‘An scannán Éireannach is fearr riamh, seans’– cúig réalta á mbronnadh ar dalladh ar ‘An Cailín Ciúin’

Tá léirmheasanna cúig réalta á fháil ó nuachtáin in Éirinn agus i Sasana ag an bhfadscannán Gaeilge is déanaí ón scéim Cine4

‘An scannán Éireannach is fearr riamh, seans’– cúig réalta á mbronnadh ar dalladh ar ‘An Cailín Ciúin’

Bheadh an fadscannán Gaeilge nua An Cailín Ciúin á mholadh ag na léirmheastóirí fiú dá mbeidís ina dtost agus é á áireamh i measc na scannán Éireannach is fearr riamh.

Tá léirmheasanna cúig réalta á bhfáil ó nuachtáin in Éirinn agus i Sasana ag an scannán atá á thaispeáint sna pictiúrlanna ón ndeireadh seachtaine.

Dúirt Wendy Ide ina léirmheas d’Observer Shasana go raibh an chéad fhadscannán ag Colm Bairéad ar cheann de na léirithe is “gleoite” a thiocfadh amach i mbliana. Agus cúig réalta á mbronnadh aici ar An Cailín Ciúin, mhol Ide íogaire agus gléine na reacaireachta “a bhogfadh do chroí”.

Dúirt Mark Kermode, craoltóir, údar agus príomhléirmheastóir an Observer “gur scannán álainn amach is amach a bhí ann” agus mhol sé do dhaoine “rith amach agus é a fheiceáil go beo”.

Dúirt Paul Whitington san Irish Independent, ní hamháin gurb é An Cailín Ciúin an scannán Gaeilge is fearr riamh ach go mb’fhéidir gurb é an scannán Éireannach is fearr riamh leis.

Dúirt Declan Burke san Irish Examiner go bhfanfadh an scannán leat.

Dúirt léirmheastóir an Examiner go raibh “briseadh croí agus gealadh croí in éineacht” ag baint leis an scéal teacht in aois ina dtéann Cáit chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil.

Dála na léirmheastóirí ar fad mhol Burke taispeántas Catherine Clinch, atá 12 bliain d’aois, i bpáirt Cháit. 

Bhí Clinch “ar fheabhas ar fad” agus d’aisteoir chomh hóg léi b’iontach go deo a tuiscint ar an “nuance fisiciúil”.

“Agus scannánaíocht agus aisteoireacht álainn ann, mairfidh an scéal draíochta seo i do chuimhne go ceann i bhfad,” a dúirt léirmheastóir an Examiner.

I léirmheas cúig réalta an Irish Times, dúirt Donald Clarke nach raibh aon cheist ann ach gur scannán den chéad scoth a bhí in An Cailín Ciúin.

Cathair mar a tuairisc a bhí sa scannán íogair álainn seo a bhfuil go leor duaiseanna buaite cheana féin aige, arsa Clarke.

Cúig réalta a bhí ag Chris Wasser an Sunday Independent don scannán chomh maith. Dúirt sé gurb é An Cailín Ciúin an sméar mhullaigh ar an “dul chun cinn éachtach” a bhí déanta ag scannáin Ghaeilge amhail Foscadh agus Arracht.

Mhol Wasser stíl “liriciúil réchúiseach” An Cailín Ciúin agus “an scéalaíocht álainn” ann a thug deis do na haisteoirí dul “go smior” ina gcarachtair ar shlí nach bhfeictear ach go hannamh i gcineama na hÉireann. Scéal “tochtmhar” a raibh “údar uchtaigh” ag baint leis a bhí i scannán Bhairéad, arsa Wasser. 

Dúirt sé go mbainfeadh “diongbháilteacht agus misneach” thaispeántas Clinch siar asat agus go mba dheacair a chreidiúint gurb é seo an chéad uair di ar an scáileán.

 “Bhain sé an anáil díom. Bhain sé deora asam agus d’fhan sé liom ar feadh roinnt laethanta. 

“Tá sé ar cheann de na drámaí teacht in aois is cumasaí agus is mó a thug sásamh dom atá feicthe agam – saothar gan locht atá déanta go hiontach agus a bhfuil gach sciorta den rath a bhíonn air tuillte aige. Scannán Éireannach iontach,” arsa léirmheastóir an Sunday Independent.

I léirmheas cúig réalta eile fós, dúirt Peter Bradshaw an Guardian gur scannán “álainn lán croí” a bhí ann agus go mbraithfeá láithreach gur “clasaic” a bhí ann.

Mhol Bradshaw go hard cineamatagrafaíocht Kate McCullough a chruthaigh “domhan nua draíochtúil” ina raibh “gach seat ina sheoid ghlé phéintéiriúil”.

Bhí Bradshaw an-tógtha le taispeántais “iontacha” Carrie Crowley agus Andrew Bennett i bpáirteanna na lánúine míshocaire a thugann aire do Cháit, taispeántais  “a bhrisfeadh do chroí”.

Dúirt Olwan McGown, léiritheoir Arena, an clár ealaíon ar raidió RTÉ, go raibh An Cailín Ciúin “gan cháim” agus é ar na scannáin “is fearr” a bhí feicthe riamh aige.

Fág freagra ar '‘An scannán Éireannach is fearr riamh, seans’– cúig réalta á mbronnadh ar dalladh ar ‘An Cailín Ciúin’'

  • Eoghan O Néill

    Seóid de scannán idie aisteoireacht, físeanna agus mothucháin i dtaobh cailín ag caitheamh Samhradh thíos le gaolta i bPort Láirge chun spás a dhéanamh agus a máthar ag súil lena cúigiú leanbh. Tá sé ar chaighdeán ‘ Il Postino’agus ‘Jean de Florette’ !

  • Seán Mag Leannáin

    Chonaic mé é sa cinema i dTamhlacht aréir agus tá sé thar barr. Iontach ar fad. É curtha i láthair trí shúile an chailín óig tá rud éicint draoíochtúil ag baint leis.