Naíscoil Ghaeilge réidh le hoscailt in oirthear Bhéal Feirste in ainneoin ‘feachtas fuatha’

Tá láthair nua faighte ag Naíscoil na Seolta in oirthear na cathrach agus cuirfear fáilte roimh na chéad daltaí ar an 4 Deireadh Fómhair

Naíscoil Ghaeilge réidh le hoscailt in oirthear Bhéal Feirste in ainneoin ‘feachtas fuatha’

Osclófar an chéad naíscoil imeasctha Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste an mhí seo chugainn in ainneoin ‘feachtas fuatha’ i gcoinne bhunú na naíscoile. 

Tá láthair nua faighte ag Naíscoil na Seolta in oirthear na cathrach agus cuirfear fáilte roimh na chéad daltaí ar an 4 Deireadh Fómhair. 

Is in ionad Eaglais an Chomhbhráithreachais Chríostaí (Christian Fellowship Church) ar Bhóthar Belmont i mBéal Feirste a bheidh an naíscoil nua lonnaithe.  

Tá gach áit sa chéad bhliain líonta agus 16 leanbh le freastal ar an naíscoil. 

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear na cathrach, ach cinneadh mí Iúil nach dtarlódh sin mar gheall ar fheachtas ar na meáin shóisialta in aghaidh na naíscoile. 

Ag an am, dúirt Linda Ervine, atá lárnach sa phlean an naíscoil a bhunú, nach gcuirfí stop le lucht a bunaithe agus fágann an obair atá déanta ó lár an tsamhraidh go bhfuiltear beagnach réidh chun fáilte a chur roimh na leanaí. 

‘Ní chuirfear stop linn’ – Linda Ervine meáite ar naíscoil Ghaeilge a bhunú in ainneoin ‘feachtas fuatha’

Agus í ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt Caoimhe Ní Chathail, ball de choiste na naíscoile agus tuismitheoir a bheidh ag cur a páiste chuig an scoil, go raibh gach duine atá páirteach sa scoil thar a bheith sásta go raibh an lá oscailte ag teannadh leo. 

“Tá muid ar bís. Bhí tréimhse iontach dhúshlánach againn ach tá muid chomh sásta anois. Bhí roinnt oícheanta ag an gcoiste nuair a cheap muid, ‘Goidé atá ar súil againn anseo?’ ach, sa deireadh thiar thall, le dua agus le tacaíocht an phobail, tá ag éirí linn. Bhí neart teachtaireachtaí galánta seolta chugainn ag rá linn coinneáil orainn agus gan misneach a chailliúint. Chuidigh sin go mór linn.” 

D’admhaigh Charlie Freel, dílseoir a cuireadh i bpríosún as ionsaí buamála a dhéanamh, gurbh eisean a d’eagraigh an feachtas in aghaidh na scoile. Dúirt Ní Chathail go raibh cruinnithe ag lucht na naíscoile leis an dream a bhí ag cur ina gcoinne, Freel ina measc, ach nárbh fhéidir a n-intinn a athrú. 

“Shuigh muid síos leo. Bhí muid ag iarraidh plé a bheith againn leo agus leis an bhfear sin, Charlie, agus deis a thabhairt dóibh a mbuaireamh a nochtadh ach is oth liom a rá nár éirigh linn a dtuairim a athrú ar an rud.” 

Tá Freel fós i mbun feachtais in aghaidh na naíscoile a lonnú sa Bhraniel, cé go bhfuil sé ráite nach dtarlóidh a leithéid anois.  

Tuairiscíodh sna meáin nár fhreastal ach cúigear ar agóid a d’eagraigh Freel in aghaidh na naíscoile an tseachtain seo caite. Rinneadh gearán leis na póilíní maidir le bratach a crochadh ar a raibh ‘No Sinn Fein IRA politically weaponized Irish language in Braniel’ scríofa ach tógadh anuas an bhratach sular tháinig an PSNI. 

Dúirt Caoimhe Ní Chathail go raibh díomá ar na tuismitheoirí nach mbeadh an naíscoil á lonnú i mBunscoil Braniel toisc go raibh “áit ghalánta” le bheith acu ann, ach go bhféadfadh an eachtra uile a bheith chun sochair na naíscoile. 

“Ar bhealach, is scéal dearfach a tháinig as. Tá muid in áit níos lárnaí, tá spás níos mó ag na páistí, tá halla mór súgartha acu feasta.” 

Dúirt sí gur chuir Eaglais an Chomhbhráithreachais Chríostaí fáilte mhór chroíúil roimh lucht na naíscoile agus go bhfuil lucht na heaglaise sáite san obair chun an dá phobal i mBéal Feirste a thabhairt le chéile. 

“Bhí naíscoil Bhéarla ar an láthair na blianta fada ó shin agus chuaigh muid chucu le fáil amach an mbeadh an spás ar fáil. Bhí siad thar a bheith sásta tacú linn,” a dúirt Ní Chathail. “Tá siad ar bís go mbeidh muid ann agus bhí sé iontach gur cuireadh an oiread sin fáilte romhainn i ndiaidh na rudaí a thit amach roimhe sin.” 

Dúirt Ní Chathail gur fhág cúrsaí pleanála, árachais agus riaracháin eile nach raibh an naíscoil in ann oscailt an mhí seo ach go bhfuil an obair faoi lán seoil chun na doirse a oscailt ag tús na míosa seo chugainn. 

“Tá muid ag dul tríd an liosta rudaí atá le déanamh anois agus tá muid ag ceannach bréagáin ghalánta agus ag socrú cúpla rud eile, na rudaí deasa, pléisiúrtha!” 

Ghabh Ní Chathail buíochas le pobal na Gaeilge agus mórphobal an Bhéarla a thug an oiread sin tacaíochta dóibh agus feachtas bailithe airgid curtha ar bun chun tacú le bunú na naíscoile. 

“Bhí muid chun bréagáin dara lámh a cheannach nó glacadh le bréagáin ó áiteanna eile ach d’fhág deonachán airgid go bhfuil muid anois in ann dul amach le liosta siopadóireachta agus rudaí deasa d’ardchaighdeán agus fóirsteanach chun an curaclam a chur i bhfeidhm a cheannach. 

“Is mar gheall ar thacaíocht an phobail go bhfuilimid in ann sin a dhéanamh.” 

Is ar cíos a bheidh an seomra agus na háiseanna ag Naíscoil na Seolta ar bhonn sealadach ach tuigtear gur pléadh ionad buan a fháil don naíscoil nuair a chas Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, le Linda Ervine an tseachtain seo caite. 

Fág freagra ar 'Naíscoil Ghaeilge réidh le hoscailt in oirthear Bhéal Feirste in ainneoin ‘feachtas fuatha’'

  • damhlaic

    Maith sibh!!!!
    I mBéal Feirste cois chuain.
    Damhlaic magShamhráin (Sligeach)

  • Barra Ó hEireamhóin

    Fáilte go dtí an Cnoc Álainn!