Bhí fear fadó ann agus bhí sé a’ gabháil an bóthar lá agus é scrúdta [scrútaí] ag a’ tart. Chas fear dhó agus dúirt leis a theacht isteach chuig an teach ósta go mbeadh pionta acu.
‘Ní ghabhfaidh mé,’ a deir sé, ‘mar tá an geall [in aghaidh an óil] orm.’
‘Ara teara [tar] uait,’ a deir an fear, ‘nach cuma dhuit céard a dhéanfas geal nó geall.’
Isteach le mo dhuine bocht agus gan mórán dhá fhonn air. Leagadh anuas pionta chuige agus bhí sé a’ gabháil dhá ól nuair a chonaic sé an deargadaol thíos ann.
Leag sé an pionta ar an mbord agus amach leis agus níor ól sé aon deoir arís go ndeachaigh sé i dtalamh.
Páraic Ó Cearra (13) as an Lochán Beag, Conamara a scríobh i 1937/8.
Bhí sagart lá ag dul go hEochaill. Bhí fear bocht ag imeacht roimhe agus asal agus pota aige. Nuair a tháinig an sagart suas leis dúirt sé leis casadh.
‘Féach i lár an bhóthair agus gheobhaidh tú píosa leathchorónach ann,’ arsa an sagart leis an bhfear bocht.
Chas sé agus nuair a tháinig sé go dtí an áit a dúirt an sagart leis cad a bheadh a’ siúl trasna an bhóthair ach deargadaol. Chas sé ar ais ag an sagart
‘An bhfuair tú é?’ arsa an sagart.
‘Ní bhfuaireas a athair,’ arsa an fear bocht.
‘Cad a chonaic tú?’ arsa an sagart.
‘Deargadaol,’ arsa an fear bocht.
‘Ó,’ arsa an sagart ‘sé an t-áibhirseoir sin a chuir an leathchoróin ansan. Shíl sé go dtiocfainn anuas dem chapall agus beadh seilbh ar m’anam aige.’
Scéal eile ó Labhrás Ó Dúnaighe, Lios an Rabhaidh, Aird Mhór, Contae Phort Láirge
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cáil an diabhail a bhí ar an Deargadaol'