Pas nó teip? Léirmheas ar scrúdú conspóideach Gaeilge na sraithe sóisearaí…

Ag iarraidh caint a bhaint as dúch atáthar leis an scrúdú samplach Gaeilge don tsraith shóisearach a bhfuil olc curtha aige ar mhúinteoirí

Pas nó teip? Léirmheas ar scrúdú conspóideach Gaeilge na sraithe sóisearaí…

Tá go leor cainte tarraingthe ag páipéir shamplacha na Roinne Oideachais do na daltaí sin nach í an Ghaeilge a dteanga dhúchais.

Dhá uair an chloig de scrúdú a bheidh rompu agus deir go leor go bhfuil an ceann samplach atá eisithe rófhada agus róchasta.

Is léir pé duine nó daoine a cheap agus a chum an páipéar seo, an scrúdú ardleibhéal do dhaltaí nach cainteoirí líofa Gaeilge iad, gur chuala siad trácht áit éigin uair éigin faoin gcur chuige cumarsáideach mar bhunús múinte teanga ach nár smaoinigh siad níos mó ná sin ar an bhfealsúnacht foghlama sin.

Achoimre bheag do na daoine sin – éisteacht, caint, léamh agus scríobh na huirlisí cumarsáide a bhíonn á n-ainliú ag an scoláire.

Ó tharla go raibh ceann tábhachtach acu sin – an scrúdú cainte – coiscthe ar fad ar ailtirí an scrúdaithe seo ag an Roinn Oideachais agus ag na ceardchumainn, is léir go ndeachaigh siad ar strae cuid mhaith ina gcuid oibre.

Cheal scrúdú cainte rinne na hailtirí cinneadh na gasúir a chur ag caint ar pháipéar – rud nach féidir a dhéanamh faraor.

Ní mór m’aithne-se ar dhéagóirí óga le tamall blianta ach mura bhfuil stuaim agus aibíocht níos mó ag baint leo ná a bhíodh, gabhfaidh siad i bhfostú sa bpáipéar seo agus ní hé a gcumas Gaeilge amháin a chrochfaidh iad.

An chéad rud a thugann duine faoi deara faoin bpáipéar seo an méid crainnte a leagadh lena chur le chéile – chomh maith le spásanna móra do na freagraí tá ceithre leathanach bán ar a chúl ar eagla go mbuailfeadh aon fhlosc cumadóireachta na daltaí seo nach í an Ghaeilge a dteanga dhúchais.

Ní mé céard a cheapfaidh laochra óga Reibiliún an Éaga faoin díothú seo.

An dara rud a ndéanfá an-suntas de nach bhfuil ach 30 marc as an iomlán (270) le saothrú ar an triail éisteachta, thart ar 11%, cé go ngabhfainn i mbannaí air gur mó éisteacht ná aon scil eile a chleacht na daltaí le trí bliana.

Is mithid aitheantas níos fearr a thabhairt don scil sin.

Ceisteanna léamhthuisceana faoi léirmheas ar A Star is Born as Tuairisc.ie a thuillfidh 60 marc duit. Ba mhaith liom a rá anseo go dtugtar aitheantas ar an bpáipéar scrúdaithe don suíomh seo as an léirmheas sin ach is mór idir an dá earra.

‘Authentique’ an bhunchloch a bhíonn leis an gcur chuige cumarsáideach agus ní minic a bhíonn méiseáil le halt ródhílis don rud nádúrtha.

Sílim go bhfuil cumas tuisceana á éileamh ar dhaltaí anseo nach mbíonn ag a lán ag an aois sin. A leithéid seo de cheist ait – ‘An dóigh leat gur aisteoir maith í Lady Gaga?’.

Ní hionann cumas aisteoireachta Lady Gaga a mheas as do stuaim féin agus í a mheas bunaithe ar alt 4, a scríobh duine nó daoine eile.

An cheist faoin úrscéal is mó a tharraing caint mar gur iarradh ar na daltaí an chríoch a athscríobh le scannán a dhéanamh de do RTÉ. An fhadhb chéanna maidir le haibíocht na ndaltaí atá agamsa leis an gceist sin, ní foláir don dalta a bheith in ann intinn an riadaire (i súile na n-óg) a chum an cheist a léamh chomh maith leis an bpáipéar féin – claí na muice duibhe ag an duine óg.

Tá ceist eile ann faoi phictiúir – dhá phointe dhearfacha a phlé faoi charn breá torthaí agus glasraí nó pointí diúltacha faoi na fearais teicneolaíochta. Is mór idir pointe ag lucht na whatsapps agus pointe lucht ceartaithe scrúduithe!

Ceist eile a ghabhfadh an-chrua ar dhéagóir agus ormsa ná ceist a chur ar charachtar sa dráma a ndearna tú staidéar air agus an freagra is dóigh leat a thabharfadh sé/sí ort a scríobh.

Ní cumarsáid nádúrtha ag aon duine ceist a chur ar charachtar ficsin gan trácht ar an bhfreagra a thabharfaidh sé ort a chumadh freisin. Sin an fáth go dteastaíonn scrúdú cainte chun comhrá nádúrtha a chothú agus a chleachtadh, seachas a bheith ag comhrá le púcaí ar phár.

Fógra a dhéanamh amach do cheann de thrí phost i TG4 a thuillfidh 20 marc duit, dá n-éireodh leat an post a aimsiú sa bpictiúr. Bheadh an tasc go deas ach an éireodh agus strus an scrúdaithe ort?

Tá ceistín bheag ghramadaí sáite isteach ann freisin agus 10 marc ag gabháil di ach an cainteoir dúchais amháin  a dhéanfadh an cineál sin cleachtaidh go críochnúil ag an aois sin. Ba mhaith liom féin lucht na céime a fheiceáil ag tabhairt faoin gceann sin.

Bheadh sé deacair ar dhalta an páipéar seo a dhéanamh in dhá uair an chloig, bíodh sé líofa nó ná bíodh, mar go bhfuil an iomarca ionramhála le déanamh ar na ceisteanna sula dtabharfadh sé faoi aon fhreagra.

An locht is mó atá ar an scrúdú seo go bhfuil an litríocht á húsáid chun feidhm na cumarsáide a bhíonn á lua leis an siollabas, nó na sonraíochtaí i dteanga an lae inniu, a shásamh seachas chun sásamh agus pléisiúr agus léargas úr eile a thabhairt don léitheoir.

In áit an déagóir óg a chur ag caint le duine beo i scrúdú nó suíomh cainte, cumtar ceist agus freagra ar phár. Táthar ag éileamh aibíocht, samhlaíocht is scileanna bréagchumarsáide nach mbronntar orainn ar fad.

Más cumarsáid bunús na foghlama teanga, fágtar an chleasaíocht ar lár agus ná bítear ag iarraidh caint a bhaint as dúch.

Scrúdú cainte ceart éigeantach do chuile dhuine go beo.

Fág freagra ar 'Pas nó teip? Léirmheas ar scrúdú conspóideach Gaeilge na sraithe sóisearaí…'

  • Mairéad

    Níl aon mhaith déanta, Is léir go bhfuil cúrsaí ag dul ar gcúl. Teip.

    Nuair nach bhfuil marcanna (50% a mholfainn) ar bith tugtha don bhunchloch (cumas cainte agus éisteachta) is léir go bhfuil an Roinn Oideachais chun leanacht le haos óg na hÉireann a céasadh sa rang Gaeilge.
    Tá múinteoirí Gaeilge gann. Ní mheallfaidh an siollabas nua seo na céimithe óga Gaeilge i dtreo na múinteoireachta.

  • Enda

    Teip ghlan gan trácht ar an truflais, na maslaí agus an easpa soiléire ag na laethanta traenála do mhúinteoirí.

  • Pádraig

    Faoi cheann deich mbliana, cinnte ní fheicim an ghaeilge mar phríomh ábhar sna meánscoileanna,
    beidh an teanga i gcré na cille cosúil len tharla don Laidin.
    Silím freisin, go mbeidh contúirt mhór do na Colaistí Samhraidh fud fad na tíre, anois nuair nach bhfuil aon scrúdú béil sa Teastas Shóisearach nua seo.Smaoinigh tar éis cé mhéad bliain agus airgead amú ag iarraidh an ghaeilge a chur chun cinn sa tír, nach mbeidh deis ag fiú dalta lag tabhairt faoi scrúdú gaeilge (Caint) ach ag dul ar ais ag léigh gaeilge….in n-ainm Dé

    Ar deireadh thiar tá plean ag An Roinn Oideachais fáil réidh leis an ngaeilge diaidh ar ndiaidh ar bhealach ciúin, tostach eagraithe! RIP gaeilge