Tá Corn an Aire ag dul s chuig gleanntáin ghlas Ghaoth Dobhair den chéad uair ó 2013 agus Craobh Shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta buaite ag cumann Mhachaire Gathláin.
Bua seacht bpointe a bhí ag Gaoth Dobhair ar Bhulf Tón i gcluiche ceannais an Luain, 2-13 in aghaidh 1-9, agus an bua tuillte go maith ag foireann Rónáin Mhic Niallais tar éis dóibh ardtaispeántais a thabhairt i gcaitheamh an deireadh seachtaine i gCill Chartha. Ceithre chluiche a d’imir Gaoth Dobhair idir oíche Dé hAoine agus tráthnóna Dé Luain, níos mó ná aon fhoireann eile, agus bhí an painéal láidir a tugadh ó dheas go Páirc na Tamhnaí de dhíth orthu.
Tá craobh shinsir an chomórtais anois buaite níos minice ag Gaoth Dobhair ná ag aon dream eile agus a naoú bua faighte acu, ceann sa mbreis ar ocht gcraobh Naomh Abán.
Ina ainneoin go raibh an bua saothraithe go maith ag Gaoth Dobhair, bheadh cúis mhaith gearáin ag Bhulf Tón go ndeachaigh an cinneadh cinniúnach sa gcluiche ina gcoinne. Bhí na foirne ar comhscór sa 45ú nóiméad, 1-7 an taobh, nuair a thug Ethan Ó hEarcáin ó Ghaoth Dobhair faoi scór dhá phointe. Bhuail an liathróid in aghaidh an chuaille, thit sí i lámha Pheadair Mhic Aoidh i mbéal an chúil agus chuir seisean san eangach í. Bhreathnaigh sé go raibh an duine is óige de dheartháireacha Mhic Aoidh sa gcearnóg bheag nuair a bhuail an liathróid an cuaille ach chuaigh an réiteoir i mbun cainte lena maoir chúil agus ceadaíodh an scór.

D’aimsigh Éamonn Ó Colm cic saor dhá phointe cúpla nóiméad ina dhiaidh sin agus nuair a d’aimsigh Colm Ó Dochartaigh pointe go luath ina dhiaidh sin arís, bhreathnaigh sé gur cinnte go mbeadh deireadh le ‘gorta’ Ghaoth Dobhair agus iad sé phointe chun tosaigh gan ach deich nóiméad fágtha.
Laghdaigh cúpla scór ó Thomas Ó Raghallaigh an bhearna agus fuair Ethan Ó hEarcáin, lena seachtú pointe sa chluiche ceannais, agus Colm Ó Dochartaigh scóranna chun solais an lae a choinneáil idir na foirne. d’aimsigh Éamonn Ó Colm an scór deireanach chun muintir Ghaoth Dobhair a chur ag ceiliúradh.
Bhí gaoth láidir tar éis na báistí agus ghlan na scamaill os cionn Pháirc na Tamhnaí roimh thús chluiche ceannais sinsear na bhfear. Thuig Bhulf Tón, curaidh na bliana seo caite, go mbeadh orthu bearna mhaith a chur idir iad féin agus a gcéilí comhraic agus an ghaoth ag tacú leo sa gcéad leath.

Chuireadar tús maith leis an obair sin nuair a d’aimsigh Saran Ó Fionnagáin an chéad scór den chluiche agus fuair an t-imreoir contae Adam O’Neill scór dhá phointe eile taobh istigh den chéad cheithre nóiméad.
D’aimsigh Ethan Ó hEarcáin agus Éamonn Ó Colm scóranna chun Gaoth Dobhair a chur ag imeacht agus bhí an imirt staidéartha go maith go dtí an 23ú nóiméad nuair a d’aimsigh Roscó Ó Gallachóir an chéad chúl den chluiche tar éis do Thomás Ó Gaibhneacháin an liathróid a chur trasna na cearnóige. Ní raibh muid ag fanacht leath chomh fada don dara cúl, áfach, agus d’imigh Gaoth Dobhair díreach síos na páirce in ngluaiseacht a chríochnaigh le iarracht íseal ó Adam Mac Íomhair a neadaíodh san eangach tar éis don liathróid éalú trí chosa na gcosantóirí.
D’fhág scóranna ó Tomás Ó Raghallaigh agus Caolán Ward go raibh Bhulf Tón trí phointe chun tosaigh ag druidim ar leath ama ach scóráil Ethan Ó hEarcáin cic saor dhá phointe den scoth díreach ar shéideadh na feadóige chun an bhearna is lú a fhágáil eatarthu, 1-5 in aghaidh 1-6. Nuair a chuir an fear céanna Gaoth Dobhair chun cinn go luath sa dara leath le dhá chic saor eile, bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an bua ag fir mhóra Dhún na nGall ar fhir mhóra na Mí agus b’shin a tharla, cé go raibh casadh nó dhó eile idir sin agus deireadh an scéil.
D’fhág buanna Ghaoth Dobhair agus Ghaeil Fhanada níos luaithe i gcraobh shóisir na bhfear gur foirne as Dún na nGall a bhuaigh gach ceann den chúig corn a bhí le baint i gCill Chartha.
Rinne Gaeil Fhanada teacht aniar dochreidte i gcoinne Thuar Mhic Éadaigh ó Mhaigh Eo chun Corn Ghael Linn a bhuachan, 2-18 in aghaidh 3-9. Bhreathnaigh sé go raibh rás na nGael rite ag leath ama agus iad deich bpointe chun deiridh, 0-4 in aghaidh 2-8, ach d’athraigh ionadaithe na gConallach an cluiche ó bhonn.
Bhí an fathach mór Micheál Mac Suibhne ar dhuine de thriúir a cuireadh chun páirce ag tús an dara leath agus d’éirigh leis sé phointe a chlárú sa 30 nóiméad a bhí aige ar an bpáirc, dhá scór dhá phointe ina measc. Ní hamháin sin ach d’aimsigh Darren Mac Giolla Bháin, a tháinig isteach ag leath ama freisin, 0-2 agus fuair ionadaí eile, Mark Mac an tSaoir, ceann den dá chúl a scóráil Gaeil Fhanada sa dara leath. D’fhág sin gur 1-8 a d’aimsigh na fir ionaid do na buaiteoirí sa dara leath sin agus gan freagra ar bith ag Tuar Mhic Éadaigh ar rabharta scórála na gConallach.
Beidh díomá an domhain ar fhir Mhaigh Eo leis an taispeántas a thugadar sa dara leath.Ní bhfuair siad ach dhá scór ar fad, 1-1, agus tháinig an cúl ó chic éirice a shlánaigh Lúc Ó Luideáin nuair a bhí an cath caillte.
Bhí Tuar Mhic Éadaigh ar fheabhas sa gcéad leath agus ceannas tógtha acu ar chúrsaí théis ceathrú uaire. Chuir Ó Luideáin na foirne ar comhscór, 0-3 an taobh, sa 16ú nóiméad agus chuaigh Tuar Mhic Éadaigh chun tosaigh den chéad uair nuair a d’aimsigh Seán ‘Bear’ Seoighe cúl den chéad scoth. D’aimsigh Darrach Mac Conaill, Seán Seoighe agus Ó Luideáin (cic dhá phointe) scóranna chun Tuar Mhic Éadaigh a fhágáil 1-7 in aghaidh 0-3 chun tosaigh. Mhéadaigh an bhearna tuilleadh nuair a scóráil Michael Prendergast an dara cúl dóibh le hiarracht shnasta agus Lúc Ó Luideáin a d’aimsigh an scór deireanach den leath chun deich bpointe a chur idir na foirne.
Bhí an chuma ar an scéal go raibh an iarracht mhór a rinnr Gaeil Fhanada sna cluichí crua a bhí acu roimhe sin ag breith orthu ach, mar a dúradh, d’athraigh na hionadaithe cúrsa an chluiche. D’aimsigh Liam Ó Reannacháin agus Micheál Mac Suibhné dhá scór dhá phointe as a chéile chun an bhearna a laghdú agus chuir Darren Mac Giolla Bháin bratach bán leo.
D’aimsigh Gaeil Fhanada a gcéad chúl sa 46ú nóiméad nuair a chur Séamus Ó Frighil dorn le hiarracht ó Mharc Mac an tSaoir agus ba é Ó Frighil a chruthaigh an cúl a d’aimsigh Mac an tSaoir dhá nóiméad ina dhiaidh sin chun Gaeil Fhanada a chur chun cinn den chéad uair le fada, 2-9 in aghaidh 2-8.
Bhí an 51ú nóiméad ann faoin am go bhfuair Thuar Mhic Éadaigh a gcéad scór den dara leath, a dhara pointe ag Rónán Ó Maol Aoidh, ach ní raibh stop le Gaeil Fhanada agus fuaireadar an chéad sé scór eile agus, b’fhéidir, scór an deireadh seachtaine ina measc nuair a chuir Micheál mór Mac Suibhne triúir imreoirí de sular lascáil sé iarracht ghleoite idir na postaí ó bhreis is 50m amach. Bhí thart ar chúig nóiméad fágtha sa gcoimhlint nuair a tháinig an scór sin ach ba é an buaicphointe é.
Fág freagra ar 'Lá stairiúil do Ghaoth Dobhair agus Corn an Aire ag dul go Machaire Gathláin don naoú huair'