Ní gá dúinn an bholscaireacht a shlogadh chun go n-éireodh léi, ní gá di ach chuile rud a chur faoi amhras

Níor chóir brath ar aon rud a deir aon taobh i gcogadh gan fianaise neamhspleách

Ní gá dúinn an bholscaireacht a shlogadh chun go n-éireodh léi, ní gá di ach chuile rud a chur faoi amhras

Nuair a theipeann ar gach argóint eile, titeann roinnt daoine nach maith leo an t-ábhar fianaise-bhunaithe atá á chur ar fáil sa tsraith altanna seo faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin siar air leagan éigin de: ‘tá bolscaireacht ar an dá thaobh’.

Nuair a thosaigh mé ar na haltanna seo, ní raibh aon mhór-eolas nó réamhchlaonadh láidir agam faoin Úcráin. Go deimhin, bhí cineál tuairim agam go raibh cuid mhaith den fhírinne i roinnt de na hargóintí frith-Úcránacha a bhí ann, ar nós gur tharla ‘coup’ san Úcráin in 2014. Bhí siad cloiste chomh minic sin agam gur ghlac mé leis go gcaithfeadh go raibh bunús leo.

Ach, de réir mar a thosaigh mé ag déanamh staidéar ar fhoinsí neamhspleácha chun iarracht a dhéanamh ciall a bhaint as na líomhaintí agus na frithlíomhaintí éagsúla, thosaigh patrún soiléir ag teacht chun solais – is sna hargóintí ar son na Rúise is mó a bhí eolas bréagach, easnamhach nó míchruinn in úsáid.

I ngach uile chás ina raibh scéal iomlán difriúil ag an dá thaobh maidir le ceist mhór a bhain le bunús na coimhlinte nó le hiompar an dá thaobh le linn an chogaidh, agus go raibh fianaise ar fáil faoin gceist ó fhoinse údarásach neamhspleách idirnáisiúnta, bhí an fhianaise sin ag teacht a bheag nó a mór leis an leagan Úcránach den scéal.

Níl anseo ach cúpla sampla:

  1. Deir an Rúis gur mharaigh an Úcráin 14,000 sibhialtach sa Donbas idir 2014 agus 2021. Deir Coimisiún na Náisiún Aontaithe gur maraíodh tuairim is 3,000 sibhialtach – idir shibhialtaigh a mharaigh an Rúis agus sibhialtaigh a mharaigh an Úcráin. Glacann an Úcráin le figiúirí na Náisiún Aontaithe.
  2. Deir an Rúis gur ‘coup’ foréigneach i gcoinne rialtas ‘pro-Rúiseach’ Yanukovich ab ea eachtraí ar a dtugann muintir na hÚcráine ‘Réabhlóid na Dínite’ in 2014. Deir rialtas na hÚcráine gurbh iad fórsaí Yanukovich a thosaigh an foréigean i gcoinne léirsitheoirí síochánta agus gur mharaigh siad breis agus 100 léirsitheoir. Tagann breithiúnas de chuid Chúirt Chearta Daonna na hEorpa leis an méid sin.
  3. Deir an Úcráin gur chuir an Rúis líon mór sibhialtach chun báis i mBucha, gur chéas siad daoine agus gur éignigh siad mná agus páistí. Deir fórsaí na Rúise gur ‘stáitsigh’ an Úcráin na heachtraí sin. Tagann Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Human Rights Watch agus Amnesty International go hiomlán le leagan na hÚcráine den scéal.
  4. Maíonn an Rúis gur vótáil 93% de phobal Zaporizhzhia i bhfabhar aontú leis an Rúis sa ‘reifreann’ a d’eagraigh siad i Meán Fómhair 2022. Ach san olltoghchán trí bliana roimhe sin bhuaigh páirtí polaitiúil Volodymyr Zelensky seacht gcinn as naoi dtoghcheantar i Zaporizhzhia, bhuaigh iarrthóir pro-Eorpach neamhspleách suíochán amháin agus páirtí pro-Rúiseach suíochán amháin. Dhearbhaigh an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, eagraíocht a bhfuil an Rúis ina ball de, an toghchán a bheith saor agus féaráilte. Vótáil 91% de phobal Zaporizhzhia ar son neamhspleáchas na hÚcráine i 1991 – vóta ar ghlac an Rúis leis a bheith bailí ag an am. Tá fianaise den chineál céanna a léiríonn go bhfuil torthaí reifrinn na Rúise sna réigiúin eile a ndearnadh ionghabháil orthu as alt go hiomlán leis an bhfianaise neamhspleách atá ar fáil faoi thuairimí an phobail sna réigiúin sin.

Tá neart samplaí eile den chineál seo sna haltanna a scríobh mé ó thús an ionraidh, ar nós an chinn seo faoi sháruithe cearta daonna sa chogadh.

Ní hionann seo is a rá gur féidir brath ar gach rud a deir rialtas na hÚcráine. Níor chóir brath ar aon rud a deir aon taobh i gcogadh gan fianaise neamhspleách. Nuair a bhuail diúracáin an Pholainn i mí na Samhna seo caite, mhaígh rialtas na hÚcráine ar dtús gur diúracán Rúiseach a bhí ann ach tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin gur diúracán Úcránach a bhí ann.

Ní chiallaíonn sé seo ar fad níos mó ná níos lú ná an méid atá á rá agam – arís agus arís agus arís eile nuair atá fianaise neamhspleách ar fáil tagann sé níos mó le leagan na hÚcráine de chúiseanna na coimhlinte agus le leagan na hÚcráine d’iompar an dá thaobh le linn an chogaidh.

Fágann seo gur féidir le ceann de thrí rud a bheith fíor.

  1. Táim ag tabhairt cur síos míchruinn agus claonta ar an bhfianaise neamhspleách atá ar fáil agus lá ar bith feasta seiceálfaidh iriseoir éigin na foinsí a d’úsáid mé, agus scríobhfaidh siad alt ag bréagnú gach rud atá scríte agam.
  2. Táim ag tabhairt cur síos cruinn ar an bhfianaise ó fhoinsí neamhspleácha ach tá Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Human Rights Watch agus Amnesty International agus An Chúirt Eorpach um Chearta Daonna agus an Chúirt sa Háig a d’fhiosraigh cás MH117 agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus Cumann na Croise Deirge ar fad páirteach i gcomhcheilg chun fianaise bhréagach nó chlaonta i gcoinne na Rúise a sholáthar.
  3. Tá leagan na Rúise de chúrsaí ina bhfuil fianaise neamhspleách ar fáil bréagach den chuid is mó agus tá leagan na hÚcráine de na cúrsaí sin fíor den chuid is mó.

Tá fianaise neamhspleách ar fáil go maraíonn Iosrael i bhfad níos mó Palaistíneach ná mar a mharaíonn Palaistínigh Iosraelaigh. Tá fianaise neamhspleách ar fáil go ndearna fórsaí Mheiriceá agus na Breataine coireanna cogaidh san Iaráic agus san Afganastáin. Tá roinnt daoine a ghlacann leis gur fíricí doshéanta iad sin ach nuair a chuirtear fianaise chomh láidir céanna i dtaca le hiompar na Rúise ina láthair, úsáideann siad gach leithscéal chun an fhírinne a sheachaint – ‘tá an dá thaobh chomh dona lena chéile’, ‘tá bolscaireacht ar siúl ag an dá thaobh’ agus mar sin de. Chun go n-éireodh le bolscaireacht ní gá go gcuirfeadh sé ina luí orainn rud éigin a chreidiúint. Is leor go gcuirfeadh sé ina luí orainn gan aon rud a chreidiúint.

Abair go ndeir an Úcráin go bhfuil sé ag cur báistí agus go ndeir an Rúis nach bhfuil. Ar chóir don iriseoir an méid a mhaíonn an dá thaobh a thuairisciú agus sin eile? Nó ar chóir dó breathnú amach an fhuinneog chun fáil amach cé acu an bhfuil sé ag cur báistí nó nach bhfuil?

Fág freagra ar 'Ní gá dúinn an bholscaireacht a shlogadh chun go n-éireodh léi, ní gá di ach chuile rud a chur faoi amhras'

  • Gabriel Rosenstock

    An cóir dúinn breathnú amach an fhuinneog, mar a deir Fachtna, chun fáil amach cé acu an bhfuil sé ag cur báistí nó nach bhfuil? Ní leor breathnú amach an fhuinneog i mo thuairimse mar tá sé ag cur báistí, cinnte, áit éigin. Lastall de raon na súl agus na gcluas, b’fhéidir, ach ag cur báistí mar sin féin. Nach bhfuil? Breathnaigh amach an fhuinneog. Cad a fheiceann tusa? Síocháin nó coimhlint? Is í an choimhlint a fheiceann na meáin i gcónaí – bídís ‘neamhspleách’ nó ‘claonta’ – mar ní ábhar nuachta atá sa tsíocháin, san easpa coimhlinte. Beo ar na mairbh atá na meáin.
    I bhfocail eile, ní mór dúinn go léir sinn féin a athoiliúint agus sinn ag féachaint amach an fhuinneog, d’fhonn a fháil amach cad atá ag titim amach dáiríre. Ní leor na fíricí. Bíonn iriseoirí róghafa le fíricí. Cad atá laistiar de na fíricí?
    Nuair a ghlacas-sa páirt cheana ar Tuairisc.ie i ndíospóireacht faoi chúrsaí cogaíochta, d’admhaíos go rabhas i m’Ainrialaí, rud a chuir iontas ar dhaoine áirithe. Ná cuireadh. Níl aon rud ar domhan níos cóngaraí d’aigne na nGael ná níos dúchasaí, ó thaobh chúrsaí sóisialta de, ná an tAinrialachas.
    Ceann de chlasaicigh mhóra an Ainrialachais is ea Mutual Aid le Kropotkin. Cad is ‘mutual aid’ ann? Comhar na gcomharsan, an córas Gaelach a théann i bhfad siar agus ar tháinig deireadh leis, nach mór, le máirseáil bhorb an chaipitleachais agus na teicneolaíochta.
    Táim in ann fáil réidh le mo naimhde, nuair a dhéanaimse cairdeas leo. Ní Ainrialaí a dúirt an méid sin ach uachtarán ar Mheiriceá, Abraham Lincoln. An mbeadh George Bush in ann é sin a rá? Thachtfadh na focail sin é. An bhfuil Putin in ann iad a rá? Zelensky? Níl an chosúlacht sin air.
    Bhímís ag déanamh iontais, a scríobh Camus, cá raibh cónaí ar an gcogadh, cad a dhein chomh hurghránna sin é. Agus tuigimid anois agus tá a fhios againn cá bhfuil cónaí air . . . ionainn féin.
    I bhfocail eile, tá i bhfad Éireann níos mó le scríobh agus le rá faoin gcogadh – gach cogadh – seachas cur síos míleata ar a bhfuil ag titim amach i mbéal an chatha. Na fíricí. Nuair a luaimse an blagaire, agus file, Caitlín Johnstone le daoine áirithe deirtear liom, ‘ Bíodh ciall agat! Níl inti sin ach bota Rúiseach.’
    Conas deireadh a chur le cogadh? Bhí réiteach simplí ag Einstein. Ní chuirfidh aon ní deireadh le cogadh, a dúirt sé, go dtí go ndiúltaíonn na daoine féin páirt a ghlacadh ann. Agus dúirt an fear céanna rud atá á rá ag Ainrialaithe le fada an lá: ómós gan smaoineamh don údarás an namhaid is mó atá ag an bhfírinne.
    Mar fhile, níl agamsa ach cleite in aghaidh na gclaimhte, mar sin scríobhas suantraí le déanaí. Cén fáth suantraí? Mar déantar dearmad ar pháistí go minic agus an tráma a fhulaingíonn siad nuair a bhíonn cogadh ar siúl. Ní áirítear deora an linbh agus fíricí a mbailiú. Ag breathnú ar ghrianghraf de chúigear iar-uachtarán Meiriceánach agus iad ina seasamh gualainn le gualainn a bhíos, straois orthu, ar shuíomh Chaitlín Johnstone:
    https://caitlinjohnstone.com.au/
    Is as sin a tháinig an suantraí searbh seo.

    Suantraí

    A Mhamaí! Feicim arrachtaí trím’ néal is táid garbh,
    An ann dóibh dáiríre, na neamh-mhairbh?
    Feicimse leis iad, a stóirín ó
    Is ann dóibh, och ochón.
    A Mhamaí! Táim in ann a gcuid smaointe a léamh.
    Tá cogadh uathu is ár!
    A iníon ó, dún do shúile, codladh sámh.
    ‘Fuil atá uainn!’ Sin atá acu á rá.
    Téigh a chodladh, a ghrá.

    A Mhamaí! Tá croí an domhain ina chrotal cnó
    Táimid linn féin – agus beidh go deo.

    An rud atá áiféiseach agus náireach faoin gcogadh, a scríobh Aldous Huxley, ná go dtraenálfaí daoine nach bhfuil faic acu i gcoinne a chéile go pearsanta chun dúnmharú a dhéanamh, as fuil fhuar. D’aontaigh Einstein leis. Dúnmharú, gan fiacail a chur ann. Dúnmharú, as fuil fhuar.
    Dúnmharú? Sea! Níl sa chogadh, a dúirt Alfred Adler, ach dúnmharú eagraithe agus céasadh ar ár ndeartháireacha. Gan amhras. Cad eile!
    Déarfaidh an tSeirbhís Shéiplíneachta d’Óglaigh na hÉireann leat nach dúnmharú in aon chor é agus go bhfuil Dia ar a dtaobh. (An le gach taobh atá Dia mar sin, le gach arm?) Agus chun a chruthú go bhfuil Dia leo, tá na focail seo as an mBíobla ar shuíomh na Séiplíneachta chun saighdiúirí a bheadh ag máirseáil a ghríosú agus a threorú: ‘Ghabh an Tiarna rompu mar cholún néil sa lá ag tabhairt eolas na slí dóibh . .. ’ Náireach amach is amach!
    Bhí an ceart ag Shakespeare nuair a dúirt sé, ‘The Devil can cite Scripture for his purpose.’ Náireach!
    Bhuel, ar a laghad ar bith, arsa Allen Dulles (CIA), tá taithí á fháil againn le haghaidh an chéad chogadh eile. Bravo!
    I gcaitheamh na staire, aithnímid Gaeil a bhí ar an dá thaobh, Gaeil a bhí ar son an chogaidh agus ina choinne, agus Gaeil ag troid i gcoinne a chéile i gcoimhlintí éagsúla. Dúirt Anne O’Haire McCormick: ‘Sa lá atá inniu ann, teist cumhachta is ea cogadh a sheachaint seachas cogadh a thionscamh.’
    Seanghalar is ea an chogaíocht. Casadh foghlaí mara ar Naomh Agaistí fadó agus ar seisean leis an naomh, ‘Nuair nach bhfuil agat ach long bheag tugtar sceimhlitheoir ort. Má tá loingeas mór agat, tugtar impire ort.’ A dhiabhail, nárbh fhíor dhó!
    Mheas Barbara Bush go raibh aigne álainn aici. An bhfuil a fhios agat cad dúirt sí ar an seó Good Morning America, ar an 18ú Márta, 2003? “Cén fath a gcloisfimis faoi mhálaí corpáin, agus scéalta bais. . . is é sin le rá, níl aon bhaint acu le rud ar bith. Cén fáth a bpléifeadh m’aigne álainnse lena leithéid?’ A Dhia na bhFeart!
    Arsa Bertrand Russell: ‘Mura gcuirfidh daoine deireadh le cogadh, cuirfidh cogadh deireadh le daoine.’ An mó fáidh eile a chaithfidh foláireamh den sórt sin a thabhairt dúinn? Mura n-éistear leo ní bheidh fáidh ar bith fágtha. Ní bheidh duine ar bith fagtha, saighdiúir ná iriseoir. Ní bheidh fágtha ach na seangáin.

  • Antóin

    -Mharaigh sibh 14,000
    -Dia idir sinn agus gach bréag; níor mharaigh muid ach 3,000
    -Bhuel, coup foréigneach a bhí ann
    – Ah, bladar! Dia idir sinn agus gach eitheach; coup síochánta a bhí ann

    An ag déanamh réidh do gheamaireacht na Nollag atá muid!

    Is olc an scéal nuair atá tú ag síormhíniú!

  • Tá an bás á fhearadh...

    Sea, níl neart agam air: bím an-amhrasach faoin léargas lánchinnte a chuireann iriseoirí na dearbhchinnteachta romham agus gan de bhunús lena ndearbhchinnteacht ach tuarascálacha na n-eagraíochtaí ‘neamhspleácha’ ‘iontaofa’ faoi chorrchás as na céadta cás.

    Dar liom gur chóir dúinn uilig bheith amhrasach.

    Cé a roghnaíonn na cásanna ar mian leis ‘an domhan mór’ go bhfiosródh na heagraíochtaí neamhspleácha iontaofa iad? An freagra: seirbhísí faisnéise…agus mífhaisnéise…na dtíortha cogaíochta maille lena gcuid amhas sna meáin chumarsáide ‘iontaofa’. Cé a fhiosraíonn na cásanna nach mian leo siúd a fhiosrú? An freagra: fíor-iriseoirí. Cén eagraíocht neamhspleách iontaofa a d’fhiosraigh an sabotage ar phíblínte Nordstream? Níor fhiosraigh! D’fhiosraigh an Fhionlainn agus an Danmhairg an cás ach níor fhionn siad dada. Ach d’fhiosraigh an t-iriseoir neamhspleách Seymour Hersch (buaiteoir an iomad mórghradam iriseoireachta) an cás agus d’fhoilsigh sé toradh a fhiosrúcháin. Rinneadh a bheag de sna meáin chumarsáide ‘iontaofa’; i ndiaidh an iomláin ní raibh aige ach foinse anaithnid amháin!

    Ach lá i ndiaidh lae, foilsíonn The New York Times agus The Guardian agus mórán meán ‘iontaofa’ eile scéalta arb é is ainbhunús dóibh foinsí gan ainm i seirbhísí (mí)f(h)aisnéise MI6 agus araile, nó i ngníomhaireachtaí ‘nuachta’ ‘neamhspleácha’. Lá i ndiaidh lae, foilsíonn siad scéalta ‘nuachta’ nach nuacht thuairisciúil iad; gan iontu ach tráchtaireacht ghlic mhí-eolach nach bhfuil d’aidhm léi ach atmaisféar oiriúnach a chruthú le haghaidh an chéad bhirt eile atá á bheartú in Whitehall nó sa Pentagon.

    Amharc amach go bhfeice tú an bhfuil sé ag cur, a deir sé!

    Ba mhaith don iriseoir éirí óna dheasc cois fuinneoige (seachas a chuid ama uilig a chaitheamh ag slogadh fianaise as tuarascálacha neamhspleácha): siúladh sé amach dó féin – dearcadh sé an spéir agus an talamh, amharcadh sé uaidh; úsáideadh sé a chéadfaí agus a intleacht uile.

    (Cá bhfios nach bhfeicfeadh sé, nach gcluinfeadh sé, nó nach mothódh sé, nach báisteach atá ann ar chor ar bith – go bhfuil píobán uisce a chomharsan, an garraíodóir, i ndiaidh titim ar a thaobh, nó go bhfuil an chomharsa eile thuas ag glanadh na sclátaí dín le cumhachtscairdire!)

    Rud amháin fearthainn agus báisteach, ach cad é más é an bás atá á fhearadh? B’fhiú fiosrú ceart a dhéanamh air sin.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá pointí ansin agat, agus pointí láidre ar m’anam, a dhuine gan ainm!

    Is maith liomsa iriseoirí nach bhfuil eagla orthu a gcomhiriseoirí agus na meáin trí chéile a chur faoin micreascóp. Duine acu sin is ea James Wolcott, a dúirt: ’Aimpliú ar na bréaga a insímid dúinn féin is ea bréaga an rialtais agus na meán. Chun nach mbuailfí bob ort, stop ag bualadh bob ort féin.’ Spéisiúil. Féachaims ar rudaí eile a scagann an bhréag ón bhfírinne, go háirithe maidir le cogadh agus síocháin.
    Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe, tráth, ab ea Charles Evans Hughes a bhí den tuairim go raibh gach cogadh ina choir agus gur cheart féachaint orthu siúd a chuireann tús le cogadh mar choirpigh.
    Dá mbeadh ciall ar bith ag arm, theithfidís, a dúirt Montesquieu agus an ceart ar fad aige. D’aontaigh Feardorcha Mór (Friedrich der Große) leis: ‘Dá dtosódh mo chuid saighdiúirí ag smaoineamh, ní fhanfadh duine acu san arm.’
    Bíonn iriseoirí coimeádacha áirithe fiú amháin, leithéidí Charley Reese, in aghaidh na cogaíochta mar, faoi mar a dúirt Reese, tá airm ollscriosta i lámha polaiteoirí, airm atá i bhfad níos casta ná a bpróisis smaointeoireachta féin! Ba cheart go dtabharfadh sé sin ábhar machnaimh dúinn.
    Creideann go leor ginearál gur rud mírmhorálta ann féin is ea cogadh, an Ginearál (Cúig Réalta) Omar Bradley, mar shampla. Agus aontaímse leis an nGinearál céanna nuair a dúirt sé gur mó an cur amach atá againn ar chogadh ná ar shíocháin. Is é an fíoras sin a spreagann mé chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna seo. Táim bréan bailithe de thuairisciú na meán a sheachnaíonn caint ar shíocháin agus a thagraíonn do chogadh mar rud normálta, nach mór. Ní rud normálta é. Siocóis atá ann dáiríre. Galar. Bímid tapa go maith ag gníomhú mar chine nuair a bhíonn paindéim dhomhanda ann. Conas nach bhfuil an phráinn chéanna ann, a shiúracha agus a bhráithre, chun confadh cogaidh a cheansú?
    Níl gach aon fhear airm dallta ag an gcogadh. ‘Racket’ atá ann dar leis an nGinearál Smedley Butler, Muirshaighdiúir mór le rá. Cambheart is ea é, ar seisean, agus bhí sé riamh mar sin. An cambheart is sine agus is brabúsaí ar fad! D’admhaigh Butler go mbíodh a acmhainn mheabhrach ina staic nuair a d’fhaigheadh sé ordú ó cheannaire. Níor traenáladh é chun smaoineamh ar rud ar bith seachas ordú a chur i gcrích. Ruabhéic a ligean agus an cloigeann a bhaint d’iora rua? É a ithe, amh? Na putóga san áireamh? Cinnte! Rud ar bith ar son mo thíre, rud ar bith chun an namhaid a threascairt.
    File a rugadh i mBaile Átha Cliath 150 bliain ó shin agus Ainrialaí nótáilte ab ea Lola Ridge. I ndan léi a d’aistríos, An Tine, samhlaíonn Lola fir óga á loscadh ag ceannairí airm:

    Tá tine lasta ag seanóirí an domhain
    Chun a lámha creathacha a ghoradh.
    Cothaíd an tine sin le slatairí óga.
    Na fir óga á ndó acu mar a dhófaí gad.

    Má éalaíonn macaomh uathu
    Beidh goimh ar na seanóirí.
    Béarfaidh siad air, ceanglófar é, caithfear chun na
    lasracha
    Arís é. Dónn gad glas go mall . . .
    Agus an ghal ó chéasadh na bhfear óg
    Ag éirí go cruinn, chomh hard le tamhan colúnach
    darach,
    An doircheacht ag leathnú ar fud na spéire . . .

    Is mall a dhónn an gad glas . . .
    Agus suíonn seanóirí an domhain seo timpeall na tine
    A lámha á gcuimilt acu . . .
    Gal na bhfear óg céasta, áfach,
    Éiríonn in airde gan stad gan staonadh.

    Léiríu is ea dán Lola ar rud a dúirt Chris Hedges, iriseoir: ‘I ndeireadh na dála, is é atá sa chogadh ná feall; feall déanta ag seanóirí ar ógánaigh, feall déanta ag polaiteoirí ar shaighdiúirí, feall déanta ag soinicithe ar idéalaithe.’ Braithimise, mar idéalaí, fírinne an ráitis sin go láidir.
    Ba chóir go mbeadh dán de chuid Lola ar shiollabas na hArdteistiméireachta, dar liomsa.
    Cad faoin gcogadh coisctheach, cogadh chun cogadh a chosc? Hitler a chuir tús leis sin, dar le Eisenhower, mar sin, ar seisean, ní éisteoinn le héinne a bheadh ag smaoineamh ar a leithéid.
    Níor lean a chomharbaí an chomhairle sin, faraor. Is cosúil go raibh an Ginearál Eisenhower an-amhrasach faoi thionscal an chogaidh, an tionscal is mó ar domhan. Dúirt sé uair amháin agus ba dheacair a shamhlú go ndéarfadh mórán dá chomharbaí go deo é: ‘Measaim go santaíonn daoine an tsíocháin chomh mór sin go mbeidh ar an rialtas lá éigin bogadh as an tslí agus í a thabhairt dóibh.’
    Tugann go leor de na ráitis seo ábhar machnaimh agus lón anama dúinn, smaointe nach bhfuil an iriseoireacht in ann a nochtadh nuair is tuairisceoireacht atá bunaithe ar fhíricí agus staitisticí í. Tar éis an tsaoil, tá trí chineál bréige ann, dar le Mark Twain: ‘Bréaga, Bréaga Damanta, agus Staitisticí.”
    Tá na déithe uile marbh, arsa Eldridge Cleaver, seachas dia an chogaidh. Gan amhras. Is deacair an drochrud a mharú, deirtear.
    I ngach cogadh, fulaingíonn na buaiteoirí chomh maith, dar le Eleanor Roosevelt a thagair don chogadh mar bhúmarang!
    Cad a bhí ar aigne ag Geoge W. Bush nuair a thug sé óraid uaidh in Washington, DC, ar an 6 Meitheamh, 2002: ‘Ba mhaith liom go mbeadh a fhios agaibh nuair a labhraímid faoi chogadh, gur ag caint ar an tsíocháin atáimid dáiríre.’ Dáiríre?
    Deir Jeanette Rankin nach féidir cogadh a bhuachan, faoi mar nach féidir crith talún a bhuachan. B’fhíor di.
    Tógfaidh sé tamall orainn deireadh a chur le cogaí. Dúirt John. F. Kennedy go dtiocfaidh an lá sin nuair a bheidh an clú agus an gradam céanna ag an agóidí coinsiasach is atá ag an laoch inniu.
    Níl cnuasaithe anseo agam ach frásaí, abairtí, focail. Níl aon mhaith in aon nath acu gan cuid de throscán ár n-aigne a dhéanamh díobh, díreach mar a stóráladh ár sinsear romhainn na seanfhocail go léir a bhí mar lóchrann gaoise dóibh.
    Má thugtar nathanna síochánaíochta don ghlúin óg, má spreagtar iad chun machnamh a dhéanamh orthu, seans maith go mbeadh fonn orthu neodracht na hÉireann a bheith cumhdaithe sa Bhunreacht do na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh.
    Tá an domhan ar maos i mbolscaireacht chogaidh de gach saghas, cuid de i riocht siamsaíochta, cluichí físeáin agus mar sin de. Is gá frithbholscaireacht a chruthú ina coinne.

  • Máire

    Taighde maith mar is gnáth agus tá se suimiúl conas mar a léiríonn roinnt de na tráchtanna roinnt de na pointí a bhí á dhéanamh go háirithe: ‘Chun go n-éireodh le bolscaireacht ní gá go gcuirfeadh sé ina luí orainn rud éigin a chreidiúint. Is leor go gcuirfeadh sé ina luí orainn gan aon rud a chreidiúint.’ Ach an bhfuil an law of diminishing returns ag ciceáil isteach anois leis na haltanna seo? Tá daoine ann agus ní creidfidh siad aon rud ach an rud ar mian leo a chreidiúnt cuma cén fianaise a chuirfear ar fáil. Ach tá na haltanna ina cuireann tú taighde nua i láthair fós suimiúl ar nós an ceann faoin pobal Tatar nó na cinn a bhí bunaithe ar dhaoine ón Rúis is ón Úcráin ar labhair tú leo. Ta i bhfad barraíocht tuairimíochta in iriseoireacht scríofa na Gaeilge agus níl go leor den iriseoireacht sin ann – iriseoireacht bunaithe ar thaighde nó ar labhairt le daoine.

  • Criostóir de Staic

    Deir an t-uasal Rosenstock gur ‘fáidh’ a bhí in Bertrand Russell. San aiste ‘The Future Of Mankind’, thuar Russell go raibh trí fhéidearthacht roimh an gcine daonna faoi dheireadh an 20ú haois – 1. Go dtiocfadh deireadh iomlán le saol an duine daonna ar domhan. 2. Go bhfillfimis ar an mbarbarthacht tar éis don daonra titim go tubaisteach. 3. Go dtiocfadh rialtas domhanda i réim a chuirfeadh deireadh leis an gcogaíocht. Bhí dul amú ar Russell go huile agus go hiomlán. Dá bhrí sin, ní dóigh liom gur cheart labhairt faoi Russell amhail is gur údarás a bhí ann ar chúrsaí cogaíochta agus síochána. B’fhearr dúinn ‘fáithe’ níos cruinne agus níos iontaofa a aimsiú.

  • Gabriel Rosenstock

    Miotas is ea é, dar liomsa, gurb í an iriseoireacht is fearr amuigh ná an iriseoireacht sin atá bunaithe ar thaighde agus ar fhíricí, ar fhianaise na súl agus ar fhianaise na gcluas, gan trácht ar fhianaise na staire. Níl ansin ach cuid den scéal. An iriseoireacht is fearr amuigh – agus an scríbhneoireacht is fearr amuigh – ná an iriseoireacht sin a bhféachann an t-iriseoir isteach ann féin, ina chroí féin, chomh maith le bheith ag féachaint uaidh. Cad a fheiceann an duine sin? An bhfeiceann sí dúil sa tsíocháin agus comhbhá lena comhneacha?
    Is as sin – féinscrúdú – a thagann dea-iriseoireacht agus dea-scríbhneoireacht araon, dar liomsa. Anailís fhuarchúiseach ar choimhlint, gan combhá a bheith againn leis an dá thaobh, d’fhéadfadh meaisín é sin a dhéanamh agus, faraor, ní féidfir a rá a thuilleadh an meaisíní nó daoine atá ag plé le gach saghas scríbhneoireachta na laethanta seo. Tá taifeadadh déanta ag Werner Herzog, an scannánóir Gearmánach, ar dhánta a scríobh meaisín!
    https://lithub.com/i-am-the-only-one-who-should-recite-them-when-werner-herzog-narrates-your-ai-poetry-collection/
    Is é tuairim na gcriticeoirí faoi na dánta sin ná go bhfuil siad ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an gcine daonna. Táim cinnte go bhfuil!

  • Gabriel Rosenstock

    Ní gá go mbeadh an fáidh cruinn ar fad ina chuid ráiteas. Is leor guth an ghaineamhlaigh a bheith ann chun foláireamh a thabhairt dúinn. Ní gá go mbeadh fáithe cruinn i gcónaí ó thaobh dátaí de: b’fhéidir go bhfuil fírinne fós i ráitis Russell ach go mbaineann siad le deireadh an 21ú haois. Is minic roimh a n-am iad na fáithe céanna! Tá fáithe ann a labhraíonn inniu faoi athrú aeráide, faoi chogadh núicléach. An mb’fhearr dá mbeidís ina dtost? Creidimse nach aon dochar é éisteacht le fáithe. Dá n-éistfí le fáithe athrú aeráide fiche bliain ó shin, cá bhfios ná go bhféadfaí tubaistí ar nós tuilte marfacha na Libia a sheachaint? Tá foláireamh faighte againn!

  • Criostóir de Staic

    Ní dóigh liom féin gur rud maith é an reacaireacht uafáis riamh. Na daoine a thugann Gabriel fáithe orthu is reacairí uafáis cuid mhaith acu, dar liom. Sampla maith a bhí in Bertrand Russell a raibh meon iontach duairc aige faoi thodhchaí an chine dhaonna. Is cinnte go mbíonn an cine daonna i bponc uaireanta ach ‘múineann gá seift’. Bíonn bealaí againn chun teacht as an tsáinn ina bhfuilimid. Ní dhéanann reacairí uafáis ach scaoll a leathadh i measc an phobail, go háirithe i measc daoine óga (sin cuid den rud is cúis leis na fadhbanna meabhairshláinte a bheith chomh coitianta sin i measc déagóirí agus leis an dream óg a bheith éadóchasach agus gan bhrí sa saol – cad is fiú faic a dhéanamh mura mairfidh an cine daonna i bhfad eile?).

    Tá amhras ormsa faoi chuid de na daoine a bhíonn ag tuar tubaistí aeráide, mar sin. Bhí scaoll ann sna 1970idí maidir le fuarú domhanda. Is iomaí reacaire uafáis a bhí ann an t-am úd ag maíomh gur ghá éisteacht leo agus a gcuid comhairle a leanúint chun tubaiste a sheachaint, faoi mar atá á dhéanamh ag Greta Thunberg inniu. Féach siar ar iar-eagráin de chuid an New York Times le haghaidh samplaí den reacaireacht uafáis. Thart ar scór blianta ó shin, mhaígh ‘saineolaithe’ timpeallachta go mbeadh Nua-Eabhrac faoi uisce faoin am seo agus go mbeadh gorta ann sa Bhreatain faoin am seo freisin. Cén fáth ar cheart dúinn aird a thabhairt ar a leithéid? Tá cuid mhaith de na tuartha aeráide a dhéanann siad bunaithe ar bhuillí faoi thuairim agus ar shamhlacha agus sin an méid. Bhí daoine ann i gcónaí ag tuar tubaistí – agus iad ag iarraidh go dtabharfaí aird agus airgead dóibh as ucht a gcuid ‘saineolais’ agus ‘fadbhreathnaitheachta’ a roinnt linn. B’fhéidir go gceapann siad le fírinne an méid atá á rá acu ach cuid mhaith acu bhí dul amú orthu chomh minic sin san am atá thart nach bhfuil a gcuid tuartha inchreidte a thuilleadh. Féach ar paul Ehrlich, atá ina laoch ag an ngluaiseacht ghlas mar shampla – ‘Paul Ralph Ehrlich (born May 29, 1932) is an American biologist best known for his pessimistic and inaccurate predictions and warnings about the consequences of population growth and limited resources’. https://en.m.wikipedia.org/wiki/Paul_R._Ehrlich

  • Bran an madra

    Tá na tráchtanna anseo osréalaíoch!

  • Bran an madra

    Tar éis na dtráchtanna scaipthe scaoilte fánacha ar fad thuas a fhoilsiú ghearr Tuairisc amach na focail ‘wuf wuf!’ Ó mo theachtaireacht gearr gonta faoin OSRÉALACHAS!!! Nach bhfuil meas madra agaibh orm tar éis an méid atá déanta agam ar son pháistí na hÉireann?

  • Gabriel Rosenstock

    Bhí saoi dall in Albain tráth, fáidh. Chuaigh sé ag fanaíocht trí Gharbhchríocha na hAlban agus is é an port a bhí aige ná, ‘Mo thrua ort,a thír, tá an chaora mhór ag teacht!’ Ní dúirt sé cathain a thiocfadh, cén lá, cén mhí, cén bhliain – ach tháinig! Tháinig caoirigh an Diúc Sutherland agus bánaíodh Gaeltacht na hAlban.
    Tuilleadh eolais:
    https://spookyscotland.net/brahan-seer/

  • Diarmuid de Faoite

    Feictear dom go bhfuil an t-iriseoir ag déanamh argóna ar son a) a chumas iriseoireachta agus b) tacú leis an Úcráin sa chogadh cumhachta domhanda seo.
    Tá toradh an ghéillidh ar son cogaíochta le braistint inniu inár bpócaí is inár gcroíthe gan trácht ar reiligí a mbeidh clanna Úcránacha agus Rúiseacha ag tabhairt cuairte orthu nó go dtéann síad féin san uaigh. D’oscail na huaigheanna arís agus cuireadh le toradh na n-argóintí ar son cogaíochta i Libia sna tuillte 20 bliain i ndiadh na n-argóintí sin a bheith déanta. Ní hé go bhfilleann an feall ar an bhfeallaire, filleann an feall ar an té ar imríodh feall orthu.