Ní ceart fanacht inár dtost go dtí go dtabharfaidh an tAE cead cainte dúinn

Bhíodh traidisiún láidir ag Fianna Fáil taobhú leis na Palaistínigh, ach is tábhachtaí le Micheál Martin fanacht dílis don AE

Ní ceart fanacht inár dtost go dtí go dtabharfaidh an tAE cead cainte dúinn

An cóir go mbeadh an tír seo ag cur srian ar ár gcuid polasaithe ar mhaithe le comhpholasaí a chinntiú leis an Aontas Eorpach, nó an fearrde muid a bheith inár gcadhan aonair más gá le dearcadh leithleach ar leith na hÉireann a chur in iúl?

Le bheith níos sonraí, an é nach cóir dúinn cur chuige aontaobhach a ghlacadh i dtaobh a bhfuil ar siúl i nGaza, mar a dúirt an Tánaiste Micheál Martin in alt a foilsíodh san Irish Times i rith na seachtaine?

San alt sin, dúirt Martin go bhfuil comhpholasaí aontaithe ag ceannairí an Aontais a thagann le dearcadh na hÉireann, is go bhfuil an tír seo ag tabhairt ceannaireacht don Aontas, á stiúradh go dtí dearcadh níos comhtháite is níos prionsabálta.

Ní fheicim féin aon fhianaise gur mar sin atá.

Go deimhin ag an tús, bhí seasamh an Aontais ar aon dul le seasamh Mheiriceá, is níor labhair aon cheannaire Eorpach sna téarmaí ar labhair an Taoiseach Leo Varadkar faoin scéal.

Agus nílim ag tagairt d’Ursula von der Leyen amháin, ach do Joseph Borrell, Macron, Scholz is ceannairí eile.

Is fiú a mheabhrú dúinn féin conas mar a labhair Varadkar.  Ar dtús, dhearbhaigh sé nach raibh sé inghlactha díriú ar infreastruchtúr sibhialta.  Ansin chuir sé i leith rialtas Iosrael go raibh siad ag sárú an dlí idirnáisiúnta.  Ansin d’iarr sé sos cogaidh daonnúil ar an toirt.

Níl a leithéid ráite ag aon cheannaire Eorpach eile ar an gcaoi lom sin.

Chuaigh Martin in adharca le Michael McDowell freisin ar an ábhar seo.  Dúirt McDowell go raibh an chuma ar an scéal go raibh an tAontas Eorpach ag géilleadh do na stocairí Iosraelacha i Meiriceá is ag tabhairt cluas bhodhar d’ionghabháil Iosrael ar thailte Palaistíneacha ar an mBruach Thiar.

Agus lean sé air agus thagair sé don mhóramh san Oireachtas a thug tacaíocht do bhille nach gceadódh earraí ó na críocha gafa isteach sa tír seo. Dúirt rialtas na linne go mbeadh sé neamhdhleathach de réir dhlí na hEorpa.

Ansin, nuair a bhí na trí pháirtí rialtais ag cur clár rialtais le chéile fágadh an Bille sin as an áireamh, cé go raibh Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas in ainm is a bheith ar a shon.

Deir Martin anois go bhfuil an rialtas go dearfach i gcoinne ionghabháil thailte na bPalaistíneach. Ach níl muid le rud ar bith a dhéanamh faoi.

Dar leis ní bheadh ann ach ‘taispeántas’ nó cur i gcéill.  Tá sé níos fearr, a mhaígh sé, feidhmiú tríd an Aontas, agus iarracht taidhleoireachta a dhéanamh chun ár ndearcadh a chur chun cinn.

Go praiticiúil ciallaíonn sé sin go bhfanfadh muid inár dtost nuair a d’oirfeadh sin don Aontas.

Is ait an rud é, measaim, go bhfuil Fianna Fáil faoi cheannas Mhartin ar an mbac is mó sa tír roimh sheasamh praiticiúil a dhéanamh ar son na Palaistíne agus gurb é Fine Gael an páirtí is mó sa rialtas seo a sheasann leo.

Bhíodh traidisiún láidir ag Fianna Fáil taobhú leis na Palaistínigh, ach is tábhachtaí le Martin cloí leis an Eoraip.

A mhalairt is ceart a bheith ann. Má thugann muid droim láimhe leis an seasamh Eorpach, mar a rinne Varadkar, is mó an tionchar agus an brú a bheidh ag a leithéid ná aon chaint dheas taobh thiar den doras iata.

Ach baineann an argóint seo go fírinneach le cén cineál caidrimh is cóir a bheith againn leis an Aontas.  An cóir dúinn a bheith chomh dílis sin nach bhfuil guth ar bith dár gcuid féin againn, nó an uirlis eacnamaíochta is trádála an tAontas dúinn gan aon ról aige maidir le seasamh an hÉireann faoi chásanna móra an domhain?

Tá uafás an scéil ag éirí níos measa, na mílte maraithe agus, is cosúil, teaghlaigh, iriseoirí is dochtúirí mar thargaidí ag Iosrael.

Agus tá oifigigh de chuid Iosrael anois ag caint faoin bpobal Palaistíneach a dhíbirt amach as tuaisceart Gaza ar fad. Ní hé go bhfuil an talamh chomh torthúil sin, ach tá acmhainní gáis nádúrtha le fáil sna farraigí ar chósta Ghaza.

Ionghabháil eile ar na bacáin is cosúil, ach ceapann Martin gur chóir dúinne fanacht inár dtost go dtí go dtabharfadh an tAontas Eorpach cead cainte dúinn.

An stát ardcheannasach do phobal ardcheannasach muid, nó an cúige imeallach muid a chaithfeas cloí le rialacha atá déanta ag daoine eile?

San idirlinn, tá muintir na Palaistíne ag fulaingt, tá Iosrael ag ullmhú ollsléachta is tá Martin buartha go ndéarfadh muid rud ar bith a bheadh difriúil óna bhfuil á rá ag an Eoraip.

Fág freagra ar 'Ní ceart fanacht inár dtost go dtí go dtabharfaidh an tAE cead cainte dúinn'

  • Fachtna Ó Drisceoil

    ‘Agus tá oifigigh de chuid Iosrael anois ag caint faoin bpobal Palaistíneach a dhíbirt amach as tuaisceart Gaza ar fad.’ Eoin Ó Murchú 30 Deireadh Fómhair 2023

    ‘Ná bí buartha: nuair a bheidh na hÚcráinigh dibrithe as an Donbas cloisfidh tú guth na muintre.’ Eoin Ó Murchú 27 Bealtaine 2022, Twitter

  • Antóin

    Cén fáth a bhfuil POF nua ar Web Summit anois!

    Tuigeann an Tánaiste gur furast coireanna cogaidh Hamas a cháineadh ach nach féidir coireanna cogaidh Iosrael a cháineadh. Nach ait an mac an saol!

  • Eoin Ó Murchú

    Sé an difear nach dtuigeann Fachtna ná gur dúchasaigh an Donbas iad an pobal Rúiseach is gur tháinig an tArm Úcráineach isteach ón taobh amuigh. Is dúchasaigh Ghaza an pobal Palaistíneach is ón taobh amuigh a thainig an tArm Iosraelach.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Ar mhaithe leis an taifeaid, tá Eoin mícheart faoin Úcráin mar is gnáth.

    Ba Úcráinigh eithneacha iad nach mór 60% de phobal an Donbas roimh thús an chogaidh. Agus ar eagla nach bhfuil muinín aige as daonáireanmh na hÚcráine léirigh na daoináirimh sa ré Sóivéadach an rud céanna.