An t-am sin den bhliain atá ann arís, agus tá greim scornaí ag conspóid na bPeadar Dubh ar an Ísiltír.
Fan soicind. ‘Peadair Dhubha’?
Mar is eol d’óg agus aosta san Ísiltír, ní Deaidí na Nollag a thugann bronntanais dheireadh na bliana, ach San Nioclás. Oíche an 5 Nollaig, téann an naomh seo, a bhfuil cónaí air sa Spáinn, ag marcaíocht thar dhíonta na dtithe ar a chapall bán chun bronntanais a sheachadadh san Ísiltír.
Toisc go bhfuil an fear bocht rud beag sean agus toisc go bhfuil i bhfad an iomarca tithe san Ísiltír le go ndéanfadh sé féin freastal orthu ar fad, tá lucht cúnta aige: na Peadair Dhubha.
Síos trí shimléir na dtithe a bhíonn na cúntóirí seo ag dul chun na bronntanais a fhágáil cois teallaigh, agus inseoidh chuile pháiste san Ísiltír duit gurb é sin an fáth go bhfuil dath dubh ar chraiceann na bPeadar Dubh.
Tharlódh, áfach, nach bhfuil cuid mhór de phobal gorm na hÍsiltíre ar a gcompord leis na Peadair Dhubha: meabhraíonn an smideadh dubh, na fáinní cluaise gáifeacha óir agus na brístí nicearbacair ildaite a bhíonn á gcaitheamh ag lucht cúnta Shan Niocláis an seánra amharclannaíochta blackface dóibh.
Lena chois sin, is minic a chaitear ‘Peadar Dubh!’ mar mhasla le páistí gorma i gclós na scoile. I bhfocail eile: ciníochas.
Le blianta beaga anuas, tá gníomhaithe de chuid an phobail ghoirm – san Ísiltír féin agus go hidirnáisiúnta – ag éileamh go gcuirfí deireadh le traidisiún na bPeadar Dubh. Chuir sé sin olc ar mhórchuid Ísiltíreach geal, ar dhá chúis.
Sa chéad áit, tá féile Shan Niocláis agus na bPeadar Dubh ar cheann d’fhíorbheagán de na seantraidisiúin phobail atá fágtha san Ísiltír.
Sa dara háit, ní thuigeann an chuid is mó den mhóramh geal san Ísiltír cén fáth go gceapann an chuid is mó den phobal gorm sa tír gur masla ciníoch atá i dtraidisiún na bPeadar Dubh. Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine gurb é an turas anuas an simléar is cúis leis an dath ar chraiceann lucht cúnta Shan Niocláis?
Ar dtús, rinneadh beag is fiú d’éileamh an phobail ghoirm go leasófaí traidisiún na bPeadar Dubh, ach le blianta beaga anuas tá an díospóireacht tar éis éirí teasaí. I mbliana, rinneadh an chéad bhagairt bháis. Bhagair daoine ar mór leo traidisiún na bPeadar Dubh Ombudsman na bPáistí a chur den saol, tar éis di sin a rá go dtagann an traidisiún salach ar chearta páistí. Dar léi, cothaíonn an traidisiún bulaíocht i gclós na scoile.
Ón mbagairt bháis sin i leith – agus ós rud é nach i bhfolús atá an díospóireacht faoi na Peadair Dhubha ar siúl, ach i ndomhan ina bhfuil an deighilt idir ciníocha agus pobail éagsúla ag leathnú seachas ag laghdú – seachnaíonn muintir na hÍsiltíre ceist na bPeadar Dubh ar an gcaoi céanna agus a sheachnaíonn muintir na Sé Chontae reiligiún mar ábhar cainte le daoine nach bhfuil aithne acu orthu.
Ní bheadh a fhios agat riamh cén taobh lena mbaineann duine anaithnid a chasfaí ort.
Rinne mé féin an botún sin ar na mallaibh nuair a bhí mé san Ísiltír (mar ar rugadh mé). Tharraing mé ceist na bPeadar Dubh anuas ag cóisir lá breithe m’aintín, ag ceapadh go mbeadh gach duine a bhí i láthair ar aon tuairim liom gur cheart an traidisiún a leasú. Roimh i bhfad, bhí argóint fhíochmhar agam le buachaill mo chol ceathrair. Bhí ar na gaolta eile an ghoimh a bhaint as an scéal ar eagla go millfí an chóisir ar fad.
Ó thosaigh an díospóireacht náisiúnta, ba é mana na n-údarás san Ísiltír gur ón bpobal féin a chaithfeadh pé athrú teacht, toisc nach nglacfaí go forleathan le treoracha anuas. Tá athrú ar an dearcadh sin le tabhairt faoi deara i mbliana. Ní smideadh dubh, a chlúdódh a n-aghaidh ar fad, a bhí ar na Peadair Dhubha a ghlac páirt i mórshiúl Shan Niocláis i gcathair Amstardam Dé Sathairn seo caite, ach stríoca éadroma a mheabhródh súiche do dhuine. Rinne ceann de mhórchraoltóirí teilifíse na tíre, RTL Nederland, cinneadh freisin dul bealach na stríoca súiche, seachas bealach na n-aghaidheanna dubha, ina gcuid clár faoi fhéile Shan Nioclás.
Sin ráite, seachas cathair Amstardam agus baile amháin eile, bhí a seanfheisteas conspóideach ar na Peadair Dhubha fud fad na hÍsiltíre Dé Sathairn seo caite nuair a tháinig siad féin agus San Nioclás i dtír tar éis turais fhada ón Spáinn ar bhád gaile.
Níl dabht ar bith faoi, áfach, go leanfaidh tuilleadh cathracha agus bailte sampla na hardchathrach amach anseo. Taitníodh sé leis an móramh geal, coimeádach nó ná taitníodh, tá traidisiún na bPeadar Dubh ag athrú – mar is dual d’aon traidisiún beo.
Feardorcha
Cinnte, athraíonn traidisiún beo ach is de réir a chéile, bunaithe ar dhearcadh a phobail féin, is ceart dá leithéid tarlú. Ní faoi fhórsa ón taobh amuigh, an rialtas nó ombudsman na leanaí, satailt ar sheantraidisiúin agus “leasú” a bhrú air.
Tá an Trumpa ar bhéalaibh madraí an bhaile an tseachtain seo ach níl aon dabht ach go bhfuil baint ag a leithéid seo srianadh urlabhra le héirí amach na vótóirí ansin thall. Ní féidir gach éinne a shásamh i gcónaí
Pól Ó Braoin
Ní lia bulaí ná leithscéal dá chuid drochiompair… Níor chóir a seantraidisiún a mhilleadh ar mhaithe le tuairimíocht dhream cheartaisigh ar bith ach amháin móramh mhuintir na hÍsiltíre féin á athrú go nádúrach.
Pól Réamonn
Agus ná déan dearmad ar an cheist is tábhachtaí do dhaoine óga sna laethanta seo. “Cad is simléar?”
Pól Réamonn
Cad chuige nach féidir leis na daoine a bhíonn gléasta mar “Peadar Dubh” súiche a chur ar a n-aghaidh in áit péint?