‘Réabhlóid thionsclaíoch nua’ sa Ghaeltacht de bharr na paindéime – Ó hÉanaigh

Deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh gur dhúbail líon na ndaoine a rinne teagmháil leis an Údarás faoi lonnú sa Ghaeltacht

‘Réabhlóid thionsclaíoch nua’ sa Ghaeltacht de bharr na paindéime – Ó hÉanaigh

Deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go bhfuil “réabhlóid thionsclaíoch nua” ann de bharr na paindéime agus gur chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a bhí an ‘réabhlóid sin’.

“Sílim go raibh deis ag chuile dhuine sos a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar an mbealach a mbíonn siad ag obair agus an áit a raibh siad ag obair as le bliain anuas.

“Ceapaim gur thuig daoine a thug cuairt ar an iarthar anuraidh an sórt saoil a d’fhéadfadh a bheith acu, agus tá an réimse tacaíochtaí a chuireann muid ar fáil tarraingteach do ghnóthaí agus do chomhlachtaí atá ag iarraidh áit a bhunú i gceantar Gaeltachta.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur tháinig méadú mór le linn na paindéime ar líon na ndaoine a rinne teagmháil leis an Údarás ag fiosrú faoi ghnó a lonnú sa Ghaeltacht.

Daoine ó Bhaile Átha Cliath a bhí i gceist cuid mhór ach tá suim níos mó i lonnú sa Ghaeltacht á leiriú chomh maith ag Éireannaigh atá ag cur fúthu thar lear, a dúirt Micheál Ó hÉanaigh agus athbhreithniú ar Straitéis 2018-2020 á fhógairt aige.

“Níos tábhachtaí fós tá sé ag coinneáil fiontraithe cumasacha sa mbaile i gCiarraí, Dún na nGall, Maigh Eo agus Gaillimh a mbeadh orthu imeacht murach sin…

“Ní chaithfidh daoine bogadh anseo láithreach, is féidir leo é a thriail amach agus cabhróidh muide leis an bpróiseas sin.”

Deir Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 1,609 post nua idir 2018-2020 i gcomhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.

Ag tagairt don mhéid a baineadh amach le linn shaolré na straitéise trí bliana is déanaí ag an Údarás, dúirt Micheál Ó hÉanaigh gur dhíol cliantchomhlachtaí an Údaráis luach €2.5 billiún d’earraí le linn na tréimhse céanna.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go bhfuil infheistíocht agus fiontraithe á mealladh go dtí ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Dúirt sé go mbeadh go leor de lucht gnó na Gaeltachta ag filleadh ar ionaid oibre de réir a chéile, ach gur léirigh an phaindéim an buntáiste a bhaineann leis an gcianobair.

“Níl aon dabht ach gur léirigh an phaindéim na buntáistí a bhaineann le cianoibriú, ach léirigh sé chomh maith an tsuim atá san áit a mbíonn an obair sin ar siúl chomh maith. Dhúbail na fiosruithe a fuair ár gcuid oifigí,” a dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Mícheál Ó hÉanaigh.

Dúirt sé go raibh an gréasán de mhoil dhigiteacha is mó in Éirinn sna ceantair Ghaeltachta.

“Is ceantair fíorspeisialta iad na ceantair Ghaeltachta chun dul i mbun cónaithe agus oibre iontu.  Is féidir leat nascadh leis an domhan anseo 24/7 más mian leat agus is áit aoibhinn é le bheith i do chónaí.

“Tá tránna gleoite gar do gach duine.  Tá sé soiléir gur bealach oibre agus saoil é seo atá ag teastáil ó dhaoine anois agus más é sin atá uait, ní féidir an t-iarthar a bhualadh.”

 

Fág freagra ar '‘Réabhlóid thionsclaíoch nua’ sa Ghaeltacht de bharr na paindéime – Ó hÉanaigh'

  • CoC

    Maith go leor, ach má tá siad ag mealladh an iomarca Béarlóirí chun cur fúthu sa Ghaeltacht, cén mhaith a bheidh ann ó thaobh an teanga de nuair atá an céatadán cainteoirí Gaeilge/cainteoirí Béarla chomh tábhachtach sin i gcás todhchaí an mionteanga seo. Tá formhór na ‘rannóga sóisialta’ sa Ghaeltacht caillte don Béarla cheana féin, bheadh suim orm a fheiscint cad é an saghas plean atá ag Údarás ó thaobh cúrsaí teangan chomh maith le cúrsaí gnó, mar ní hionann iad go díreach