I nGaillimh, sa samhradh, thugainn aghaidh tar éis na hoibre ar chlár tumadóireachta na Carraige Duibhe i mBóthar na Trá.
Léimt isteach san fharraige ar dtús, snámh ar feadh píosa, agus ansin luí siar, bolg le gréin, agus leabhar i mo ghlac go luí na gréine.
Léigh mé cnuasach mór millteach de ghearrscéalta Tennessee Williams sa spota sin agus go deo deo beidh ceangal i m’aigne idir an údar sin as Meiriceá agus Bóthar na Trá, tráth nach raibh mé féin ach ag tosú amach i gceird na scríbhneoireachta.
Leabhar eile a chuireann an samhradh i gcuimhne dom ná, iontas na n-iontas, The Summer Book leis an údar Sualainnise ón bhFionlainn, Tove Jansson; úrscéal scaoilte (nó, ag brath ar do dhearcadh, cnuasach gearrscéalta atá ar fad fite fuaite lena chéile) a thugann léargas ar an saol agus ar imeacht na séasúr ar oileán beag bídeach amach ó chósta na Fionlainne. Seanmháthair agus a gariníon na príomhcharachtair. Tá an ghariníon díreach tar éis a máthair (a bhí pósta ar mhac na seanmháthar) a chailleadh.
Samhradh amháin, an samhradh deireanach a chaith mo mháthair féin ina cónaí ina teach féin, léigh mé The Summer Book di os ard, ar chúl an tí, agus an ghrian ag dul a luí.
Tá mo mháthair tar éis bháis, tá an teach sin díolta, tá cónaí orm féin in árasán nach bhfuil seilfeanna leabhar ann go fóill agus tá an bailiúchán gearrscéalta sin le Tennessee Williams, The Summer Book le Tove Jansson, agus nach mór chuile leabhar eile atá agam in ionad stórais atá breis agus 170 ciliméadar ó thuaidh.
Ar ámharaí an tsaoil, tá leabharlann in aice láimhe.
Cé hiad na leabhair a mheabhraíonn an samhradh duitse? An seasann saothar ar leith a léigh tú in áit ar leith amach? Céard faoin saothar sin a mheall tú? Cé hiad na ceachtanna faoi cheird na scríbhneoireachta a d’fhéadfá a fhoghlaim ón leabhar sin?
Cuimhnigh gurb í an léitheoireacht leathchúpla na scríbhneoireachta agus gur am den scoth é an samhradh chun do scíth a ligean le leabhar i do ghlac. An rud is fearr faoin léitheoireacht mar áis fhoghlama ná go dtarlaíonn an fhoghlaim i ngan fhios duit. Cuirfidh tú le do chur amach ar cheird na scríbhneoireachta fad is a dhéanfaidh tú bolg le gréin!
Tomás
‘Decameron’ le Giovanni Bocaccio.