Ó DHÚCHAS: Tharraing an bullán cuaifeach de chic air agus rinne sé dhá smuta dá lorga

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol, níor mhór do dhuine a bheith san airdeall ar na daoine maithe…

Ó DHÚCHAS: Tharraing an bullán cuaifeach de chic air agus rinne sé dhá smuta dá lorga

Bhí fear fadó ann agus bhí mac aige. Chuile mhaidin le héirí na gréine d’éiríodh an t-athair go moch agus d’fhiafraíodh an mac dhó cá raibh sé ag dul. Deireadh an t-athair go mbíodh sé ag dul in éineacht leis na daoine maithe. Aon mhaidin amháin dúirt an mac leis an athair: “Meas tú an bhféadfaidh mé a theacht in éineacht leat inniu?” “Cinnte féadfaidh,” a dúirt an t-athair, “ach ar d’anam ná labhair nuair a thiocfas muid chomh fada leo.”

D’imigh leo agus ba ghearr go bhfaca siad ag teacht iad. “Mo chomhairle dhuit anois arís,” arsa an t-athair, “ná labhair nó má labhrann tú is ort fhéin a bheas an locht.”

Bhí na daoine maithe ag teacht ina sluaite agus bullán ag gach duine acu. Bhí an mac ag déanamh an-iontas díobh, ach má bhí fhéin níor labhair sé, mar chuimhnigh sé ar chomhrá an athar. Tugadh bullán don athair agus tugadh ceann eile don mhac. D’éirigh an t-athair de léim agus chuaigh sé ar marcaíocht ar an mbullán. Rinne an mac an cleas céanna agus scuab leo.

Bhí na daoine maithe chun tosaigh, an t-athair ina ndiaidh agus an mac chun deiridh. Bhíodar píosa maith ag imeacht, agus chas claise mhór dóibh. Bhí an chlaise seo an-leathan agus an-domhain. Chaith gach bullán í agus nuair a tháinig a bhullán fhéin go dtí an chlaise, chaith sé í. “Dar fia, is ait an léim bulláin í sin,” a deir an mac.

Agus ar an nóiméad agus a bhí an focal as a bhéal, d’éirigh an bullán de léim san aer agus thug talamh don mhac. Cheap sé ansin nár mhór dó tuilleadh sásaimh a bhaint dhó. Tharraing sé cuaifeach de chic air, agus rinne sé dhá smuta dá lorga. Thosaigh an mac ag screadach agus ag blaidhriúch, agus bhí sé ag ceapadh go ndéanfadh na daoine maithe trua dó ach ní dhearna.

Lean sé air ag gleo. Ba ghearr go bhfaca sé fear ag teacht chuige, agus é ag rith. “Ó céard atá ort a chréatúir?” arsa an fear.
“An donacht a chaiptín,” a deir sé, agus thosaigh sé ag inseacht an scéil dó.

“Tabharfaidh mise go dtí do theach fhéin thú,” arsa an fear leis. Thug an fear leis ar a dhroim é nó go dtáinig siad go dtí an teach. Leag sé anuas é ansin agus chuir sé caoi ar an gcois. “Tá mise ag imeacht anois,” a deir sé, “agus ná hinis cé a chuir an chaoi seo ort.”

Nuair a tháinig an t-athair chonaic sé an mac agus é ‘ina shuí ar chathaoir i lár an urláir, agus a chois chomh maith agus a bhí an chéad lá ariamh.

“Shílfeá go bhfuil tú beo,” a deir sé, “shíl mé gur chuir an bullán deireadh leat.”

“D’fhéach sé leis ach chinn air,” a dúirt an mac, “agus déarfaidh tú leis nuair a chasfas sé dhuit an chéad uair eile, nach bhfuil brí ar bith ann, mar gur thit sé fúmsa.”
“Níor thit,” a dúirt an t-athair, “ach leag sé thú nuair a labhair tú. Nár dhúirt mé leat gan labhairt, ach seanfhocal é -is fearr comhairle le ceannacht ná dhaáchomhairle in aisce.”

Seán Ó Flaitheartaigh, Lochán Beag, Conamara a fuair an scéal seo óna athair

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Tharraing an bullán cuaifeach de chic air agus rinne sé dhá smuta dá lorga'