Dílseoir a rinne ionsaí buamála ar theach tábhairne taobh thiar d’fheachtas in aghaidh naíscoil Ghaeilge i mBéal Feirste

Charlie Freel, iarshaighdiúir in arm na Breataine agus iarbhall den ghrúpa sceimhlitheoireachta Red Hand Commando, “ríméadach” gur éirigh leis an bhfeachtas agus nach bhfuil an naíscoil le bunú sa cheantar

Dílseoir a rinne ionsaí buamála ar theach tábhairne taobh thiar d’fheachtas in aghaidh naíscoil Ghaeilge i mBéal Feirste

Tá admhaithe ag dílseoir a cuireadh i bpríosún as ionsaí buamála a dhéanamh ar theach tábhairne gurbh eisean a d’eagraigh ‘feachtas fuatha’ a d’fhág go raibh ar an chéad naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste bogadh.

Dúirt Charlie Freel, iarshaighdiúir in arm na Breataine agus iarbhall den ghrúpa sceimhlitheoireachta Red Hand Commando, go raibh sé “ríméadach” gur éirigh leis an bhfeachtas agus nach bhfuil an naíscoil le bunú sa cheantar.

Fógraíodh coicís ó shin nach raibh Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear Bhéal Feirste, mar a bhí beartaithe, mar gheall ar iompar “déistineach” daoine nach raibh aon bhaint acu leis an scoil. Dúradh gur foilsíodh líomhaintí “gránna bréige” ar na meáin shóisialta.

In agallamh a foilsíodh aréir ar shuíomh idirlín an Sunday World, dúirt Charlie Freel gurb é a d’eagraigh an feachtas ar líne i gcoinne na naíscoile i bpáirt le dílseoirí eile sa cheantar.

“Tá ríméad orm gur éirigh lenár bhfeachtas,” arsa Freel. “Tá ríméad ar gach duine. Ní bheidh aon scoil Ghaeilge anois sa Bhraniel.”

Shéan Freel gur feachtas fuatha a bhí i gceist, áfach.

“Ní feachtas fuatha a bhí ann ar chor ar bith,” a dúirt sé. “Níl tada agam in éadan Linda Ervine. Agus níl tada agam in aghaidh na Gaeilge ach an oiread.

“Ach, i mo thuairimse, níor cheart go gcuirfí amú airgead poiblí uirthi. Má tá uait an Ghaeilge a fhoghlaim, ba cheart go mbeadh sé á dhéanamh agat i do chuid ama féin agus go mbeadh d’airgead féin á chaitheamh agat.”

Tá ráite ag Ervine go bhfuil sí meáite naíscoil Ghaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste agus nach gcuirfidh aon fheachtas in aghaidh na scoile dá buille í.

Ciontaíodh Freel agus ceathrar eile ón Red Hand Commando as ionsaí buamála a dhéanamh ar an Hillfoot Bar i mBéal Feirste i 1973. Ba Chaitliceach úinéir an bheáir ag an am.

Measann Freel nach bhfuil aon áit do scoil Ghaeilge i gceantar Bhraniel, ceantar an-láidir dílseoirí, a dúirt sé.

“I mo thuairimse, níl aon mhaith sa Ghaeilge ar chor ar bith. Tá sí an-chonspóideach freisin mar gheall ar an nasc atá idir í agus an poblachtachas. Cén fáth go mbeadh siad ag iarraidh í a thabhairt isteach in eastát dílseach?” a dúirt Freel.

“Níl sa Ghaeilge ach arm de chuid an IRA/Sinn Féin. Tá sí díreach cosúil le Cumann Lúthchleas Gael, a bhfuil clubanna aige atá ainmnithe in ómós do cheannairí an IRA atá marbh.”

Tá deimhnithe ag an PSNI go bhfuiltear ag fiosrú dhá eachtra a bhain leis an bhfeachtas in aghaidh Naíscoil na Seolta agus go bhfuiltear ag glacadh leo mar eachtraí fuatha

Tá ráite ag lucht na naíscoile go bhfuil sí le lonnú i gceantar eile in oirthear Bhéal Feirste ach níltear ag rá go fóill cá bhfuil an suíomh nua atá aimsithe don scoil.

Beidh an naíscoil nua á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Dílseoir a rinne ionsaí buamála ar theach tábhairne taobh thiar d’fheachtas in aghaidh naíscoil Ghaeilge i mBéal Feirste'