Pardún d’fhórsaí na Breataine agus íobartaigh in áit na leathphingine…

Coinníollacha speisialta d’fhórsaí an stáit? Ní hamháin gur sárú ar mhargadh é agus go léiríonn sé neamhshuim in íobartaigh, ach maíonn saineolaithe dlí go sáródh sé an dlí idirnáisiúnta

Pardún d’fhórsaí na Breataine agus íobartaigh in áit na leathphingine…

Pictiúr: Leon Farrell/RollingNews.ie

Coinníollacha speisialta d’fhórsaí an stáit? Saighdiúir as arm na Breataine, póilín nó ball de na seirbhísí faisnéise a bheith saor ó chúiseamh nó fiosrú as iompar i dTuaisceart Éireann roimh 1998? Tá rialtas Theresa May, le tacaíocht an DUP, ag iarraidh beannacht an phobail abhus chun reacht na dtréimhsí a chur i bhfeidhm chun na fórsaí sin a chosaint.

Pardún nó maithiúnas faoi ainm eile a bheadh ann. Aguisín gan choinne é le socruithe a bhí aontaithe cheana, beag beann ar chur chuige rialtas na hÉireann agus na gcomhpháirtithe abhus. Tá sé cáinte ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, ag Sinn Féin, SDLP, Alliance agus ag cuid den UUP. Ní hamháin gur sárú ar mhargadh é agus go léiríonn sé neamhshuim in íobartaigh ach maíonn saineolaithe dlí go sáródh sé an dlí idirnáisiúnta. Thabharfaí a dhúshlán sna cúirteanna go cinnte agus is é is dóichí gurbh é an toradh a bheadh air go bhfaigheadh gach dream pardún. Dá réir, scuabfaí an brocamas i bhfolach, cheilfí an fhírinne agus d’fhágfaí íobartaigh ar an bhfaraor géar.

Tá an moladh faoi reacht na dtréimhsí le bheith san áireamh i gcomhairliúchán poiblí faoi conas déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí atá beartaithe ag Rialtas na Breataine. Is fada an Státrúnaí James Brokenshire ag gealladh gur ghearr uainn próiseas comhairliúcháin faoi na socruithe a aontaíodh i margadh Stormont House 2014. Ní raibh faoiseamh ó fhiosrú agus ó chúiseamh d’aon dream san áireamh i gcomhaontú Stormont House idir an DUP, Sinn Féin agus an dá rialtas.

De réir an mhargaidh sin, bhunófaí aonad fiosraithe neamhspleách nua, foras nua a bheadh freagrach as an bhfírinne a aimsiú agus athshlánú a dhéanamh ar eolas cartlainne a bheadh bunaithe ar chuntais ó bhéal agus scéalta. Cuireadh moill ar fheidhmiú an réitigh sin de bharr easaontais idir Sinn Féin agus Rialtas na Breataine.

Bhí imní ar phoblachtánaithe go gceilfeadh an stát cáipéisí agus faisnéis ar theaghlaigh ag rá go gcuirfeadh a bhfoilsiú an tslándáil náisiúnta i mbaol. Rinneadh go leor plé faoi mholtaí Shinn Féin go neosfaí faisnéis íogair do bhreitheamh nó do choimisinéir ach níor fuasclaíodh an fhadhb.

Cé gur iomaí duine a chreid le fada nach mbunófaí choíche próiseas oscailte, éifeachtach chun coireanna stairiúla na dTrioblóidí a iniúchadh, baineadh geit as a lán nuair a nochtadh an plean aontaobhach faoi reacht na dtréimhsí. Tháinig Gerry Adams agus toscaireacht Shinn Fein amach as Uimhir 10 Sráid Downing Dé Máirt seo caite ag cur mímhacántacht i leith Theresa May.

Ní raibh a fhios acu tada faoin bplean chun fórsaí stáit a chosaint le reacht na dtréimhsí go dtí gur chuala siad é ag an gcruinniú sin. Mhaígh Adams nach raibh a fhios ag rialtas na hÉireann ach an oiread. Níos deireanaí dúirt an tAire Coveney nárbh aon chabhair ar bith é an plean nua agus go mbainfeadh sé an bonn den phróiseas comhairliúcháin.

Bhí a fhios ag cait an bhaile le fada go raibh an DUP ag cur cos i dtaca maidir le fiosrúcháin agus ionchoisní stairiúla, iad ag maíomh go raibh leatrom á dhéanamh ar fhórsaí stáit agus neamhshuim i gcoireanna an IRA.

Cé gur bhréagnaigh na fíricí ón PSNI agus ón tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí an maíomh sin bhí James Brokenshire ar an bport céanna. Thacaigh Roghchoiste Cosanta na Parlaiminte leo tar éis éisteacht le gearáin ó iarshaighdiúirí in arm na Breataine. Mhaígh an Roghchoiste go raibh fórsaí an stáit faoi mhíbhuntáiste mar nach raibh siad i dteideal téarma príosúin laghdaithe go dhá bhliain a faomhadh do pharaimíleataigh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tuigim nach bhfuil an ceart acu agus go mbeadh an faoiseamh sin le fáil ag éinne a ciontaíodh faoin dlí sin.

Is de bharr na tuairisce ón Roghchoiste sin a chinn Rialtas na Breataine an moladh nua a chur sa cháipéis chomhairliúcháin a dúradar. Níl an páipéar foilsithe fós ach cuireadh cinneadh an rialtais ar shuíomh idirlín an Roghchoiste. Dúirt urlabhraí ó Oifig Thuaisceart Éireann gurb é margadh Stormont House an rogha is fearr ach nár mhór an t-aguisín a chur san áireamh ‘chun go mbeadh an comhairliúchán oscailte, fiúntach’.

Cibé cúis a bhí leis an leasú níl aon dabht anois ach gur údar nua conspóide é a ghéaraíonn ar an amhras nach bhfaighidh íobartaigh freagraí, gan trácht ar a gceart, go deo. Deir saineolaithe ar an dlí, ar nós an scoláire an Dr Kieran McEvoy in Ollscoil na Ríona go bhfuil maithiúnas leithleach in aghaidh an dlí. Is cinnte go dtabharfaí a dhúshlán sna cúirteanna. A thoradh sin – maithiúnas ginearálta? B’fhéidir gurbh é sin a bhí i ndán dúinn riamh mar go bhfuil cuid den eolas – ó gach taobh, an stát, an IRA agus na Dílseoirí – róbhrocach lena nochtadh.

Fág freagra ar 'Pardún d’fhórsaí na Breataine agus íobartaigh in áit na leathphingine…'