Pictiúr d’fhear as Carna díolta ar €600,000 ag ceant i Londain

Nóiméad agus deich soicind a thóg sé an saothar ealaíne leis an ealaíontóir cáiliúil Jack B. Yeats a dhíol ag ceant de chuid Christie’s

Yeats Carna

Tá pictiúr de shaor báid as Carna, Conamara, díolta anocht ag ceant i Londain ar €600,000.  Nóiméad agus deich soicind a thóg sé an saothar ealaíne leis an ealaíontóir cáiliúil Jack B. Yeats a dhíol ag ceant de chuid Christie’s. Ocht gcinn de thairiscintí a deineadh ar ‘The Boat Builder’ sara díoladh ar €600,000 (nó £422,500) é, dleachta agus cáin san áireamh.

Bhí na ceantálaithe ag súil le idir £300,000 agus £500,000 a fháil ar an saothar a rinne Yeats i 1913 agus a bhí bunaithe ar sceitse a tharraing sé ocht mbliana roimhe sin le linn cuairte a thug sé ar Chonamara i dteannta an scríbhneora J M Synge.

Is mar chuid den ‘Modern British and Irish Art Evening Auction’ a dhíol an comhlacht ceantálaithe Christie’s i Londain ‘The Boat Builder’ . Tá tuairimíocht ann go bhféadfadh gur leis an iarbhilliúnaí Tony O’Reilly an saothar, ach dúirt na ceantálaithe ach gur ó ‘important private Irish collection’ a tháinig sé.

Screen Shot 2015-11-25 at 21.29.17
An ceant ‘beo’ ag Christie’s

Ag an gceant céanna anocht, díoladh pictiúr eile ina raibh ceantar Gaeltachta le feiscint ann. £182,500 a íocadh ar ‘The Village by the Lake’, saothar le Paul Henry ina bhfuil tírdhreach Acla ann.

Tháinig Jack B Yeats agus J M Synge go hiarthar na hÉireann i dtús an tsamhraidh sa bhliain 1905 agus iad fostaithe ag an Guardian chun sraith alt agus pictiúr a sholáthar don nuachtán sin faoi shaol mhuintir Chonamara agus faoi obair Bhord na gCeantar Cúng a bhí ag fóirithint ar an bpobal ag an am. I measc na n-áiteanna ar a dtugadar cuairt, bhí An Spidéal, An Cheathrú Rua, ceantar na n-Oileán agus Carna.

Le linn na cuairte ar Chonamara, dhein Yeats sceitsí de dhaoine a casadh orthu agus de thírdhreach an cheantair agus foilsíodh i dteannta a shaothair tráchtaireacht ó Synge ar a dturas. Tá cuntas ar chuid den turas sin ar fáil ar Tuairisc.ie agus foilseofar a thuilleadh faoi maidin amárach.

Níor luadh san alt faoi chuairt na beirte ar Charna ainm an tsaoir báid a casadh orthu, ach thug an fear céanna léargas do Synge ar an obair a bhí ar bun aige agus ar an mbail a bhí ar mhuintir na háite an uair sin.

Fág freagra ar 'Pictiúr d’fhear as Carna díolta ar €600,000 ag ceant i Londain'