‘Ní chuirfear stop linn’ – Linda Ervine meáite ar naíscoil Ghaeilge a bhunú in ainneoin ‘feachtas fuatha’

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear na cathrach, ach thug lucht na scoile sin le fios nach dtarlódh sin mar gheall ar iompar ‘déistineach’ daoine nach raibh aon bhaint acu leis an scoil

‘Ní chuirfear stop linn’ – Linda Ervine meáite ar naíscoil Ghaeilge a bhunú in ainneoin ‘feachtas fuatha’

Deir Linda Ervine, an gníomhaí Gaeilge aitheanta, go bhfuil sí meáite ar bhunú naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste agus nach gcuirfear dá buille í in ainneoin ‘feachtas fuatha’ ar líne.

Tuairiscíodh inné go raibh suíomh eile le fáil ag an chéad naíscoil chomhtháite Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste i ndiaidh “feachtas fuatha” ar na meáin shóisialta in aghaidh a bunaithe.

Dúirt Linda Ervine, atá lárnach sa phlean an naíscoil a bhunú, nach gcuirfí stop le lucht a bhunaithe.

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear na cathrach, ach thug lucht na scoile sin le fios inné nach dtarlódh sin mar gheall ar iompar “déistineach” daoine nach raibh aon bhaint acu leis an scoil.

Dúradh gur foilsíodh líomhaintí “gránna bréige” ar líne.

Ní chuirfeadh an scéal as do lucht Naíscoil na Seolta, a dúirt Linda Ervine.

“Tá gníomh stairiúil á dhéanamh againn. Tá na páistí againn, tá an maoiniú againn, tá suíomh nua againn. Táimid ag súil go mór le mí Mheán Fómhair, táimid ar bís faoi a beith ag freastal ar an gcéad dream a thiocfaidh chugainn,” a dúirt Linda Ervine.

Níltear ag rá go fóill cá bhfuil an suíomh nua atá aimsithe don scoil, ach dúirt an gníomhaí teanga go mbeadh sí in áit níos lárnaí in oirthear na cathrach.

“Dornán an-bheag daoine” a bhí taobh thiar den fheachtas i gcoinne na Naíscoile, a dúirt sí. Dúirt sí gurb amhlaidh gur mhaígh lucht an fheachtais go raibh siad ag gníomhú thar ceann tuismitheoirí Bhunscoil Braniel ach go raibh caidreamh maith I gcónaí ag lucht na Naíscoile le lucht na na scoile.

Tá an naíscoil nua á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Dheimhnigh an PSNI go bhfuair siad tuairisc i mí Bealtainefaoin bhfeachtas ar líne agus tuairisc mí Iúil faoi phóstaeir a cuireadh in airde.

“Táimid ag caitheamh leis an dá eachtra mar eachtraí fuatha,” a dúradh.

Dúirt an tAire Pobail, Deirdre Hargey, Sinn Féin, go raibh sé “náireach” go raibh ar lucht na naíscoile bogadh mar “mar gheall ar chiapadh agus feachtas fuatha ar líne”.

D’fhógair Scoil Braniel, mar a raibh an naíscoil Ghaeilge le lonnú i seomra ranga, gur foilsíodh líomhaintí “gránna bréige” ar líne.

“Mar gheall ar fheachtas fuatha leanúnach ar na meáin shóisialta in aghaidh daoine áirithe agus Naíscoil chomhtháite na Seolta, is oth linn go mór go bhfuil cinneadh déanta acu an naíscoil nua a lonnú áit éigin eile.”

Cuireadh fáilte mhór roimh an scéal go raibh an naíscoil nua le hoscailt mí Mheán Fómhair agus dúradh gur dea-chomhartha a bhí ann don athmhuintearas agus gur léirigh an scéal go bhfuil tuiscint ag bláthú sa Tuaisceart go mbaineann an Ghaeilge le cách.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, gur scéal “truacánta” agus “céim ar gcúl” a bhí ann go mbeadh ar Naíscoil na Seolta láthair úr a aimsiú.

“Tá an obair mhór curtha isteach ag an choiste áitiúil i mbunú na naíscoile in oirthear Bhéal Feirste agus is buille mór dóibh é. Fuair siad tacaíocht fhlaithiúil ón bhunscoil ón chéad lá.

“An rud is fearr agus is spéisiúla faoin togra seo go raibh an Ghaelscolaíocht agus an Ghaeilge ag cothú caidrimh nua agus go raibh sin déanta ar bhonn dearfach agus ar bhonn oscailte.

“Cuireadh an oiread sin brú ar an naíscoil ar na meáin shóisialta gurbh éigean dóibh tarraingt siar agus is mór an trua é sin,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Fág freagra ar '‘Ní chuirfear stop linn’ – Linda Ervine meáite ar naíscoil Ghaeilge a bhunú in ainneoin ‘feachtas fuatha’'

  • MacAnRí

    Maith sibh Linda agus tá an tacaíocht a fuair sibh agus a bhfaighfidh sibh tuillte agaibh go huile is go hiomlán, cailleann gráin i dtólamh

  • Paul Laughlin

    Cúpla seachtain ó shin bhí na dílseoirí ag gearán faoi easpa deiseanna oideachais ach anois tá siad ag gearán faoi an iomarca oideachas! An t-am sin mhol siad cultúr go hard ach anois tá teanga agus cultúr na hÉireann bagrach!

  • Ben Mac Lochlainn

    It is very encouraging to see the wonderful work that Linda Ervine has done and continues to do for the Irish language in the North. And more power to her! But what has happened to the Irish word ‘stad’ ? Why is this word being ignored in favour of ‘stop’? Sadly, the same question can be asked of many other original Irish words? But nobody seems to care – very sad indeed. I have deliberately written this in English. (from an unapologetic Ben Mac Lochlainn).

  • Matt Ó Maonaigh

    Go n-éirï go geal libh Linda sa togra seo mar is tuar dóchais dúinn go léir é.
    Tá Gael Scoil bhreá againn i Lios Tuathail.

  • Seán Fennell

    Ben Mac Lochlainn, Wise Up, bíodh ciall agat, ná bí ag tarraingt uisce ar do mhuileann féin agus Linda Ervine agus scéal Nscoil na Seolta i mbéal an phobail.
    Lean ar aghaidh, Linda, ná déan dearmad go mbeidh Naíscoil na Seolta agus Gaelscoil na Seolta mar chuid de ghluaiseacht na Gaelscolaíochta agus mar chuid den athbheochan pobalbhunaithe i mBéal Feirste(tá 12 gaelscoil ann go dtí seo in Aontroim))ach go háirithe agus ar fud na Sé Chontae.
    Beidh fearadh na fáilte romhaibh, cluas éisteachta ar fáil agus tacaíocht a léiriú ag pobal na Gaeilge, ní mionlach sibh…..
    Seolaigí ar aghaidh!!