eoghan Mac Giolla Bhríde ar mhórshaothar Oscar Wilde.

“Tá an scéal féin gránna ach tá na focail ann galánta. Tá go leor athrá ann sa dráma agus ina áit sin, tharraing muid ealaín inteacht eile isteach chun an scéal a insint. Idir an rud a fheiceann tú; na dathanna, an corp ag gluaiseacht, agus an rud a chluineann tú; an ceol nuachumtha agus na focail dheasa a scríobh Oscar Wilde ach atá i bhfad níos deise i nGaeilge, tá leideanna faoin dearcadh atá againn ar Salómae ag teacht le chéile fríd na rudaí sin go léir,” a deir Breandán de Gallaí.

Beidh Salómae á léiriú sa Taibhdhearc go dtí an 20 Iúil.

Fág freagra ar '‘Tá na focail dheasa a scríobh Oscar Wilde i bhfad níos deise i nGaeilge’ – Salómae ag tosú sa Taibhdhearc anocht'