Níl ‘A Fairytale of New York’ ‘feiliúnach’ níos mó, ach céard faoi ‘Cúnnla’ agus ‘Amhrán Pheigín Adley’?

I gCumann Chluain Aird i mBéal Feirste a dúradh lenár gcolúnaí nár cheart dó an t-amhrán ‘Cúnnla’ a rá toisc gur éigniú atá i gceist ann

Níl ‘A Fairytale of New York’ ‘feiliúnach’ níos mó, ach céard faoi ‘Cúnnla’ agus ‘Amhrán Pheigín Adley’?

I gCumann Chluain Aird i mBéal Feirste a cuireadh in iúl dhom nach amhrán feiliúnach le casadh é ‘Cúnnla’.  Bhí comóradh ar bun acu an oíche sin mar go raibh Raidió Fáilte tar éis duais a thabhairt leo.

Ní raibh mé ach taobh istigh den doras nuair a tháinig cailín a bhí breá suáilceach chugam gur thairg sí ceapaire agus deoch dhom.

Ní raibh aon deoch mheisciúil ólta agam le dhá bhliain déag roimhe sin agus d’iarr mé ceann de na beoracha seo nach mbíonn aon alcól iontu. ’Sé an scéal a bhí aici ar theacht ar ais di nach raibh a leithéid de dheoch acu.

Thairg sí deoch uisce mianraí dhom. Ní raibh tóir ar bith agam air sin agus ba é deireadh an scéil gur bhris mé na geasa agus gur ordaigh mé pionta Heineken.

Bhí ceol agus amhránaíocht ann ina dhiaidh sin agus mise ag baint an-sásamh as cúpla pionta eile Heineken. Iarradh orm amhrán a chasadh. Bhí leisce orm dream chomh groíúil leo a eiteachtáil agus is dóichí go raibh an bheoir i mo spreagadh tuilleadh. Dúirt mé ‘Cúnnla’.

Ní raibh an focal deiridh as mo bhéal agus an bualadh bos faighte agam nuair a tháinig cailín slachtmhar eile i mo threo.

‘Níor thaitnigh sé sin liom,’ ar sise.

‘Tuigim dhuit,  a dheirfiúirín,’ arsa mise, ‘níor cheap mé riamh gur amhránaí maith mé; ní dóigh liom  go bhfaighinn ‘glaoch ar ais’ ag an Oireachtas.’

‘Ní shin é atá i gceist agam ar chor ar bith,” ar sise ‘ach an t-amhrán féin; éigniú atá i gceist san amhrán sin.’

Baineadh stangadh asam.

‘Níor chuimhnigh mé riamh air mar sin,’ arsa mise.

‘Ó sea,’ ar sise le teannadh ‘éist arís leis na focail’.

A Chúnnla chroí, ná tar níos gaire dhom

A Chúnnla chroí ná tar níos gaire dhom

A Chúnnla chroí ná tar níos gaire dhom

By dad muise tiocfaidh,  a deir Cúnnla.

‘Nach shin é do dhóthain de chruthú?’ a dúirt bean Bhéal Feirste, ‘agus féach an chaoi a bhfuil na línte eile ag dul i dtreo an ionsaithe gnéis freisin’.

Cé hé siúd thíos atá ag leagan na gclaíocha,

Cé hé siúd thíos atá ag bualadh na fuinneoige?

Cé hé siúd thíos atá ag fadú na tine dhom?

Cé hé siúd thíos atá ag cur uisce sa gciteal dhom?

Cé hé siúd thíos atá ag tochas mo bhonnaíocha?

Cé hé siúd thíos atá ag tarraingt na pluide dhíom?

Níl a fhios agam cé mhéad duine a d’aontódh léi, ach tá a fhios agam go bhfuil an t-amhrán seo á mhúineadh as éadan do ghasúir i gConamara. Phléigh mé an t-ábhar le bean as Conamara ó shin.

‘Níor cheart dhuit aird ar bith a thabhairt ar bhean sin Bhéal Feirste,’ a dúirt sise, ‘nach ag spreagadh Chúnnla a bhí an bhean atá san amhrán; imní a bhí uirthi ‘NACH dTIOCFADH sé chomh fada léi.’

Má chuirtear ‘Cúnnla’ faoi choinnealbhá caithfear an rud céanna a dhéanamh le hamhráin Ghaeilge eile. Céard faoi ‘Amhrán Pheigín Adley’?

Rug tú orm is leag tú mé,

Is chuir tú lámh i m’ascaill siar,

Is nuair nach bhfuair tú an t-airgead

D’athraigh tú do ghlór.

Tá a fhios agam gur ag féachaint an raibh airgead aici sula bpósfadh sé í a bhí sé ach ní cheapfainn gur línte iad a thaitneodh rómhaith leis na mná atá i ngluaiseacht #MeToo.

Ní hiad na hamhráin Ghaeilge amháin atá faoi scrúdú ar an gcaoi seo faoi láthair. Tá amhras mór caite ar dhá amhrán Béarla, ‘Baby It’s Cold Outside’ agus ‘Fairytale of New York’. 

Fear agus bean atá ag freagairt a chéile san amhrán ‘Baby It’s Cold Outside’ freisin. Tá seisean ag iarraidh í a mhealladh faoin bpluid. Ach oiread le Cúnnla tá tine bhreá fadaithe aige di. Tá sise a’ rá go mbeadh a hathair agus a máthair ar buile ach níl sé ráite in áit ar bith aici go bhfuil fonn uirthi an tairiscint a dhiúltú.

Ní shásaíonn sin na mná atá in aghaidh an amhráin.

Maidir le ‘Fairytale of New York’ ní mná ach fir atá ag cur a gcosa uathu faoi —fir aeracha sa gciall homaighnéasach den fhocal. Deir siadsan gur amhrán homafóbach é. An masla a chaith Kirsty McColl le Shane Mc Gowan san amhrán atá á gcur ar buile: ‘you scumbag, you maggot, you cheap lousy faggot’.

Is fuath leo an focal ‘faggot’.

Chuir beirt litreacha faoi seo chuig an Irish Times an lá faoi dheireadh. Dúirt duine acu gur leagan coitianta a bhí ann i gcontae Longfoirt fadó. Mná a thugadh ar a chéile é, a dúirt sé.  Dúirt an duine eile go bhfuil sé i leabhar James Joyce, Ulysses – ‘that old faggot Mrs Riordan’.

Ach sula ndéanfaidh mé dearmad ar an amhrán ‘Cúnnla’ chuile sheans gur chuala  Kirsty McColl ina hóige é.  Chaith Seosamh Ó hÉanaí  tréimhsí i dteach a hathar Ewan McColl mar ar taifeadadh comhrá agus amhráin uaidh. Bhí  ‘Cúnnla’  ar cheann acu.

Iarscríbhinn: Tá sé i gceist agam féin feachtas a thosú in aghaidh amhrán  eile Nollag ‘Grandma Got Run Over By a Reindeer’.  Tá aithne agam ar  chúpla Mamó a gcuireann sé lán a gcruite de chantal orthu.

Fág freagra ar 'Níl ‘A Fairytale of New York’ ‘feiliúnach’ níos mó, ach céard faoi ‘Cúnnla’ agus ‘Amhrán Pheigín Adley’?'

  • Puililiú!

    Grandma got run over.. . A Sheosaimh, cuir Gaeilge air a chéaduair! Tosóidh mise feachtas ina dhiaidh sin. Beidh muid in ann craic níos fearr a bhaint as.

  • Tomás

    Agus ceard faoi, “Grá mo chroí mo pháistín fionn…. a cíocha geala mar bhláth na n-úll…is a píob mar an eala lá Márta”??? Nó ceann do #MeToo na bhFear (seanfhir!), gach uile fhocal in “An Seanduine Dóite”, nó ceard déarfá le “go mbristear do chosa…is do chnámha”??? A Mhaighdean Dé! (… b’fhéidir go bhfuil an rá sin toirmiscthe anois leis?)

  • An Teanga Bheo

    Tá Cunnla thar barr dhomsa is masla do amhráinaithe cumusach a bheith ag lochtú an t amhrán sin. Fear maith a bhí in Cunnla cas é uair a bith dohomsa le do thoil !

  • Seáinín

    ‘A nocht a théann sa bhearna baoil’?…(Amhrán na bhFiann)???
    ‘Róisín Dubh’??

  • Jackie Mac Donncha

    Tás againn, ar deireadh, céard a bhaineann amhrán as Seosamh.
    Nach maith a chuaigh sé as nár chas sé Malaí Ní Mhaoileóin!
    Maidir leis an amhrán Cúnnla: chuile sheans go raibh Cúnnla agus í féin pósta, agus nach raibh sa rud uilig ach píosa cleitínteachta idir fear agus a bhean.

  • Seáinín Dotey

    ‘Fairytale of New York’? Níl an teideal féin (…fairy…) ‘feilúnach’. Níl sé ceart ná cóir. Ní maith!

  • Fionn

    Is maith liom a ‘Fairytale of New York’. Ta se go halainn. Nil a lan Gaeilge agam. Ta bron orm. :(

  • Fionn

    Is maith liom Fairytale of NY. Nil a lan gaeilge agam. Ta bron orm.

  • Peadar Ó Ceannabháin

    An dream a chum Peigín Adley choinníodar acu héin an t-amhrán, ag déanamh grinn os íseal. Is cinnte nach samhlóidís choíchin go gcraolfaí é. Amhrán magúil ar bith a bhfuil ainmneacha luaite ann níor thaithnigh sé le bunáite an phobail, níor mhaith leo go mbeifí ag magadh faoi dhaoine bochta a raibh anó an tsaoil orthu.