‘Ní bheinn ag súil lena mhalairt’ – leabhar Gaeilge ar bith ar liosta den 100 leabhar Éireannach is fearr sa 21ú haois

Deir foilsitheoirí na Gaeilge gur údar díomá seachas údar iontais é go ndéanann nuachtáin Bhéarla neamhaird ar shaothair Ghaeilge

‘Ní bheinn ag súil lena mhalairt’ – leabhar Gaeilge ar bith ar liosta den 100 leabhar Éireannach is fearr sa 21ú haois

Tá díomá ar lucht foilsitheoireachta na Gaeilge nach raibh leabhar Gaeilge ar bith ar liosta a foilsíodh ar an Irish Times den 100 leabhar ficsin ‘is fearr’ as Éirinn le 25 bliain anuas.

Ach deir foilsitheoirí na Gaeilge nach aon ábhar iontais é go ndéanfadh liosta mar sin i nuachtán Béarla neamhaird ar shaothair Ghaeilge.

Dúirt eagarthóir leabhar an Irish Times, Martin Doyle, le Tuairisc, nach raibh aon chosc ar an 60 moltóir a roghnaigh an liosta leabhar Gaeilge a mholadh ach nach bhfuair aon leabhar Gaeilge dóthain vótaí.

Timpeall cúigear den 60 moltóir a bhfuil Gaeilge acu nó aon saineolas acu i litríocht na Gaeilge.

“Ní bheinn ag súil lena mhalairt, ní dhearna an Irish Times léirmheas i mBéarla ar aon leabhar linne, fiú leabhair a bhuaigh duaiseanna,” a deir Darach Ó Scolaí, údar agus úinéir an tí foilsitheoireachta Leabhar Breac.

“Sílim go mbeadh spéis fiú ag léitheoir an Bhéarla léamh faoi úrscéalta i nGaeilge, faoi leabhair a ghnóthaíonn Gradam Uí Shúilleabháin nó gradam an Phoist, nó na gradaim eile atá ann do leabhair.

“Shílfeá go mbeadh ailt faoin méid sin féin ag The Irish Times, ach stop muid ag cur leabhair isteach acu mar is léir nach bhfuil spéis ag na heagarthóirí litríochta in aon ábhar i nGaeilge. Cén leigheas atá air sin? Níl a fhios agam,” arsa Ó Scolaí.

Deir úinéir agus stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht Deirdre Ní Thuathail nach ábhar iontais di ach oiread nár éirigh le haon úrscéal nó cnuasach gearrscéalta Gaeilge áit a bhaint amach ar liosta an Irish Times a foilsíodh thar thréimhse trí lá an tseachtain seo caite.

“Is cúis díomá é, ach ní chuireann sé aon iontas orainn,” a deir Deirdre Ní Thuathail.

“Is léargas arís eile é ar an neamhaird iomlán a thugann na meáin Bhéarla ar fhoilseacháin Ghaeilge. Ní dhéantar mórán léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge agus ní bhíonn siad luaite i ngné-altanna, in ainneoin go bhfuil neart léitheoirí Gaeilge ag an Irish Times a chuirfeadh spéis ina leithéid.”

Dar leis an léirmheastóir agus scoláire Dónall Ó Braonáin gur léiriú liosta an Irish Times “ar an imeallú atá déanta ar litríocht na Gaeilge sna meáin Bhéarla agus an easpa tuisceana atá acu ar an litríocht sin”.

Deir Ó Braonáin go bhfeictear an easpa tuisceana chéanna le duaiseanna mór le rá.

“Tá duais Ghaeilge ann ag Gradaim Leabhar an Phoist ach is ar éigean atá sé ann agus tá sé ann mar gheall ar urraíocht Fhoras na Gaeilge – ní bheadh sé ann murach sin.

“Is maith le bunaíocht liteartha an Bhéarla a bheith ag feacadh na glúine os comhair an traidisiúin, ach ní léir go bhfuil tuiscint acu ar an traidisiún comhaimseartha.”

Deir an léirmheastóir nach aon ábhar iontais dó nár éirigh le haon leabhar Gaeilge an liosta a bhaint amach.

“Cheadaigh mé ainmneacha na ndaoine ar labhraíodh leo agus ní raibh mórán Gaeilgeoirí ina measc – go háirithe scríbhneoirí agus criticeoirí.

“Déanann na foilsitheoirí agus na scríbhneoirí an obair, cuireann siad am agus infheistíocht isteach ann agus caitheann siad dua leis an ábhar a chur ar fáil. An bhfuil an cultúr critice sách bisiúil agus sách folláin le freagra a thabhairt ar an obair sin?”

Deir Dónall Ó Braonáin go bhfuil ceist le cur “orainn féin” ag lucht na n-ollscoileanna.

“Nuair a fhoilsítear leabhar i nGaeilge an ndéantar cinnte go ndéantar ar a laghad léirmheas téagartha amháin air?”

“Tá ceisteanna ann faoin ról atá ag an litríocht don chéad ghlúin eile agus na sonraíochtaí don dara leibhéal i mbéal an phobail. Níl aon dabht go bhfuil lagan agus tréigean ar an gcorpas liteartha atá á chur ar shúile na léitheoirí óga sa chóras oideachais agus gur cur chuige treallach atá ann anois.”

Dar le Ó Braonáin go mbeadh sé “níos folláine don phobal” dá mbeadh léirmheasanna “ionraice maithe macánta” á gcur ar fáil agus “go mbeadh an plé sin le cloisteáil ar an raidió agus an teilifís, rud nach mbíonn ach go hannamh”.

I litir a chuir sé chuig an Irish Times ach nár foilsíodh go fóill, cheistigh an scríbhneoir Gabriel Rosenstock an é gur mheas painéal 60 moltóir an nuachtáin nár foilsíodh aon leabhar ficsin i nGaeilge arbh fhiú é a chur ar an liosta nó arb amhlaidh go bhfuil “a form of literary apartheid at work in Ireland”.

Dar le Alan Titley, scríbhneoir agus colúnaí Gaeilge leis an Irish Times, bhfuil “apartheid daingean” ar siúl maidir le litríocht na hÉireann agus  go bhfágtar litríocht na Gaeilge laistiar “d’fhalla dophollta”.

“Seanpholasaí ag eagarthóirí liteartha sna nuachtáin agus ar na meáin faillí iomlán a dhéanamh i leabhair Ghaeilge. Ba mhaith leat a cheapadh nach le holc é, ach is cinnte gur le haineolas é.

“Tá apartheid daingean i réim maidir le ‘litríocht na hÉireann’ de faoi láthair,” a deir Alan Titley.

Deir sé go raibh tráth ann go dtugtaí ‘Anglo-Irish Literature’ ar a raibh scríofa sa Bhéarla in Éirinn ach go dtugtar ‘Irish literature’ air “go neamhleithscéalach lom gan náire” anois.

“Táimidne laistiar den fhalla atá nach mór dothreáite, dophollta. Tá pobal mór léitheoirí Gaeilge amuigh ansin nach léann na meáin Ghaeilge. Léifí leabhair Ghaeilge dá mba rud é go raibh siad sa dioscúrsa poiblí ginearálta. Nó léifí níos mó. ‘The great silence’ a bhriseadh, sin é an dúshlán.”

Deir Darach Ó Scolaí nach mbíonn aon spéis go ginearálta ag eagarthóirí litríochta an Irish Times i leabhair Ghaeilge, ná i léirmheasanna a dhéanamh orthu.

“Bheifeá ag súil go mbeadh spéis ag an eagarthóir litríochta in ábhar mar sin, chuir muid leabhair aige a ghnóthaigh duaiseanna – Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi mar shampla – agus ní raibh spéis aige ann.

“Mar a chéile leabhair eile linn a ghnóthaigh na gradaim le cúpla bliain anuas, níor chuir sé spéis iontu. Ní chreidim go bhféadfaí é sin a rá faoi léitheoirí The Irish Times. Is scéalta nuachta atá ann murar tada eile é, ach déanann siad neamhaird iomlán ar aon rud Gaelach.”

Chun teacht ar an liosta den 100 saothar ficsin is fearr as Éirinn ó thosach na mílaoise, thug eagarthóir leabhar an Irish Times, Martin Doyle, cuireadh do 60 duine, idir léirmheastóirí, lucht díolta leabhar, lucht acadúil agus stiúrthóirí féilte, an 50 úrscéal nó cnuasach gearrscéalta is ansa leo féin ón tréimhse sin a roghnú.

Milkman le Anna Burns, a bhuaigh an duais Booker, a bhí sa chéad áit ar an liosta den 100 leabhar ficsin Éireannach is fearr sa 21ú haois.

Dúirt Martin Doyle le Tuairisc gurb é “an t-aon choinníoll a leagadh síos” don liosta gur ficsean de chuid na hÉireann a foilsíodh ón mbliain 2000 a bheadh i gceist.

“Mar sin bhí lánchead ag an thart ar an trí scór léirmheastóir leabhair Ghaeilge a ainmniú agus creidim go ndearna cúpla duine amhlaidh, rud nach gcuirfeadh iontas ort ó tharla go bhfuil roinnt díobh dátheangach agus go scríobhann duine amháin díobh ar a laghad, Éilís Ní Dhuibhne, i nGaeilge agus gur foilsíodh saothar dá cuid i nGaeilge.”

Tá leabhair neamhfhicsin scríofa ag an scoláire Michael Cronin, duine eile de na moltóirí, agus tá Gaeilge ag triúr eile a bhí ar an bpainéal Sinéad Mac Aodha, Tomás Kenny agus Clíodhna Ní Anluain, ach seachas sin ní léir go mbeadh aon saineolas ag aon duine den 55 moltóir eile i litríocht na Gaeilge.

Dúirt Eagarthóir Leabhar an Irish Times nár éirigh le haon leabhair i nGaeilge dóthain ainmniúchán a fháil le háit a fháil ar liosta an 100 leabhar ab fhearr ón mbliain 2000.

“B’fhéidir gur údar díomá é sin ach ní dóigh gurb aon údar iontais é, nuair a chuimhníonn tú ar an gcaoi a bhfuil ag teip ar an gcóras oideachais pobal dátheangach a chruthú. Is maith an seans freisin go léiríonn sé an céatadán de na leabhair ficsin Ghaeilge atá ar díol i siopaí leabhar na hÉireann.”

Dúirt Martin Doyle go mbeadh Éilís Ní Dhuibhne ag déanamh léirmheas ar na leabhair Ghaeilge is fearr i mbliana faoi Nollaig, mír ar chuir sé féin tús léi cúpla bliain ó shin.

“B’fhéidir nach mór sin ach is dul chun cinn é.”

Fág freagra ar '‘Ní bheinn ag súil lena mhalairt’ – leabhar Gaeilge ar bith ar liosta den 100 leabhar Éireannach is fearr sa 21ú haois'

  • Laoighseach Ní Choistealbha

    Alt breá, a Mhaitiú. Chuir mé féin litir chuig an IT faoin liosta ach ní dóigh liom go gcuirfear i gcló é. Cúis díomá nach bhfuil leabhar Gaeilge ar bith ar an liosta, ná leabhar filíochta ar bith ach an oiread. Ficsean i mBéarla amháin. An ionann an t-ábhar a dhíoltar go tréan agus na leabhair is fearr?

  • Sorcha de Brún

    Ba mhaith liom a fháil amach cé na leabhair Ghaeilge a cheapann pobal na Gaeilge a bhfuil áit ar an liosta tuillte acu. Feictear dom go bhfuil go leor úrscéalta liteartha stairiúla scríofa sa Ghaeilge le tamall anuas, agus Gaeilge chasta bhlasta iontu. Ní hé sin an cineál seánra is ansa liom féin – agus níor mhaith liom a bheith ag streachailt leis bhfoclóir i rith an ama chun an scéal a thuiscint – rud a fhágann nach féidir liomsa breithiúnas ceart a thabhairt ar litríocht na Gaeilge ón mbliain 2000 i leith. Ar leag mé méár ar rud ansin, áfach? Cuid den fhadhb ná go bhfuil drogall ar dhaoine an dua a chur orthu úrscéalta stairiúla liteartha a léamh sa Ghaeilge mar gur minic an teanga iontu deacair fiú don chainteoir dúchais.

    Thaitin ‘An Saighdiúir’ le Cathal Ó Searcaigh liom ach ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor chun áit a bheith tuillte aige ar an liosta seo. Cé gur bhain mé taitneamh as an leabhar, tá roinnt mhaith clichéanna ann i dtaobh an chogaidh – an gá é a mheabhrú dúinn gach cúpla leathanach gur damanta an rud í an chogaíocht? Shíl mé gur leor an cur síos ar uafáis na cogaíochta chun é sin a chur in iúl…

  • Gabriel Rosenstock

    Tá eilifint sa seomra nach bhfuil luaite agaibh: bheinnse sásta (ní 100% sásta, ach sásta go leor) dá mbeadh aistriúchán Béarla ar úrscéal Gaeilge ar liosta sin an Irish Times ach conas a bheadh nuair nach bhfuil spreagadh ar bith ann d’aistritheoirí! Tá dualgas ar an eagraíocht Litríocht Éireann tacú le haistritheoirí agus thacóidís go fonnmhar le haistritheoir a bheadh in ann úrscéal Gaeilge a aistriú go Mongóilis, cuir i gcás, ach ní ligeann na rialacha dóibh ábhar Gaeilge a aistriú go Béarla, an lingua mundi atá ann faoi láthair. Cén fáth é sin? Ar eagla nach léifí an bunsaothar Gaeilge: i.e. ligeann siad orthu gur ag cabhrú leis an nGaeilge atá siad! Tá exposé déanta agam ar an eilifint ghránna sin:
    https://www.academia.edu/49489154/Irish_Murdoch

  • Séamus K

    @Sorcha de Brún: Is maith liom féin na húrscéalta stairiúla sin go mór, nuair a smaoinimse féin ar na húrscéalta is fearr ó bhí 2000 ann is iad a leithéid de ‘Scéal Ghearóid Iarla’ agus ‘An Cléireach’ a ritheann liom. Ach céard faoi ‘Madam Lazare’ le Tadhg Mac Dhonnagáin, ‘Tairngreacht’ le Proinsias Mac a’Bhaird, ‘Filleann Seoirse’ le hEilís Ní hAnluain? Sár-leabhair ar fad, dar liom.

    Ní chreidimse ach an oiread gur léigh gach duine ar an bpainéal na leabhair ar fad a piocadh ná go bhfuil spéis acu uilig in achan seánra. Bhí go leor den seánra ‘liteartha’ ann, dar liom; an cineál leabhair a scríobhann Colm Tóibín agus Anne Enright. An é sin an seánra is fearr toisc go gceapann painéal Irish Times gurb ea?

    Tá dhá fhadhb le húrscéalta i nGaeilge, dar liom. Ní léann go leor cainteoirí maithe leabhair i nGaeilge. Ní hionann an chaint agus an teanga scríofa, in aon teanga, agus bíonn ar chainteoirí Gaeilge dul i muinín an fhoclóra go minic mar níl siad chomh cleachtaithe céanna ar an léamh as Gaeilge. Dar liom. An dara fadhb ná go bhfuil sé deacair an obair ar fad a chur isteach in úrscéal a scríobh nuair nach bhfuil go leor airgead ná aitheantas le fáil. Dúirt Ó Cadhain é féin go bhfuil sé deacair a bheith ag scríobh i dteanga a d’fhéadfadh a bheith marbh sula mbeidh an scríbhneoir féin ar shlí na fírinne – nó rud éigin mar sin.

  • Seán Mac an Rí

    Cuid den fhadhb, dar liom, ná gurb beag úrscéal á scríobh sa Ghaeilge a théann i ngleic le fadhbanna comhaimseartha ár linne. Tá rabhartha úrscéalta stairiúla liteartha againn ach cá bhfuil na húrscéalta a phléann taithí an duine óig ar an ollscoil, cuir i gcás, nó saol an inimircigh in Éirinn, gan ach cúpla sampla a lua?

  • Gabriel Rosenstock

    Anuas ar gach aon ní eile, is é an ficsean liteartha atá ag teastáil ó Oireachtas na Gaeilge (má thuigimise an scéal i gceart!), ficsean a thuillfeadh an phríomhdhuais €3,000, ná úrscéal ‘ar thopaicí suimiúla tráthúla’, úrscéal a scríobhfaí ‘i stíl nádúrtha bheomhar sholéite’, rud a chiallaíonn nach nglacfadh moltóirí an Oireachtais le go leor d’úrscéalta 100 an Irish Times dá mba i nGaeilge a scríobhadh an chéad lá iad. B’fhearr liom nach ndéarfadh an tOireachtas, ná éinne eile, le scríbhneoirí na Gaeilge cén stíl atá ag teastáil uathu. Ní monarcha ispíní atá uainn agus an táirge céanna ag teacht uaithi bliain i ndiaidh bliana de réir foirmle!

  • Úna Nic Cárthaigh

    Bheadh sé suimiúil féachaint cad iad na leabhair a bheadh ar an liosta (fiú 50 leabhar) dá ndéanfadh Tuairisc an rud céanna agus painéal moltóirí a chur le chéile…ach gan díriú ar fhicsean amháin.