Iontas, díomá agus fearg ar mhúinteoirí Gaeilge faoi scrúdú nua

Tá na céadta trácht fágtha ar na meáin shóisialta ag múinteoirí Gaeilge atá míshásta faoi na páipéir shamplacha don tsraith shóisearach atá foilsithe ag Coimisiún Scrúduithe an Stáit

Iontas, díomá agus fearg ar mhúinteoirí Gaeilge faoi scrúdú nua

Tá idir iontas, dhíomá agus fhearg ar mhúinteoirí ar fud na tíre faoi na páipéir shamplacha nua atá foilsithe do scrúdú Gaeilge na sraithe sóisearaí.

Tá na céadta trácht fágtha ar na meáin shóisialta ag múinteoirí Gaeilge chun a míshástacht a chur in iúl faoi na páipéir shamplacha don tsraith shóisearach atá foilsithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

An scrúdú Gaeilge T2 don tsraith shóisearach an scrúdú is mó atá ag cothú conspóide, is é sin an scrúdú Gaeilge a bheidh á dhéanamh ag formhór daltaí na tíre.

Tá scrúdú T1 ar fáil anois chomh maith do chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile.

Is é an t-údar gearáin is mó atá ag lucht cáinte na bpáipéar samplach go bhfuil an scrúdú ródheacair, róchasta agus rófhada do dhaltaí agus go leagtar béim i bhfad rómhór ann ar an litríocht seachas ar an gcumarsáid.

I ngrúpa tacaíochta amháin do mhúinteoirí Gaeilge ar Facebook, a bhfuil 5,000 ball ann, fágadh na céadta trácht ag cáineadh na bpáipéar samplach.

Chuir go leor daoine sa ghrúpa sin i leith Choimisiúin na Scrúduithe Stáit gur léir nach bhfuil taithí ar an seomra ranga acu agus nach raibh tuiscint dá laghad acu ar a laige is a bhíonn formhór daltaí ó thaobh na Gaeilge de.

Dúirt múinteoir Gaeilge amháin, Edel Ní Dhúill as Coláiste Muire ar an Muileann gCearr, le Tuairisc.ie go raibh an scrúdú i bhfad “ródheacair” agus nach ndéanfadh sé leas na teanga.

“Is múinteoir Gaeilge mé le 23 bliain agus ceapaim gur buille don Ghaeilge mar ábhar é seo agus ní bheidh mealladh ar bith ann má cheadaítear an scrúdú seo.

“Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi seo. Ní féidir dul ar aghaidh leis an scrúdú seo,” arsa Edel Ní Dhúill.

Dúirt múinteoirí Gaeilge eile gur “scannal” a bhí sa scrúdú nua, gur “ceap magaidh” a bhí ann agus gur údar “éadóchais” é.

Dúirt roinnt múinteoirí gurbh amhlaidh go gcuirfeadh an scrúdú nua lagmhisneach ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí agus go n-iompódh sé daltaí i gcoinne na Gaeilge nó go spreagfadh sé iad le díolúine a lorg ó staidéar na teanga.

Dúirt Maighréad Ní Iarlaithe, riarthóir an ghrúpa tacaíochta do mhúinteoirí Gaeilge ar Facebook, le Tuairisc.ie gur léir di go gcuirfidh an scrúdú le líon na ndaoine a mbeidh díolúine á lorg acu agus gur “céim eile a bhí ann i dtreo na Gaeilge roghnaí”.

Dúirt Ní Iarlaithe, ar múinteoir Gaeilge í féin i Scoil Mhuire gan Smál sa Bhlarna i gCorcaigh, gurb é an “róbhéim” ar chúrsaí litríochta agus an easpa scrúdú cainte an dá locht is mó ar an scrúdú nua.

Dúirt sí go ndéanfadh an scrúdú dochar mór do sheasamh na Gaeilge sa tír agus go spreagfadh sé drochmheas ar an teanga i measc an aosa óig.

Rinneadh cáineadh go leor ar Twitter freisin ar na páipéir shamplacha nua.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Fág freagra ar 'Iontas, díomá agus fearg ar mhúinteoirí Gaeilge faoi scrúdú nua'

  • Edel Nic Ghiolla

    Is múinteoir Ghaeilge mé agus táim ar buile leis an gcinneadh atá déanta ag an Roinn ár dteanga dhúchais a mharú.Is mór an scannál é,agus beidh scoláirí na tíre ag streachailt leis an nGaeilge agus ag diúltiú na Gaeilge toisc go bhfuil sí rodheacair do chách!!!Beidh líon na dioliùine ag meadú lá i ndiaidh lae..Náireach!?

  • Beartla de Búrca

    Tá orm a rá nach aontaím. Is múinteoir Gaeilge mé agus tá ceist agam ar an slua atá ag moladh gur bheatha teanga í a labhairt. Céard faoi. Bhfuil muid ag caint? Níl go leor litríochta ar an bpáipéar os rud é go bhfuil dhá bhliain ann lena dhéanamh. Níl na ceisteanna níos measa ná níos casta ná mar a bhí agus tá an ceann atá ag tarraingt an chuid is mó don míshástacht réasúnta éasca i ndáiríre. Lig dúinn a bheith soiléir, is é an easpa cumais réamhfhoghlaim agus an gá úsáid na Gaeilge atá i gceist leis an bpáipéar nua atá ag cruthú na fadhbanna ar fad. Níl an pháipéar gearr ach níl ardú mórán ar an méid scríobh atá ann i gcomparáid leis an seanpháipéar agus tá laghdú ar an gcluas thuiscint agus tá an léamh thuiscint níos tapúla anois go bhfuil rogha i gcuid do na ceisteanna.
    Tá an béim ar an litríocht iontach agus tá na ceisteanna leathan i ndóthain chun go mbeadh tú in ann aon scéal a rinne tú steadair air a úsáid. Cinnte tá foclóir nua a bheidh ag teastáil ó na scoláirí ach tá neart ama acu freisin.