Nach méanar do phobal na Gaeilge go bhfuil an gus iontu raic a thógáil faoin síneadh fada …

Is iomaí pobal atá sa bhád céanna nach mbacfadh go brách le leithéid an fheachtais ar son an tsínidh fhada

Nach méanar do phobal na Gaeilge go bhfuil an gus iontu raic a thógáil faoin síneadh fada …

Tagaim go hiomlán le héileamh Chiaráin Uí Chofaigh agus go leor eile de phobal na Gaeilge go litreofaí a n-ainmneacha i gceart ar dhoiciméid oifigiúla.

Ach ag an am céanna tá ionadh de chineál orm faoin raic atá á tógáil in Éirinn le tamall anuas faoi leatrom eagraíochtaí stáit, eagraíochtaí leathstáit agus eile ar an síneadh fada bocht.

Is é an chaoi nach féidir talamh slán a dhéanamh de i gcuid mhór tíortha eile ach oiread go litreofaí ainmneacha agus sloinnte na saoránach i gceart ar dhoiciméid oifigiúla.

An lá cheana, bhí orm cúnamh a thabhairt do mo dheartháir óg Brasaíleach clárú do scéim de chuid chomhairle cathrach Salvador, an chathair sa Bhrasaíl mar a bhfuil cónaí orainn, a thugann lascaine 50 faoin gcéad do mhic léinn ar tháillí an chórais iompair phoiblí.

Níl mórán cur amach aige ar ríomhairí agus ba é sin an fáth ar iarr sé cabhair ormsa, ach ní raibh ag éirí liomsa ach an oiread a ainm, Moisés, agus a shloinne, Conceição dos Santos, a chlárú. Faoi dheireadh, dúirt glór éigin ar chúl m’aigne liom triail a bhaint as gan an síneadh fada ar an ‘é’ ina ainm, agus gan an straithín faoi bhun an ‘ç’ agus an tilde ar an ‘ão’ ina shloinne.

I bhfaiteadh na súl, bhí an clárú déanta.

Bhí mo dheartháir óg Brasaíleach sna trithí ag gáire.

‘Nach raibh a fhios agat an méid sin? Ní ghlacann ríomhairí le sínte den chineál sin. Bhí a fhios agamsa an méid sin, fiú amháin.’

D’fhiafraigh mé de nár mheas sé go raibh sé aisteach nach nglacfadh córas na comhairle cathrach lena ainm agus lena shloinne agus iad litrithe i gceart.

‘Ní ghlacann ríomhairí le sínte den chineál sin. Cén fáth nach bhfuil tú ag iarraidh sin a thuiscint?’

Tá an dearcadh praiticiúil céanna forleathan in go leor tíortha. Ag an deireadh seachtaine, bhí tvuít suimiúil ag Scott de Buitléir faoin gceist:

Sampla eile. An défhoghair ‘ij’ sin i mo shloinne féin a chuireann oiread mearbhaill ar dhaoine nach bhfuil cur amach ar an Ísiltíris acu, is éard atá ann ná bealach chun litir nach mbíonn ar fáil ar an méarchlár a scríobh ar ríomhairí. ‘Y’ ramhar, agus a mbeadh umlaut uirthi, a mheabhródh an litir sin duit sa lámhscríbhneoireacht. Baintear úsáid aisti go forleathan. Bainim féin úsáid aisti nuair a bhíonn orm mo shloinne, nó go deimhin aon fhocal a mbeadh sí ann, a scríobh le peann. 

Ach an bhfuilim chun raic a thógáil toisc nach féidir úsáid a bhaint as an litir bhreá Ollannach sin ar ríomhairí?

Fadó, thiar i ré an chlóscríobháin, rinne mo shinsir cinneadh an litir sin a thraslitriú mar ‘ij’ agus gan iarraidh ar lucht déanta na gclóscríobhán méarchlár speisialta a chur ar fáil do chainteoirí Ísiltírise.

Cad is fiú raic a thógáil faoi chleachtas a bhfuil glacadh leis le cuimhne na ndaoine, agus nach ndéanann dochar do dhuine ar bith, dáiríre?

An difear idir na cásanna thuasluaite agus cás na Gaeilge, ar ndóigh, ná nach n-athraíonn an traslitriú a dhéanaimse féin, muintir Müller / Møller, ná mo dheartháir óg Brasaíleach Moisés ar ár n-ainmneacha agus ár sloinnte brí na n-ainmneacha agus na sloinnte sin. I gcásanna áirithe, is é sin go díreach a tharlaíonn i gcás na Gaeilge. 

Lena chois sin, tá boladh bréan an mheoin choilínigh le brath ar dhoicheall ‘an tsaoil oifigiúil’ in Éirinn roimh an síneadh fada (suimiúil go leor, ní féidir an rud céanna a rá faoi chás na Brasaíle, óir is í an teanga choilíneach, an Phortaingéilis, a bhfuil máchail á déanamh uirthi ag córais ríomhaireachta na n-údarás sa tír sin.)

Dar liom go bhfuil an ceart ar fad ag pobal na Gaeilge a éileamh go litreofaí a n-ainmneacha agus a sloinnte i gceart ar dhoiciméid oifigiúla.

Ach mar sin féin, nach méanar do phobal na Gaeilge go bhfuil an t-am agus an fuinneamh acu – agus an gus iontu – raic a thógáil faoi rud chomh ‘beag’ agus síneadh fada?

Ní ag déanamh beag is fiú den fheachtas atá mé. Ach dar liom gur pribhléid é go mbeadh an t-am ag pobal díriú ar a leithéid d’éagóir, éagóir nach bhfuil – bímis ionraic faoi – leath chomh héagórach agus go leor éagóracha eile sa domhan seo.

Léiriú é an feachtas ar son an tsínidh fhada, dar liom, ar a bhfuil bainte amach cheana féin ag pobal na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Nach méanar do phobal na Gaeilge go bhfuil an gus iontu raic a thógáil faoin síneadh fada …'

  • Ciarán Ó Cofaigh

    “Nach méanfar do phobal na Gaeilge…”

    Ní dóigh liom go dtuigeann Alex céard faoi atá sé ag labhairt.

  • Béarla teanga an Stáit

    Ní rud “beag” an síneadh fada nuair atá duine ag scríobh i nGaeilge.

    Mura bhfuil na bogearraí atá in úsáid ag eagraíochtaí stáit srl sách cumhachtach chun déileáil le síneadh fada na Gaeilge ba chóir iad a uasghrádú. Gan sin beidh easpa comhionannais agus síor-mhaslú in ann do Ghaeilgeoirí mar atá faoi láthair.
    Is gá troid go leanúnach in aghaidh polaiteoirí frithGhaelacha FF ar nós Tom Dooley. Bheadh raic náisiúnta ann dá ndeirfeadh Tom Dooley gur cur amú airgid pictiúir a cheannacht don Ghailearaí Náisiúnta.

  • Tomás de Buitléir

    Níl fhios agam faoin mBrasaíl nó an Ísiltír ach TÁ na sínithe fada ar fáil anseo ach iad a lorg agus a thabhairt san áireamh nuair a chuirtear córais ríomhaireachta i bhfeidhm. Níl aon gá iad a fhágáil ar lár.