Na ceithre scannán Gaeilge a bheidh ag iarraidh cosán An Cailín Ciúin a leanúint

Déanfar dhá fhadscannán nua Gaeilge i mbliana agus tá scripteanna do dhá cheann eile á bhforbairt faoi láthair

Na ceithre scannán Gaeilge a bheidh ag iarraidh cosán An Cailín Ciúin a leanúint

Tá ceithre scannán Gaeilge nua á bhforbairt faoin scéim a sheol An Cailín Ciúin go dtí tairseach na ngradam Oscar.

I mbliana a dhéanfar dhá cheann de na scannáin nua a bheidh ag iarraidh cosán An Cailín Ciúin a leanúint agus tá scripteanna an dá cheann eile á bhforbairt faoi láthair.

I mbliana a dhéanfar An Fhidil Ghorm, atá á léiriú ag Abú Media, agus Fréamhacha, atá á léiriú ag an gcomhlacht Doubleband.

Scéal cailín deich mbliana d’aois, Molly, a inseofar in An Fhidil Ghorm.

Is é mian a croí ag Molly craobh fidléireachta na hÉireann a bhuachan chun go ndúiseoidh sí a hathair atá i gcóma.

Scannán é Fréamhacha faoin tráma agus an lorg a fhágann sé ar dhuine agus ar shaol an duine.

Is iad an dá scannán eile atá á bhforbairt faoin scéim Cine4 faoi láthair ná Sonc le Tua Films agus Báite atá á fhorbairt ag Danú Media.

I Sonc castar le bean óg atá ag fulaingt go mór ó chabhraigh sí lena hathair lámh a chur ina bhás féin. Filleann sí ar a seanchlub dornálaíochta sa tóir ar fhaoiseamh intinne agus slí chun dul i ngleic leis an saol.

I Báite, atá lonnaithe in Éirinn 1975, insítear dúinn faoina dtarlaíonn nuair a fhaightear corp mná i loch.

Le tamall de bhlianta tá duaiseanna náisiúnta is idirnáisiúnta gnóthaithe ag saothair Cine4 amhail An Cailín Ciúin, atá ar ghearrliosta d’ainmniúchán Oscar, Arracht, Foscadh agus Róise & Frank.

Faoin scéim Cine4, atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann, roghnaítear dhá fhadscannán Gaeilge gach bliain do mhaoiniú €1.2 milliún.

Colm Bairéad, stiúrthoir, lena bhean, Cleona Ní Chrualaoi a léirigh an saothar. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An Cailín Ciúin ar an ngearrliosta don Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus áit bainte amach ag an scannán Gaeilge ar an liosta sin in éineacht le 14 scannán eile ó thíortha ar fud an domhain.

Ag deireadh na míosa seo a bheidh a fhios againn an mbeidh ainmniúchán do ghradam Oscar ag An Cailín Ciúin agus cúig scannán as an 15 ar an ngearrliosta le roghnú ag baill an Academy.

Breis is €1 milliún atá déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain.

Léirmheasanna cúig réalta ó nuachtáin in Éirinn agus thar lear a fuair an scannán teacht in aois ina dtéann cailín óg chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil.

‘Míorúilt bheag de scannán” a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Fág freagra ar 'Na ceithre scannán Gaeilge a bheidh ag iarraidh cosán An Cailín Ciúin a leanúint'