Sa chúigiú bliain a dhéanfar Páipéar 1 sa Ghaeilge don Ardteist feasta

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley plean nua don oideachas dara leibhéal ag an tSraith Shinsearach

Sa chúigiú bliain a dhéanfar Páipéar 1 sa Ghaeilge don Ardteist feasta

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley plean nua don oideachas dara leibhéal ag an tSraith Shinsearach, Cothromas agus Sármhaitheas do Chách.

Daltaí Gaeilge agus Béarla a thabharfaidh faoin gcéad bhliain den tSraith Shinsearach i Meán Fómhair 2023 an chéad dream a fheicfidh aon athrú ar an seanchóras. Tabharfaidh na daltaí sin faoi Pháipéar a hAon sa nGaeilge agus sa mBéarla ag deireadh bhliain a cúig agus súil ann go laghdóidh sin an brú ag deireadh an séú bliain.

Mura ndéantar aon leasú ar pháipéir na Gaeilge, d’fhágfadh an t-athrú go bhféadfadh go mbeadh deireadh déanta ag an dalta Ardteiste leis na scileanna teanga a fhoghlaimítear sa chluastuiscint agus sa cheapadóireacht ag deireadh an cúigiú bliain.

Faoi na socruithe nua, ní bheidh ach 60% de na marcanna iomlána ag dul don mheasúnú scríofa i ngach ábhar feasta de réir mar a bheidh curaclaim na n-ábhar éagsúil leasaithe.

Iarracht a deirtear atá sa bplean seo an dalta a chur i gcroílár fhís an oideachais. Tá an plean nua ag tarraingt ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach a chuir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ar fáil don Roinn Oideachais.

Bhí an t-athbhreithniú ar an Ardteist a bhí ar siúl ag an NCCA le ceithre bliana anuas ina ábhar mór imní ag grúpaí Gaeilge agus oideachais ar mór acu stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Mar chuid den athbhreithniú thug saineolaithe rabhadh láidir do na húdaráis oideachais faoi na himpleachtaí tromchúiseacha a bhainfeadh le hathrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge san Ardteist.

Cé go raibh cás na Gaeilge sa chóras oideachais i lár an aonaigh san athbhreithniú níl stádas na teanga luaite beag ná mór sa tuarascáil chomhairleach a d’fhoilsigh an NCCA inniu.

Moltar sa tuarascáil nua, áfach, go ndéanfaí iniúchadh ar churaclam na hArdteiste agus ar na hábhair go léir a múintear.

Luaitear trí chuspóir leis na leasuithe ar an tSraith Shinsearach sa phlean nua – daltaí a réiteach do dhúshláin an 21ú haois, taithí scoláirí a fheabhsú agus cuid den strus a bhaint as an gcóras oideachais.

Tabharfar deis do dhaltaí na Sraithe Sinsearaí tabhairt faoi churaclam leathan agus scileanna agus ábhair spéise a fhorbairt a chuideoidh leo sa gcéad chéim eile ina saol, a deirtear.

Beidh ábhair nua á bhforbairt agus súil ann cuid díobh seo a bheith ag teacht isteach ó 2024. Déanfar na hábhair ar fad atá ann faoi láthair a leasú nó “a nuashonrú” agus cuirfear béim ar bhealaí measúnaithe nua nach bhfuil á n-úsáid ag an Ardteist faoi láthair.

Táthar ag moladh go mbeidh ról níos mó ag measúnú múinteoirí sna scrúduithe deiridh scoile.

Tabharfar na leasuithe isteach de réir a chéile thar chúpla bliain agus daltaí a thosóidh ar an tSraith Shinsearach Meán Fómhair 2024 an chéad dream a fheicfidh siollabais athraithe. Beidh an measúnú nua i bhfeidhm do na hábhair roghnacha Ceimic, Fisic, Bitheolaíocht agus Gnó ag an dream sin daltaí.

Tá sé i gceist dhá ábhar nua a thabhairt isteach ar bhonn píolótach i roinnt scoileanna don scoilbhliain 2024/5 – Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht; agus ábhar ar a dtugtar Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.

Gealltar freisin go dtabharfar deis níos fearr do dhaltaí na hArdteiste Feidhmí staidéar a dhéanamh ar an Mhatamaitic agus Nuatheangacha Iasachta.

An chéad chéim eile go ndéanfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit iniúchadh agus taighde i gcomhar le lucht oideachais maidir le conas is fearr a chuirfear i bhfeidhm an measúnú scoile.

Tá sé socraithe chomh maith gur le linn saoire na Cásca a reáchtálfar scrúduithe cainte agus ceoil feasta, mar atá á dhéanamh i mbliana.

Gealltar go gcuirfear oiliúint ar fáil do mhúinteoirí go leanúnach agus gurbh fhearr iad a bheith “scoil-bhunaithe nó líonra-bhunaithe den chuid is mó le deiseanna le haghaidh comhoibrithe” a bheith ag oidí.

Bunófar bord nua le maoirseacht a dhéanamh ar an obair a bheidh le déanamh le Clár na Sraithe Sinsearaí a chur ar fáil, Bord Seachadta Clár na Sraithe Sinsearaí.

Caitheadh amhras mór ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa chéad tuarascáil a d’fhoilsigh an NCCA mar chuid dá n-athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste in 2018. Dúradh go mbeadh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach sa phlé a dhéanfaí san athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach atá ar bun le ceithre bliana anuas.

Bhí ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais i lár an aonaigh arís sa tuarascáil eatramhach a chuir an NCCA amach in 2019.

Dúradh sa tuarascáil sin go raibh tuairimí éagsúla nó “mixed views” faighte ag an NCCA faoinar cheart an Ghaeilge a bheith ina hábhar éigeantach don Ardteist.

Fág freagra ar 'Sa chúigiú bliain a dhéanfar Páipéar 1 sa Ghaeilge don Ardteist feasta'