Ó DHÚCHAS: Píolótaí Árann ag treorú báid seoil go Gaillimh

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo píolótaí na mbád seoil in  Árainn atá againn...

Ó DHÚCHAS: Píolótaí Árann ag treorú báid seoil go Gaillimh

Bhíodh soithí ag teacht an-fhairsing fadó go Gaillimh; soithí seoil uilig – ach chuadar chun deiridh go mór timpeall dhá fhichead bliain ó shin nó mar sin. Ba bhreá na soithí iad agus ba dheas an feic iad, scúnaeirí, barcanna, longa a mbíodh seacht seol fichead orthu, bruigeanna dhá chrann, sé seol ar chaon chrann ag seoladh aniar thar an Oileán Iartharach agus a gcuid seolta crochta uilig.

Bhí neart píolótaí san áit seo an t-am sin. Triúr nó ceathrar sna bailte seo agus bhíodh coimhlint ghéar eatarthu ag dul go dtí na soithí. Bhí iallach orthu píolótaí a thógáil ó thiocfaidís taobh istigh den Oileán Iartharach ach dá n-éiríodh leo dhul thar Árainn san oíche, óir is minic a théadh, bheadh píolóta Bhearna rompu ar maidin go dtabharfadh sé ar ród na Gaillimhe iad.

Chuala mé ó sheanfhear a bhí ar bord soithigh lá, bruig a bhí inti, agus bhí an lá an-bhreá. Cheanglaíodar an churach den soitheach, bhí sé ina chalm, agus chuadar isteach sa soitheach ag breathnú uirthi.

Ní raibh an captaen ach bliain is fiche agus ba é an fear ba bhreátha a leagadar súil ariamh air é, gan onóir gan postúlacht. Bhí an-fháilte ag an gcaptaen rompu, thug sé ithe agus ól dóibh agus d’fhiafraigh sé díobh an raibh aon phíolótaí eile san áit. Dúradar-san go raibh agus triúr eile. Dúirt sé leo go raibh dhá shoitheach eile luchtaithe le adhmad ag teacht aniar ina dhiaidh faoi ceann lae nó dhó, agus go mba cheart dóibh bheith ag faire orthu.

Ba leis féin an soitheach a raibh sé inti agus an péire eile. Faoi cheann scaithimh d’ardaigh an ghaoth agus d’imigh an soitheach léi, agus tháinig foireann na curraí abhaile. Lá arna mhárach bhí soitheach aniar thar na Sceirde leis an lá agus nuair tháinig sí aniar chuaigh an fhoireann chéanna amach le píolótaí go dtí í.

Bhí an captaen a bhí inti sin chomh postúil is ba é an chaoi a bhíodh duine den fhoireann ag dúnadh a chuid bróga air agus gan postúlacht ar bith ag baint leis an bhfear a bhí ina úinéir ar thrí cinn de shoithí.

Bhuel faoi cheann dhá lá tháinig an tríú soitheach aniar agus bhí na trí cinn dhá bhfolmhú i nGaillimh in éindí. Ba í an ceann a raibh an t-úinéir ‘na chaptaen uirthi an chéad cheann a bhí réidh agus sheol sí léi amach.

Faoi cheann seachtaine nó mar sin ina dhiaidh nuair a bhí an darna ceann ag imeacht siar taobh thiar de na Blascaodaí in áit eicínt tháinig sí ar bhád beag ag imeacht ar bharr na farraige ar a béal fúithi agus ainm an úinéara agus an tsoithigh a raibh sé ina chaptaen uirthi scríofa uirthi. Sin ar frítheadh de thuairisc ar an soitheach ná ar a foireann ariamh ó shin.

Brighid Ní Fhlannagáin (12), Eoghanacht, Árainn a fuair an seanchas seo ó Sheánín Taim Ó Direáin (66) as an Sruthán.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Píolótaí Árann ag treorú báid seoil go Gaillimh'

  • Tash

    Scéal an-deas agus suimiúil atá ann, GRMA as é a roinnt linn.
    Seo mar a bhí mórthimpeall an cósta tráth. Bádóirí áitiúil ag rásaíocht amach chuig na longa le haghaidh an deis iad a threorú isteach a bhuachaint.
    Sean-traidisiúin a bhí ann i mBaile Átha Cliath fiú, leis na “Cobblers” ó Ringsend, East Wall agus Irishtown.