An chéad naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste le bogadh de dheasca ‘feachtas fuatha’

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear na cathrach, ach thug lucht na scoile sin le fios inniu nach dtarlódh sin mar gheall ar iompar ‘déistineach’ daoine nach raibh aon bhaint acu leis an scoil

An chéad naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste le bogadh de dheasca ‘feachtas fuatha’

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear Bhéal Feirste

Tá suíomh eile le fáil ag an chéad naíscoil chomhtháite Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste i ndiaidh “feachtas fuatha” ina haghaidh ar na meáin shóisialta.

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear na cathrach, ach thug lucht na scoile sin le fios inniu nach dtarlódh sin mar gheall ar iompar “déistineach” daoine nach raibh aon bhaint acu leis an scoil.

Dúradh gur foilsíodh líomhaintí “gránna bréige” ar líne.

“Mar gheall ar fheachtas fuatha leanúnach ar na meáin shóisialta in aghaidh daoine áirithe agus Naíscoil chomhtháite na Seolta, is oth linn go mór go bhfuil cinneadh déanta acu an naíscoil nua a lonnú áit éigin eile.”

Cuireadh fáilte mhór roimh an scéal go raibh an naíscoil nua le hoscailt mí Mheán Fómhair i seomra ranga i mBunscoil Braniel agus dúradh gur dea-chomhartha a bhí ann don athmhuintearas agus gur léirigh an scéal go bhfuil tuiscint ag bláthú sa Tuaisceart go mbaineann an Ghaeilge le cách.

Ghabh Naíscoil na Seolta buíochas inniu le Bunscoil Braniel as an “bhfáilte chroíúil” a cuireadh rompu.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, gur scéal “truacánta” agus “céim ar gcúl” a bhí ann go mbeadh ar Naíscoil na Seolta láthair úr a aimsiú.

“Tá an obair mhór curtha isteach ag an choiste áitiúil i mbunú na naíscoile in oirthear Bhéal Feirste agus is buille mór dóibh é. Fuair siad tacaíocht fhlaithiúil ón bhunscoil ón chéad lá.

“An rud is fearr agus is spéisiúla faoin togra seo go raibh an Ghaelscolaíocht agus an Ghaeilge ag cothú caidrimh nua agus go raibh sin déanta ar bhonn dearfach agus ar bhonn oscailte.

“Cuireadh an oiread sin brú ar an naíscoil ar na meáin shóisialta gurbh éigean dóibh tarraingt siar agus is mór an trua é sin,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Dúirt lucht na naíscoile go raibh feachtas ar siúl “ar scála beag” ar na meáin shóisialta, feachtas a raibh sé mar aidhm aige brú a chur orthu “bogadh ar aghaidh”. Déileáladh leis an bhfeachtas “trí na bealaí cuí” a dúradh.

“Agus tús áite á thabhairt againn do leas na bpáistí, tá cinneadh déanta againn deis eile a thapú,” a dúradh i ráiteas ó Naíscoil na Seolta.

Dúradh gur suíomh sealadach a bhí le bheith acu i mBunscoil Braniel agus gur cuireadh suíomh eile ar fáil dóibh le déanaí in oirthear na cathrach.

Bhí an suíomh nua níos mó agus é níos áisiúla do thuismitheoirí a bhí ann, a dúradh.

Fág freagra ar 'An chéad naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste le bogadh de dheasca ‘feachtas fuatha’'