Ní féidir oidhreacht na dTrioblóidí a scuabadh ar shiúl

Bogfaidh Westminster ar aghaidh ach ní bheidh sé chomh héasca bogadh ar aghaidh abhus

Ní féidir oidhreacht na dTrioblóidí a scuabadh ar shiúl

Brandon Lewis. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tugann ochtar as gach deichniúr den ghlúin a rugadh i ndiaidh na dTrioblóidí an t-eiteachas do phlean na Breataine chun cosc a chur le fiosruithe, cúisimh, ionchoisní agus cásanna sibhialta faoi eachtraí a tharla le linn na dTrioblóidí.

Léirigh pobalbhreith a rinne Lucid Talk seachtain ó shin, agus a foilsíodh san Belfast Telegraph Dé Luain, go raibh 78% den aoisghrúpa idir 18 agus 24 in éadan an phlean. Teachtaireacht a léiríonn gur ag cur uisce i gcriathar a bhí an Státrúnaí Brandon Lewis agus an Príomh-Aire Johnson lena leigheas ar oidhreacht na dTrioblóidí.

Mhaígh siad go gcuirfeadh a scéim clabhsúr ar na Trioblóidí agus go gcothódh sí athmhuintearas. Beag an seans nuair nach bhfuil aon ghlacadh leis ag daoine nach raibh taithí acu féin ar an réabadh agus an marú. B’údar iontais ag roinnt daoine é ach tá leagan amach na n-óg ag teacht leis an taighde a léiríonn go seachadtar pian iarthrámach ó ghlúin go glúin.

Dúirt 71% den bpobal fré chéile go raibh an plean do-ghlactha. Bhí 86% de vótóirí náisiúnacha agus poblachtánacha agus 84% de Chaitlicigh ina éadan i gcomparáid le 58% de vótóirí aontachtacha agus 63% de Phrotastúnaigh. Díol suntais é go raibh aon trian de vótóirí aontachtacha báúil le cosc ar fhiosrúcháin.

Is cosúil ón méid eolais a bhailigh Lucid Talk gur mheas roinnt go raibh iomarca béime ar eachtraí a raibh baint ag na fórsaí cosanta leo agus easpa tóraíochta ar an IRA; ba é an plean seo rogha an dá dhíogha dar leo. I gcodarsnacht leis an dream óg bhí triúr as gach deichniúr de dhaoine os cionn 65 báúil leis an bplean. Is iad na daoine óga a imreoidh tionchar ar chúrsaí amach anseo.

D’fháiltigh na páirtithe agus eagraíochtaí na n-íobartach roimh thorthaí na pobalbhreithe, b’athdhearbhú ar a seasamh in aghaidh an phlean é 71% a bheith ina choinne. D’airigh roinnt íobartach a d’fhulaing foréigean an IRA gurb é an ‘géilleadh do phoblachtánaithe le trí bliana fichead’ mar a thug siad air ba shiocair le trian den phobal aontachtach a bheith toilteanach cur suas le plean suarach rialtas Boris Johnson. Tagairt é sin do leithéidí na ‘litreacha sóláis’ a thug rialtas Tony Blair do dhaoine ‘ar a dteitheadh’ ag rá nach rabhthas sa tóir orthu.

Fuair na poblachtánaithe na litreacha sin nuair a thit scéim eile as a chéile, ceann a thabharfadh saoirse ó chúiseamh do pharaimíleataigh agus fórsaí slándála araon. Bhí Sinn Féin an-sásta leis an scéim sin go dtí gur nocht Mark Durkan SDLP céard a bhí beartaithe acu féin agus Londain. Bhí íobartaigh ar buile agus tharraing Sinn Féin siar ón margadh. Anois tá siad in éadan saoirse ó chúiseamh d’fhórsaí an stáit, an príomhúdar atá le plean an rialtais.

Is léir nach ionann na cúiseanna atá ag gach dream lena bhfreasúra don phlean. Tá roinnt den bharúil go bhfuil géarleanúint á déanamh ar fhórsaí slándála mar a mhaíonn Boris Johnson agus na Tóraithe. Deir a thuilleadh gur chosain an Bhreatain a fórsaí beag beann ar mhí-iompar nó marú. Tá daoine agus páirtithe eile dírithe ar chearta na n-íobartach, cuma cé a bhí ciontach as na coireanna.

Córas bailithe eolais atá á mholadh ag Brandon Lewis. An gceapann aon duine, i ndáiríre, go dtiocfaidh daoine chun tosaigh leis an bhfírinne a insint: ón IRA, INLA, UVF, UDA, RHC nó saighdiúirí na Breataine – an saighdiúir F a d’inis bréaga ag Fiosrú Saville, nó Stakeknife, nó na feidhmeannaigh a láimhseáil gníomhairí ar nós Stakeknife nó na daoine a cheadaigh iad?

Cibé seans a bheadh ann – agus is caolseans é – go ndéanfadh daoine admhálacha mar aiseag as saoirse ó chúiseamh, céard a spreagfadh chun fírinne iad nuair a bheadh cúiseamh nó fiú cás sibhialta toirmiscthe cheana féin?

Ba bhreá an rud é a bheith in ann an phian, an t-anró agus an fuath atá mar oidhreacht ar na Trioblóidí a chealú mar a ghlanfá scláta. Agus é sin a dhéanamh gan a thuilleadh dochair a dhéanamh. Ach raiméis is ea é a rá go ndéanfar é sin trí bhunchearta a cheilt ar dhaoine. Is fíor gur iomaí íobartach gur beag seans atá acu ar chúiseamh nó ciontú. Ach mar a léiríonn fiosrú Kenova faoi mharú Tom Oliver bíonn seans ann i gcónaí go bhfaighfear rian beag fianaise nua.

Níl a fhios go fóill an bhfuil na beartais sa phlean dleathach. Seans go gcomhlíonfadh saoirse ó chúiseamh an dlí mar go mbainfeadh sé le gach dream. Ach conas is féidir le cosc ar ionchoisne agus ar chás sibhialta a bheith dlíthiúil? Chífimid, ach is maith fada an t-achar a thógfaidh dúshláin sna cúirteanna.

Idir an dá linn áfach tá na huimhreacha ag Boris Johnson in Westminster chun a phlean a bhrú chun críche, go leor tacaíochta ó na Tóraithe aige, beag beann ar fhreasúra an mhóraimh i dTuaisceart Éireann. Má ritear an reacht beidh Johnson sásta gur thug sé aire do na hiarshaighdiúirí agus go bhfuil a phlean féinchúiseach i bhfeidhm. Bogfaidh Westminster ar aghaidh ach ní bheidh sé chomh héasca bogadh ar aghaidh abhus, ní scuabfaidh Boris Johnson agus Brandon Lewis oidhreacht na dTrioblóidí ar shiúl.

Fág freagra ar 'Ní féidir oidhreacht na dTrioblóidí a scuabadh ar shiúl'