Ní deis infheistíochta nó tráchtearra de chuid an mhargaidh é teach ach áit chónaithe

An féidir leis an eite chlé teacht le chéile chun an tír a shaoradh ón aimhréidh?

Ní deis infheistíochta nó tráchtearra de chuid an mhargaidh é teach ach áit chónaithe

Is cuma cé chomh minic a phléann muid an scéal, ní thagann aon athrú riamh ar mhífheidhmiúlacht an stáit ina maireann muid. Dá mhéid a labhraímid faoi athrú, is amhlaidh gur mó a fhanann an scéal mar atá.

Tithíocht arís. Agus arís tá tuarascáil ann ón ESRI [Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta] ag rá nach n-éireoidh leis an rialtas an sprioc a bhaint amach maidir le tithe nua a thógáil. Agus arís, an uair seo, deir an tAire, James Browne, go scrúdóidh sé an tuarascáil.

Ní ghlacann sé aon fhreagracht as teip pholasaithe an rialtais, ach maíonn sé go bhfuil “an Stát ag soláthar thart ar 50% de na tithe uile sa tír seo anois”.

“Ach,” a deir sé, “más mian linn teacht suas go 50,000 nó 60,000 teach in aghaidh na bliana chun go mbeadh an méad tithe a theastaíonn ag daoine, caithfimid an earnáil phríobháideach a spreagadh chun gnímh.”

Sea, an earnáil phríobháideach!

Ach nach é sin an fhadhb. Ní deis infheistíochta nó tráchtearra de chuid an mhargaidh é teach ach áit chónaithe. Nuair a réitigh muid géarchéimeanna tithíochta sa stát seo roimhe seo, níorbh í an earnáil phríobháideach a rinne é ach an stát féin.

Ach tá an rialtas – agus an stát idir pholaiteoirí rialtais agus státseirbhísigh – chomh dílis sin d’idé-eolaíocht an mhargaidh nach féidir leo smaoineamh taobh amuigh den bhosca sin.

Mar an gcéanna le cúrsaí sláinte. Tá cual mór scannal ann ar ndóigh: obráidí cromán ar leanaí nach raibh gá leo; liostaí feithimh ag dul i méad in aghaidh an lae; easpa seirbhísí meabhrach do leanaí; agus, mar bharr ar an donas, costas ospidéal na leanaí ag dul i méad as cuimse, is fós gan aon dáta cinnte faoi cathain a osclóidh sé nó cén costas a bheidh air sa deireadh.

Sa Dáil, nuair a ceistíodh an Tánaiste, Simon Harris, a bhí ina aire sláinte nuair a síníodh an conradh le BAM a cheadaíonn na harduithe costais seo, dúirt sé go réchúiseach go bhfuil a fhios againn go léir go bhfuil an costas ag dul i méad.

Tada le feiceáil anseo; bogaimis ar aghaidh!

Le bheith féáráilte ní hé Simon Harris a dhréachtaigh an conradh lofa seo le BAM; ba iad na státseirbhísigh a rinne é; ach is léir gur dhréachtaigh siad an conradh i dtéarmaí idé-eolaíocht an mhargaidh, agus iad ag brath ar an earnáil phríobháideach arís.

Brabús mór don earnáil phríobháideach; costas mór don stát!

Oideachas agus easpa múinteoirí agus curaclam á bhrú ar mhúinteoirí agus is léir gur cuma go gcuireann siad ina aghaidh.

Córas pleanála nach ligeann d’aon fhiontar dul ar aghaidh. Easpa forbartha tuaithe. Polasaithe tráchta contráilte. Níl deireadh le liosta na bhfadhbanna gan réiteach.

Tá a fhios againn go léir na nithe seo. Bíonn an chuid is mó dínn ag gearán fúthu go láidir. Ach tugann móramh dínn i gcónaí ár gcuid vótaí do na páirtithe atá freagrach as an teip.

Sa bpobalbhreith is deireanaí, Red C an tseachtain seo caite, thug 39% tacaíocht d’Fhianna Fáil is do Fhine Gael, agus 13% eile do neamhspleáigh ar den eite dheis an chuid is mó díobh agus iad ag tacú freisin leis an rialtas. Sin 52%.

Bhí 37% ag Sinn Féin, Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre is Pobal seachas Brabús. mar aon le 11% ag na Glasaigh, Aontú agus Éire Neamhspleách. Sin 48%.

Níl mórán sa difear, ach ar na figiúirí seo, in ainneoin mhíshástacht fhorleathan an phobail i dtaobh an rialtais, tá sé deacair bheith dóchasach faoi aon athrú.

Tuigeann an rialtas é seo, agus sin é an fáth gur cuma leo faoi na gearáin is gur cuma leo an teip.

Tá comhartha beag dóchais ann mar sin féin. Sé sin go bhfuil na páirtithe ar chlé ag comhoibriú lena chéile beagán ar bheagán i ndiaidh a chéile. Thosaigh sé leis an argóint faoi am cainte sa Dáil; lean sé le héileamh na bpáirtithe go léir go gcuirfí Bille na gCríocha Gafa i bhfeidhm, leis an seasamh coiteann a glacadh faoi ghéarchéimeanna tithíochta is sláinte, agus anois, an deireadh seachtaine seo caite arís, faoi choimirce SIPTU agus an Robert Tressel Society, tháinig na páirtithe le chéile ag Féile Robert Tressel i mBaile Átha Cliath le riachtanas agus féidearthacht na haontachta ar an eite chlé a phlé.

Cinnte tá a lán amhrais fós idir na páirtithe, go háirithe maidir le ról Pháirtí an Lucht Oibre sa rialtais déine (idir 2011 is 2016, go háirithe).

Ach tá an bonn dhá leagan d’aontacht agus, b’fhéidir, éifeachtacht idir na páirtithe le dúshlán soiléir a thabhairt do pháirtithe reatha an rialtais.

Fág freagra ar 'Ní deis infheistíochta nó tráchtearra de chuid an mhargaidh é teach ach áit chónaithe'

  • an cantalóir is measa riamh

    cé go bhfuilim ar an éite chle, ní bheadh mé sásta aon vóta a chaitheamh ar son labour riamh mar gheall ar an feall a rinne siad agus iad i gcumhacht

  • Steve

    Is ionadh agus is ait liom go bhfuil conarthaí rialtais san iliomad tionscadal poiblí fós á mbronnadh go dólách ar BAM fud fad na tíre seo.
    Tionscadail ollmhóra, oll-luachmhara a bhfuil tábhacht ollmhór leo do mhuintir na hÉireann agus do bhonneagar na hÉireann.
    In ainneoin gach a bhfuil tarluithe i gcás costaisí a bheith ag dul ar mire, praiseach agus seafóid Óispidéal na Leanaí, gan ach sampla amháin a lua.
    Cén míniú atá leis seo?
    Céard is bun leis?
    Dá gcaithfeadh conraitheoir príomháideach ar an gcuma chéanna liomsa nó leatsa meas tú an scaoilfeadh muid isteach faoi chaola ár dtí aríst é? Agus a lámh amuigh aige?
    Cé a hireálann na boic seo?