Núíosach sa tóir ar cheannaireacht an UUP

Tá daoine san UUP féin a cheapann gur dána an mhaise é do Jon Burrows seasamh don cheannaireacht gan an taithí a shaothraigh ionadaithe eile go daor

Núíosach sa tóir ar cheannaireacht an UUP

Bhí cúig mhí agus ceithre lá caite sa pholaitíocht ag Jon Burrows, Teachta Tionóil nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag seasamh le teacht i gcomharbacht ar Mike Nesbitt do cheannaireacht an UUP. Ní sheasfaidh Nesbitt sa toghchán Tionóil in 2027 agus d’fhógair sé go n-éireodh sé as an gceannaireacht ag deireadh na míosa seo chun deis a thabhairt dá chomharba fáil faoi réir do vótáil na bliana seo chugainn.

Dúirt Jon Burrows gur theastaigh toghchán ceannaireachta uaidh ach nuair a chuir sé a hata sa bhfáinne Déardaoin ní raibh sé soiléir an mbeadh iomaitheoir eile ann agus éiginnteacht faoi rún an leascheannaire reatha Robbie Butler. Sé an Déardaoin seo chugainn an spriocdháta d’ainmniúcháin. Bhí saoithe na suimeanna den bharúil gurb é Burrows rogha na coitiantachta i measc na ngnáthbhall murab ionann agus na seanfhondúirí in Stormont.

Theastódh taithí ar thoghchán de chineál ar bith, fiú ceann inmheánach, go géar ó Burrows, a comhthoghadh ina Theachta Tionóil d’Aontroim Thuaidh i mí Lúnasa seo caite. Iarphóilín sinsearach le taithí fhairsing is ea é, tá sé deisbhéalach ar na meáin agus neamhfhaiteach san Tionól ach ní raibh sé gníomhach sa bpolaitíocht go dtí gur tugadh isteach in Stormont é. Níor sheas sé i dtoghchán áitiúil, toghchán Tionóil ná olltoghchán go dtí seo ach más é a bheas ina cheannaire ar an UUP ag deireadh na míosa seo caithfidh sé a pháirtí a ullmhú le haghaidh toghcháin na gcomhairlí agus toghchán Tionóíl i gceann 16 mí.

Dúshlán mór é sin do cheannaire ar bith i bhfianaise laige an UUP ach do dhuine ar bheagán taithí ní tástáil go dtí é. Mar bharr ar an mbrú sin ní ribín réidh a bheidh ann an suíochán in Aontroim Thuaidh a choinneáil. Ní fada ó dúirt an ceannaire a thug isteach sa pháirtí é, Mike Nesbitt, nár mhór do Burrows díriú ar a shuíochán a bhaint seachas aidhm ar bith eile. Bhí sé intuigthe go raibh ceannaireacht an pháirtí i gceist aige. Deichniúr Teachtaí atá ag an UUP in Stormont faoi láthair. Baineadh leath de na suíocháin sin ar an gcomhaireamh deiridh agus áirítear nach féidir talamh slán a dhéanamh de go gcoinneofar iad uilig.

Tá Burrows uaillmhianach agus é ag caint ar an bpáirtí a atógáil. Meastar gur chabhair mhór dá fheachtas ceannaireachta é gur thoiligh an t-aon bhean i measc na dTeachtaí, Diane Armstrong as Fear Manach/Tír Eoghain Theas, a bheith ar an ticéad leis don leascheannaireacht. Is ina toghcheantar atá an líon is mó ball ag an UUP agus beidh vótaí na ndaoine sin cinniúnach ar an 31 Eanáir má bhíonn toghchán ann. Baineann Armstrong le teaghlach a bhfuil traidisiún láidir Aontachtach aige, iníon le Harry West, a bhí ina cheannaire ar an bpáirtí sna 1970idí .

Cé go bhfuil taithí pholaitiúil ag Armstrong is Teachta Tionóil comhthofa ise chomh maith le Burrows. Iarchomhairleoir í a fuair vóta maith i dtoghchán Westminster anuraidh ach níor toghadh í. Fuair sí an suíochán in Stormont a bhí ag Tom Elliot nuair a rinneadh Tiarna dósan. Ba é freagra Burrows ar ghearáin faoi bheirt neamhthofa a bheith ar an ticéad gur Teachta comhthofa í an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly an DUP. B’fhíor dó ach toghadh ise uair don Tionól agus uair do Westminster.

Tá daoine san UUP féin a cheapann gur dána an mhaise é do Burrows seasamh don cheannaireacht gan an taithí a shaothraigh ionadaithe eile go daor. Níl tacaíocht na dTeachtaí ar fad aige agus ní foláir nó gur údar imní é cé chomh neamhaontaithe a d’fhéadfadh an fhoireann a bheith dá gceapfaí é ina cheannaire gan aon iomaíocht. Ní raibh toghchán ceannaireachta ag an bpairtí ó 2012 cé gur athraíodh ceannaire cúig uaire.

Cén tionchar a bheadh ag ceannaireacht Burrows? Sin í an cheist. Maíonn daoine a thugann liobrálaithe aontachtacha orthu féin gur i dtreo na heite deise a thabharfadh sé an páirtí. Dúirt Sarah Creighton, an tráchtaire aontachtach agus dlíodóir, san Irish News go raibh an t-aontachtas liobrálach marbh, í ag tuar gur i dtreo an DUP/TUV a bhogfadh Burrows nó Robbie Butler an UUP.

Deir Jon Burrows gur aontachtach ‘neamhleithscéalach’ é. San Tionól ba léir gur mhian leis sáiteáin a thabhairt faoi Shinn Féin agus Alliance – iompar a thaitin leis an gcosmhuintir, is cosúil. Níor facthas mórán difríochta idir a leagan amach i ndíospóireachtaí agus cur chuige an DUP. Ar éigean is plean fáis don UUP é iad a bheith ina meath-DUP.

Ó tharla nach bhfuil Burrows ach lá fliuch sa pholaitíocht níl a fhios ag an bpobal cé na polasaithe a bheadh aige, ach deir cuid den chosmhuintir gur fiú a dhul sa seans air.

Fág freagra ar 'Núíosach sa tóir ar cheannaireacht an UUP'