Synge agus Yeats i gConamara i 1905: An Cheathrú Rua ar an bparóiste is boichte in Éirinn ach gan éinne ag lorg déirce ann

Agus cuairt J.M. Synge agus Jack B Yeats ar Chonamara breis agus céad bliain ó shin sa nuacht an athuair an tseachtain seo, féachann Tuairisc.ie ar na cuntais a tugadh ar an turas sin i nuachtán an Guardian. Inniu téimid ón Spidéal siar go Béal a’ Daingin i dteannta an scríbhneora agus an ealaíontóra

Carraroe Horses painting
Radharc den Cheathrú le Jack B Yeats

Tá an chuairt a thug an scríbhneoir John Millington Synge agus an t-ealaíontóir Jack B Yeats ar iarthar Chonamara agus Mhaigh Eo breis agus céad bliain ó shin sa nuacht an athuair an tseachtain seo toisc pictiúr de chuid Yeats a bheith le cur ar ceant i Londain tráthnóna.

Ceann de na hailt le J.M. Synge a foilsíodh sa Guardian i 1905. Leis an alt tá pictiúr a rinne Yeats de cheantar an Spidéil

Tá praghas idir £300,000 agus £500,000 luaite ag na ceantálaithe Christie’s leis an saothar ‘The Boat Builder’ – pictiúr de shaor báid as Carna – a rinne an t-ealaíontóir mar mhaisiúchán ar alt de chuid Synge don nuachtán an Guardian, faoi shaol an phobail agus obair Bhord na gCeantar Cúng sa bhliain 1905.

Ba dhóigh leat gur dheacair don Guardian beirt níos gradamúla a aimsiú ag an am le tuairiscí a sholáthar dóibh.

Bhí aithne cheana féin ar Synge mar scríbhneoir agus mar dhrámadóir agus eolas maith aige ar iarthar na hÉireann. Bhí an Ghaeilge aige mar ábhar céime i gColáiste na Tríonóide agus bhí cúig shamhradh caite aige in Inis Meáin, Árann, ag sealbhú na teanga agus i mbun pinn.

Bhí eolas maith ag Yeats freisin ar iarthar na hÉireann mar gur tógadh i Sligeach é. Bhí slí bheatha á baint amach aige an uair sin ag déanamh líníochta agus sceitseála d’iris agus do nuachtáin ach níorbh fhada go mbeadh a ainm in airde aige mar dhuine de na healaíontóirí ba mhó cáil sa tír.

Foilsíodh toradh an turais a dheineadar beirt ar an iarthar mar shraith alt agus líníochtaí sa Guardian i Meitheamh agus Iúil 1905.     

Men Spiddal
Pictiúr ón Spidéal le Jack B Yeats a foilsíodh ar an Guardian i 1905

An Spidéal

Sa Spidéal a cuireadh tús le haistear na beirte. Thug Synge suntas ina alt don Guardian don dhrochbhóthar, do na garraithe beaga d’eorna, fataí nó talamh bán agus do na claitheacha cloch timpeall orthu. Bhí cuid de mhuintir na háite ag filleadh ó mhargadh na Gaillimhe ar charr asail nó ar charr capaillín ar an lá áirithe sin. “As a rule, one or two men sit in the front of the cart driving and smoking, with a couple of women behind them stretched out at their ease among sacks of flour or young pigs, and nearly always talking continuously in Gaelic.”

Faoi thráthnóna thugadar cuairt ar an tseanchéibh –  “a rather exposed quay where a few weather-beaten hookers were moored with many ropes”. Ar an mbealach ar ais go dtí an tsráidbhaile, ghabh seanbhean ag lorg déirce chucu agus í ag labhairt i mBéarla “as most of the people do to anyone who is not native”. Thugadar cúpla leathphingin di ach nuair a labhair Synge i nGaeilge léi, tháinig rabharta beannachtaí uaithi. “That the blessing of God may be on you… on road and on ridge way, on seas and on land, on flood and on mountain in all the kingdoms of the world.”

Thug Synge suntas do na cineálacha difriúla daoine a bhí ag freastal ar Aifreann an Domhnaigh sa Spidéal. Bhí cultacha snasta ar na póilíní agus lucht an gharda cósta agus bhí lucht na siopaí beagnach chomh feistithe céanna le muintir Bhaile Átha Cliath. Bhí tuilleadh de mhuintir na háite a raibh cuma an rachmais orthu. Ach ansin bhí “the destitute in still the same clothes, but this time patched and threadbare and ragged, the women mostly barefooted, and both sexes pinched with hunger and the fear of it”.

An bóthar siar

Deich míle siar ón Spidéal bhí an pictiúr duairc go maith, leis; “Here one sees a few wretched sheep nibbling in places among the turf, and occasionally a few ragged people walking rapidly by the roadside”.

Bhí tithe beaga ann, cuid acu gan fuinneoga agus gan ach “the naked living rock for their floor”. Dúradh le Synge gur beag iascaireacht a bhí á déanamh sa cheantar cheal báid mhaithe.

Pictiúr d’fhear ar an gCeathrú Rua le Jack B Yeats a foilsíodh ar an Guardian i 1905

An Cheathrú Rua

Bhí sé ráite faoin gCeathrú Rua go raibh sé ar cheann de na paróistí ba bhoichte in Éirinn, a scríobh Synge. 

Dhein fear amháin a labhair leis gearán faoin gcaighdeán a bhain le capaillíní Chonamara. Ba ar an mianach a bhí sa stoc a cuireadh ar fáil dóibh le pórú a bhí an locht, dar leis an té a labhair leis an scríbhneoir. Bhí an scéal chomh dona sin go raibh cúl tugtha ag cuid de mhuintir na háite leis na capaillíní agus iad ag brath anois ar na hasail. 

Thug fear eile do Synge sampla de chruachás an cheantair: “We buy the young pigs and rear them up…but this year they are scarce and dear. And indeed what good are they in bad years, for how can we go feeding a pig when we haven’t enough, maybe, for ourselves?”

Ba bheag ceol ná damhsa a bhí san áit agus b’annamh a thabharfadh píobaire cuairt ann. Bhí an t-aos óg ag bailiú leo go Meiriceá.

Cé go raibh muintir na háite sláintiúil go maith, bhídís buailte ag ráigeanna den bhfiabhras ballach. Ach fiú má bhí an Cheathrú Rua ar an bparóiste ba bhoichte in Éirinn, fós féin ní raibh aon duine ann ag lorg déirce ann – “no one begs, even in a roundabout way”.

Guruma
Pictiúr de dhaoine i mbun oibre a tharraing Yeats don Guardian i 1905

Ó Chasla siar

Ar an mbóthar siar ó Chasla ar dhrochbhóthar portaigh, tháinig Synge agus Yeats ar bhaicle de mhuintir na háite, dosaen ar fad idir fhir agus mhná, agus iad ag obair ar dheisiú an bhóthair faoi scéim de chuid Bhord na gCeantar Cúng.

Ní mó na sásta a bhí na hoibrithe i mbun a gcúraimí agus gan de luach saothair acu ach scilling sa ló – “every man and woman was working with a hang-dog dejection that would be enough to make any casual passer mistake them for a band of convicts.”

Is cosúil go raibh an ghoimh ar na hoibrithe mar go rabhadar curtha i mbun na scéime seo nuair ab fhearr a d’oirfeadh sé dóibh a bheith i mbun feirmeoireachta, iascaireachta nó ag déanamh ceilpe. Bhí tuairisc faighte ag Synge faoi scéim i gceantar eile gar do bhaile ina raibh “a ganger, an overseer, an inspector, a paymaster, and an engineer superintending the work of two paupers only”.

– Amárach ar Tuairisc.ie leanfar le turas Synge agus Yeats ó Cheantar na n-Oileán siar go Carna

Fág freagra ar 'Synge agus Yeats i gConamara i 1905: An Cheathrú Rua ar an bparóiste is boichte in Éirinn ach gan éinne ag lorg déirce ann'