Na hudsons, na Healy-Raes agus na Glasaigh ag fás…

Tar éis 22 bliain de cháineadh agus de leagadh, tá líon na n-ionadaithe poiblí ag na Healy-Raes méadaithe ó bheirt go cúigear

Na hudsons, na Healy-Raes agus na Glasaigh ag fás…

Déantar an-chaint ar an bplanda ionrach an Ghlúineach Bhiorach ag cruinnithe de Chomhairle Contae Chiarraí. Tá Ciarraí breac leis an diabhal de phlanda seo, agus dá mhéid sleaiseála, gearradh agus téipeála a fhaigheann siad, sea is láidre a bhíonn siad an bhliain dár gcionn. Is cuma cad a dhéanann tú leo; fiú dá gcaithfeá lá is lánbhliain ag gabháilt dóibh led’ chorrán, bheadh a dhá oiread gas agat an t-earrach dár gcionn. Ní dhéanann aon ní an bheart orthu ach nimh.

Nach ait é, ba iad na Hudsons fé mar a thugtar ar an nGlúineach Bhiorach i nDún Chaoin a rith liom agus mé ag féachaint ar chaithréim mhuintir Healy-Rae an deireadh seachtaine seo d’imigh tharainn. (Ní hé go bhfuilim ag rá go gcaithfear nimh a thabhairt dóibh, cé gur dócha gur rith a leithéid le cuid dá gcéilí comhraic sna toghcháin áitiúla). Seo teaghlach atá tar éis thar a gcionn d’asacháin, maslaí, cáineadh agus cleithmhagadh a fháil ó toghadh sean-Jackie chun na Dála i 1997. Fé 1999, bhí Teachta Dála agus beirt Chomhairleoirí Contae ina measc (bhí Jackie féin ina Chomhairleoir agus ina TD ag an am, agus bhí Michael farae ar an gComhairle). Fé 2004, bhí Danny agus Michael ar an gComhairle agus an sean-warrior sa Dáil. Nuair a d’éirigh Jackie as in 2011, toghadh Michael ina áit sa Dáil agus fuair mac Danny, Johnny, suíochán Mhichael ar an gComhairle.

An gcuireann sin mearathal ort? Níl ansan ach a leath, a chroí deoil.

In olltoghchán na bliana 2016, toghadh Michael agus Danny ina dTeachtaí Dála, agus thóg iníon Danny, Maura, cathaoir an tseanbhuachalla ar an gcomhairle. D’fhág san beirt chomhairleoirí, Johnny agus Maura, agus beirt Theachtaí Dála, Michael agus Danny, de shliocht Healy-Rae. Cuir Comhairleoir eile leo anois; Jackie Óg, a toghadh ar a chéad iarracht Dé hAoine seo d’imigh tharainn.

Tar éis dhá bhliain is fiche de cháineadh agus de leagadh, tá líon na n-ionadaithe poiblí atá i measc na Healy-Raes méadaithe ó bheirt go cúigear. Sin neart agus clóchas agat. Níl sna hudsons ach nóiníní suas leo.

Tugtar gaimbíní orthu, tugtar pobalachas nó populism ar an sórt polaitíochta a chleachtann siad, ach féach go mbíonn daoine ag vótáil dóibh. Feictear don bpobal gur féidir brath ar na Healy-Raes chun fadhbanna a réiteach dóibh láithreach bonn buí. Deirtear coitianta sa tsacsbhéarla go bhfuil all politics local. I gcás na dtoghchán áitiúil, feictear dom gurb amhlaidh gurb fhíor go bhfuil all politics personal. Vótálann daoine dá ngaolta, dá gcairde nó dos na daoine a dhéanfaidh rud éigin dóibh. Má tá pothole nó sclaig le líonadh, tor le bearradh nó iarratas le déanamh, cabhróidh na Healy-Raes leat, agus ba dhóigh leat agus tú ag caint leo nach bhfuil éinne eile ar domhan ach tú. Ní mór na Teachtaí Dála a fhreagróidh an fón iad féin, gach trácht ar a bheith ag plé le fadhbanna suaracha na cosmhuintire. ‘Dáithí, the only time I won’t answer the phone is when I’m lying shtone dead in the grave,’ arsa Michael liom le déanaí.

Tá béaloideas agus seanchas bailithe timpeall orthu, pé acu fíor nó bréagach. Scéalta a bhformhór faoi uaireanta ar tháinig Healy-Rae éigin i gcabhair ar dhuine éigin. Ní toisc aon fhealsúnacht pholaitiúil a mheallann siad vótaí, ach toisc an ghníomhaíocht phearsanta seo.

Ní hí an Dáil an áit don sórt seo polaitíochta, ach féach go bhfuil beirt acu inti.

Dá mhéid ceiliúradh a bhí ag treibh Chill Gharbháin, pus agus púic a bhí ar Shinn Féin agus cipíní déanta dá vótaí in an-chuid áiteanna. In 2014, bhuaigh Sinn Féin 159 suíochán; 81 ceann a bhuadar i mbliana, sin beagáinín beag bídeach le cois a leatha. Ba iad a mheall an vóta agóide in 2014, sa tslí céanna is a mheall Comhaontas Glas é go pointe áirithe i mbliana.

Bhí cúig bliana ag Comhairleoirí agus ag cumainn Shinn Féin lena chur ina luí gaidhte ar an bpobal go rabhadar tagtha chun coinlíochta mar pháirtí, agus go bhféadfaí brath orthu chun na nithe a bhíonn ag déanamh tinnis don bpobal a réiteach dóibh. Sin an ról a chomhlíonann na Healy-Raes, agus na neamhspleáigh eile, mar aon le comhairleoirí agus líonraí tacaíochta Fhianna Fáil agus Fine Gael. Má chaitheann ionadaithe tofa Shinn Féin a gcuid ama ar fad ag fógairt scannal i ndiaidh scannail, ag glaoch conspóid agus náire shaolta ar gach aon ghníomh a dheineann an Rialtas, de shíor ag cur a gcosa beaga uathu, ní shásóidh san an chosmhuintir ag leibhéal na n-údarás áitiúil.

Rud eile atá an-shoiléir d’éinne a bheadh ag freastal ar chruinnithe Comhairle Contae ná cé chomh mór ina n-aonar a bhíonn Sinn Féin mar pháirtí. Ní nach iontach nach mbíonn Sinn Féin, atá ar an eite chlé, ar aon fhocal le Fianna Fáil nó Fine Gael ar bhonn náisiúnta, ach aríst ar bhonn áitiúil ba dhóigh leat go mbeidíst ag tarrac le chéile níos fearr ar mhaithe leis an bpobal. Thógas an-cheann de seo agus mé ag féachaint ar an gcomhaireamh deireanach i dtoghcheantar Neidín, nuair a toghadh John Francis Flynn, Fianna Fáil, sa suíochán deireanach, agus an lámh in uachtar fachta aige ar Damian Quigg, Sinn Féin. Cé a d’ardaigh Flynn ar a nguaillí mar cheiliúradh? Patrick Connor-Scarteen, Fine Gael agus Dan MacCarthy, Neamhspleách.

Ionadaithe poiblí maithe, gníomhaithe pobail atá ó Shinn Féin, seachas gníomhaithe páirtí. Anois an t-am acu tosnú ar a bhfeachtais do thoghcháin na bliana 2024. Caithfidh siad gníomhnú ar son an phobail má tá tacaíocht an phobail uathu.

Cá bhfágann san Comhaontas Glas? Cé go bhfuil cúrsaí athraithe aeráide ag déanamh tinnis do scata ar na saolta seo, tá drochamhras orm fén vóta a fuaireadar an babhta seo; déanaim amach gur thug roinnt mhaith daoine vóta don Chomhaontas Glas, le tabhairt le fios dóibh féin go rabhadar coinsiasach i dtaobh na timpeallachta.

Samhlaím an toghthóir ag fágaint an bhotháin vótála agus iad breá sásta leo féin as ucht a ngnímh uasail ar son an dúlra, ag léimt isteach ina gcairt díosail, iad ag ól caife as a gcupaí aon-úsáide plaisteacha agus iad ag crústach tóin a dtoitíní an fhuinneog amach.

Neosfaidh an aimsir an bhfuil pobal na hÉireann chomh tuisceanach ar chúrsaí timpeallachta is a thabharfadh vóta Chomhaontas Glas le fios.

Fág freagra ar 'Na hudsons, na Healy-Raes agus na Glasaigh ag fás…'