Ó DHÚCHAS – Nuair a bhí sí i ngar don tobar thit a bróg di agus síos san tobar…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tugtar ceacht faoin leisce dúinn as Coill Sáile…

Ó DHÚCHAS – Nuair a bhí sí i ngar don tobar thit a bróg di agus síos san tobar…

Bhí baintreach ann fadó agus bhí beirt iníon aici. Bhí duine de na hiníonacha an-leisciúil agus bhí an iníon eile an-umhal dá máthair. Is ag cniotáil is mó a chaitheadh an iníon seo a haimsir. Lá amháin bhí sí ag dul go dtí an tobar ag iarraidh canna uisce agus bhí sí ag cniotáil i rith na haimsire. Nuair a bhí sí i ngar don tobar thit a bróg di agus síos san tobar. Chaith an cailín léim síos san tobar ag iarraidh breith ar an mbróig. Bhí sí ag dul síos go ndeachaigh sí isteach in áit aisteach.

Chuaigh sí isteach i ngairdín, bhí crann úll sa ngairdín agus bhí na húlla ag fógairt ar an gcailín iad a phiocadh. Phioc sí iad. Nuair a bhí scaitheamh siúlta aici bhí crann sméara dubha ag fás ann agus thosaigh siad ag glaoch ar an gcailín iad a phiocadh. Phioc sí iad go léir.

Nuair a bhí scaitheamh eile siúlta aici chonaic sí teach beag. Rinne sí ar an teach. Nuair a tháinig sí isteach bhí cáca ar an tine agus bhí an cáca ag fógairt uirthi é a thógáil. Thóg sí é.

Nuair a bhí sé sin déanta aici bhí sí ag siúl timpeall agus nuair a bhí ag gabháil abhaile buaileadh brat óir uirthi.

Nuair a tháinig sí abhaile chonaic an cailín leisciúil í agus tháinig éad uirthi. D’imigh sí go dtí an tobar agus chaith sí léim síos sa tobar agus chuaigh sí isteach sa ngairdín agus chonaic sí na crainnte céanna a chonaic an chéad chailín.

Bhí na sméara dubha agus na húlla ag iarraidh uirthi iad a phiocadh ach níor phioc sí iad. Chonaic sí an teach beag agus chuaigh sí isteach. Bhí cáca ar an tine agus bhí an cáca ag iarraidh ar an gcailín é a thógáil. Níor thóg sí é ach bhí sí ag tóraíocht an chulaith a fuair a deirfiúr. Nuair a bhí sí ag dul amach an doras buaileadh brat tarra uirthi agus nuair a tháinig sí abhaile scanraigh an mháthair.

Cailleadh an cailín go gairid ina dhiaidh sin.

Máirtín Ó Níadh, Coill Sáile, Cill Chiaráin, Conamara a fuair an seanchas seo ó Mháirtín Ó Cúig (72) as Coill Sáile.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS – Nuair a bhí sí i ngar don tobar thit a bróg di agus síos san tobar…'