Anois agus mé sna 40idí léim scéal do mo mháthair roimh dhul a chodladh di

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is mór an sólás gníomh na léitheoireachta do dhaoine atá buailte ag an ngalar Alzheimer

Anois agus mé sna 40idí léim scéal do mo mháthair roimh dhul a chodladh di

Nuair a bhí mé óg, léadh mo thuismitheoirí scéal dom féin agus do mo dheartháir óg ag am codlata. 

Anois agus mé i lár na ndaichidí léim scéal do mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, roimh dhul a chodladh di.

Bhíodh an-tóir ag mo dheartháir óg agus agam féin ar leabhair bheirt scríbhneoirí ón tSualainn, Astrid Lindgren agus Selma Lagerlöf. Ar oileáin bheaga amach ón gcósta a bhíodh na scéalta sin suite i gcónaí, ba chosúil, agus bhíodh saol sona sásta lán spraoi ag na páistí iontu.

Ar oileán beag amach ó chósta na Fionlainne atá an leabhar atá á léamh agam do mo mháthair faoi láthair suite, ach níl saol sona sásta ag an gcailín óg a bhfuil cónaí uirthi ar an oileán. Tá máthair Sophia díreach tar éis bháis, bíonn a hathair i gcónaí ag obair agus tá néaltrú ag teacht ar a seanmháthair, an t-aon duine eile atá ar fáil chun comhluadar a choinneáil léi.

Is minic cheana a luaigh mé Sommarboken, nó The Summer Book mar atá ar an saothar máistriúil seo leis an scríbhneoir Sualainnise ón bhFionlainn, Tove Jansson, sna colúin seo. Go deimhin luaigh mé i gceann acu go léifinn do mo mháthair é, os ard, an chéad uair a mbeadh deis agam.

Ach nuair a fuair mé an deis, bhí sé rómhall. 

Nó sin a shíl mé ar dtús. 

Tuigeann mo mháthair abairtí aonair go fóill. Is léir dom sin toisc go ndéanann sí gáire ag na hamanna cuí. Ach is baolach go bhfuil greim chomh láidir sin ag galar Alzheimer ar a haigne anois go mbíonn tús an scéil dearmadta aici faoin am a mbainimid an lár amach, gan trácht ar an deireadh, rud a fhágann gur deacair di brí a bhaint as na scéalta ina n-iomláine. 

Mar sin féin is mór an sult a bhaineann sí as deasghnáth laethúil an scéilín roimh dhul a chodladh di. Ach an oíche cheana, tar éis domsa scéal as The Summer Book a léamh dise, theastaigh uaithi an chéad scéal eile a léamh domsa.

Baineadh siar asainn beirt. Shílfeá go raibh disléicse uirthi, bhí sí chomh stadach sin. Go randamach, de réir cosúlachta, theipeadh uirthi scun scan focail áirithe a fhuaimniú i gceart – gnáthfhocail ar nós na bhfocal Ísiltírise ar ‘oileán’ nó ‘gort’. (Ní disléicse atá ar mo mháthair ach afáise, siomptóm de chuid an ghalair Alzheimer (agus roinnt galar eile) a chuireann bac ar an othar teanga a láimhseáil agus brí a bhaint as cumarsáid i bhfoirm teanga.)

‘Shíl mé go mbeadh sé i bhfad níos éasca,’ a dúirt mo mham.

Nach ormsa a bhí an t-ionadh an mhaidin dár gcionn nuair a chonaic mé go raibh an leabhar, a bhí fágtha ar an tolg agam, á léamh aici go ciúin, an chuma uirthi, fiú amháin, go raibh sí meallta ag an scéal.

Is dócha nach n-éireoidh liom a fháil amach go brách cén bhrí a bhaineann sí as The Summer Book. An dtuigeann sí an cur síos caolchúiseach, ach ag an am céanna neamhbhalbh, a dhéanann Jansson ar néaltrú, ar chromáin atá ag cliseadh, ar an mbás atá ag druidim? B’fhéidir nach dtuigeann, ach is léir dom gur sólás do mo mháthair gníomh na léitheoireachta ann féin.

Fág freagra ar 'Anois agus mé sna 40idí léim scéal do mo mháthair roimh dhul a chodladh di'

  • Pádraic

    Cur síos an-tuisceanach ar ghalar Alzheimer. Bíonn na scéalta faoi do mháthair brónach ach bíonn léas beag dóchais iontu mar sin féin. Go n-éirí leat féin agus le do mháthair.

  • S. Mac Muirí

    Is leor go dtuigfeadh an sean go bhfuil an duine óg ina chuideachtain le láimh chúnta a shíneadh ag doras an chairr nó eile agus go bhfuil ár sáith ama againn sa saol driopáis le dreas cainte a dhéanamh. Tugann sé deis dúinn ár mbuíochas don nglúin romhainn a chur in iúl dóibh ar mhodh feidhmiúil. Ullmhaíonn sé an duine óg freisin do ‘scaradh na gcompánach’ nuair a thiocfas sé. Ceiltear an t-achar ullmhúcháin sin ar lucht méala an duine a fhaigheanns bás tobann, faraor. Is deas go bhfuilir ag cúiteamh laetha d’óige le do mháthair anois nuair atá sí féin faoi anó aoise. Tagann léaró tuisceana in amanna chuig an sean, seal gairid b’fhéidir, a chuirfeadh iontas ar dhuine. Thar a dhath eile, tá tú ann anois le cuid den lá a mheilt go suáilceach di.
    Grmma as do scéala a roinnt linn.