Cuartaigh go fánach é agus gheobhaidh tú amárach é. Má bhuaileann scaoll tú b’fhéidir nach bhfaighfeá ar chor ar bith é. D’fhéadfá paidir a chur chuig Naomh Antaine ar ndóigh.
Caitheann cuid de na daoine saol fánach. Tugtar sampla fánach scaití. Bíonn smaointe fánacha ag daoine thar a chéile agus déantar caint fhánach go minic. Caitheann sé ceathanna fánacha báistí laethanta – múraíl.
Seo roinnt leaganacha cainte eile a bhfuil an focal fánach iontu:
Ní bhíonn ann ach duine fánach—corrdhuine.
Is fánach aon duine ann anois—ní go minic a fheictear duine ansin anois.
Tá sé fánach aige a bheith ag iarraidh é a dhéanamh – ní éireoidh leis.
Is fánach a chuir sé na fataí— scar sé na sciolláin i bhfad ó chéile.
Tá sé fánach agam a bheith ag cur céille ionat.
Is fánach an rud a thógfadh achrann.
Is fánach ar eochracha an tí mhóir – ní buan aon dream sa teach mór.
Is fánach an rud caora ar chnoc.
An rud a fhaightear go glámach imíonn sé go fánach.
An té a chaitheas a chuid go fánach ní bheidh aige nuair a d’fhónfadh—nuair a theastódh sé uaidh.
Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach—níl a fhios cén áit a bhfaighfeá rud maith. Is fánach an aice a bhfaighfeá gliomach a bhí ansin i dtosach. Istigh in aice a bhíonn an gliomach.
Is iomaí athair cneasta a thóg mac fánach.
D’imeoinn go fánach i ndiaidh mo chinn – d’imeoinn romham.
Tá amhrán ann ar a dtugtar An Spailpín Fánach.
A bhean is a chlann go faonlag fánach, a dúirt Pádraigín Haicéad.
Lá dá rabhas ar maidin go fánach, a dúirt Seathrún Céitinn.
Is fánach mé ar easpa mo shláinte, a dúirt Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin.
Is iomaí fear fánach a ligeas ann scíth, a dúirt Raiftearaí agus é ag moladh An Leathbhaile.
Is fada fánach óna chéile a bhíos ár n-éirí gach lá, a dúradh in amhrán eile.
Má théann na ba sa bhfásach is fánach ar an bhféar, a dúradh san amhrán ‘Sliabh Uí Fhloinn’.
Is fada fánach mo thriall thar sáile, a dúradh in amhrán eile fós.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Cuartaigh go fánach é agus gheobhaidh tú amárach é?'