Míorúilt bheag de scannán é ‘An Cailín Ciúin’

Sí Catherine Clinch an t-aisteoir óg Éireannach is foirfe a chonac ó las Saoirse Ronan an cineama suas in Atonement

Míorúilt bheag de scannán é ‘An Cailín Ciúin’

Ag seoladh an scannáin ‘An Cailín Ciúin’ i mBÁC aréir bhí, ó chlé, an t-aisteoir Michael Patric, Cleona Ní Chrualaoi, an tAire Catherine Martin, an stiúrthóir Colm Bairéad agus na haisteoirí Carrie Crowley, Catherine Clinch agus Andrew Bennet. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Thángadar, maithe is móruaisle an cineama chuig Cineworld Sráid Parnell aréir. Bhí flatha le háireamh Cineama na Gaeilge ina measc ar an ócáid stairiúil seo freisin. Den chéad uair riamh bhíothas chun Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath a oscailt le fadscannán Gaeilge. Más mall is mithid.

Níorbh aon ghnáthscannán a dhéanfadh an beart suntasach sin ach An Cailín Ciúin, seoid cineamatúil a bhain An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ (daoine óga) ag an Berlinale – Féile Scannán Bheirlín an tseachtain seo caite. 

Fillte, geall leis, ar thalamh arís, bhí lánsásamh á bhaint aréir ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi agus an cliar as an éacht a thugadar i dtír ag ceann de thrí mhórfhéile idirnáisiúnta an domhain – Beirlín. (An Veinéis agus Cannes an dá cheann eile).

Ceithre bhabhta bualadh bos agus gártha molta a thuilleadar i mBeirlín. Chuir an fháilte a chuir cognoscenti cineama na hÉireann leis sin aréir. Má dhein féin, is ar éigean má bhí grua thirim sa teach san am gcéanna. 

Chinntigh leochaileacht an scannáin seo go raibh an ciarsúr ina chara agam féin freisin.

Agus a leithéid de scannán.

Feirm dhuairc, ainnis, áit éigin i lár tíre. Teaghlach mífheidhmiúil. Bia gann. Teip ar gach caidreamh. Fear agus bean a’ tí araon díchumhachtaithe. Ise torrach leis an gcúigiú leanbh. Spreasán gan mhaith atá san athair/fear céile. É á bhá i linn dhomhain a chuid feirge do-ráite féin. 

Tá féar sna páirceanna fós i mí Bealtaine, ceal táillí an bhuainteora. Seanghliogar de Chortina Mk III buí batráilte sa bhuaile, doras crochta gan aon phéint air. Fáilte chuig éadóchas dearóil bhochtáin tuaithe Éireann circa 1981.

Iníon naoi mbliana d’aois í Cáit. Cailín faiteach, ciúin, í tite ar gcúl ina cuid scolaíochta. Is pantalóigín bheag í agus í briste brúite cheana féin. Níl éinne sa teaghlach baile in ann cothú coirp ná anama a sholáthar di. Mura bhfuil míniú níos dorcha ná sin fós air, nach feasach dúinn, bíonn tolg leapan na girsí fliuch báite ar dhúiseacht di chuile mhaidin. 

Tá saol an tí uilig as a riocht. Sé an rud is measa faoi ná go bhfuil siad san fhaopach agus nach bhfuil sé d’acmhainn ag éinne sa teach an scéal a leigheas. Labhraíonn daoine fásta le chéile ach ní deir siad faic. Ní go rómhaith atáid ag láimhseáil na mothúchán ach an oiread. Scáil McGahern, taibhsí Marina Carr.

Ansin cuirtear Cáit chun na Déise ar feadh na tsamhraidh chuig teach sómhar feirme chol ceathrar na máthar. Diaidh ar ndiaidh, nochtar dúinn beainín bheag álainn nach bhfuil neart ag aon duine den lucht féachana air ach titim i ngrá léi. Sínimid chuici an dá lámh a choimeádfaidh slán idir chorp agus anam go brách na breithe í, an créatúirín bocht.

Ach, ní mar sin atá sa saol. Tá dorchachtaí eile i bhfolach fiú i dteaghlach dhea-riartha na gCinseallach sómhar. Bhuel, b’fhéidir rúin, seachas dorchachtaí. Pianta dofhulaingthe nach féidir a lua. Cailliúint dholeigheasta, folús dolíonta.

An Cailin Ciúin ar maos le hatmaisféar agus aeistéitic na luathochtóidí. Déantar an-chúram do na rudaí beaga – an páipéar falla i seomra leapan Cháit i dteach na gCinseallach, an Hillman Hunter, an briosca Kimberley tugtha gan focal mar chomhartha ceana don gcailín óg ag an athar altrama Seán (Andrew Bennett). Bácáil, oinniúin á ngearradh, subh bhiabhóige á ndéanamh. WLR, raidió áitiúil Phort Láirge sa chúlra, fuaimrian an tsamhraidh. 

Cuirtear deasghnátha beaga an fholctha ar shúilibh Cháit den chéad uair ag an máthair altrama, Eibhlín (Carrie Crowley). Níochán séimh na ngéag, an cíoradh rithimiúil gruaige. Tá suáilceas, túis bheannaithe agus leigheas iontu san go léir. 

Tá téarnamh an ghrá freisin i mbleán na bó leis an athair altrama Seán Cinseallach. Agus tá téarnamh i ngach scuabadh sciotair ina theannta sa bhleánlann, i ngach rás rite aici chun an post a bhailiú ag an ngeata dó, an t-am a thugann sé di á áireamh ar an uaireadóir ag Seán. 

Tá débhrí agus iliomad raon datha sna daoine fásta a chuireann Colm Bairéad inár láthair, rud thugann an-deis don bhfoireann beatha a chur iontu. Dá ghránna é tá trua againn d’athair Cháit (Michael Patric). Dá bháite í, tuigimid cruachás mháthair Cháit (Kate Nic Chonaonaigh). Dá ghrámhaire í Eibhlín Cinseallach tá rún do-ráite adhlactha go domhain inti siúd freisin. 

Sí Catherine Clinch (Cáit) an t-aisteoir óg Éireannach is foirfe a chonac ó las Saoirse Ronan an cineama suas in Atonement (2007). Tá Clinch dochreidte maith. Idir a héirim aigne, a héirim mhothúchánach agus an bealach ina n-úsáideann sí an tost, is léir go bhfuil an-teacht i láthair ar an scáileán ag an gcailín óg seo. Creidim go bhfuil réalta nua sa cheárta againn, bail ó Dhia uirthi. 

Cineamatagrafaíocht, fuaim, ceol, dearadh, feisteas, seitghléasadh, eagarthóireacht, fuaim-mheascadh agus dathadóireacht, leosan go léir tugann an fhoireann theicniúil scannán an Bhairéadaigh chun beatha le pailéad dathanna agus fuaime cuí. Is míorúilt bheag é go mbeadh siad uile ar an leathanach céanna, ach tá.

Tá cruthaithe ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi go bhfuil cineama Gaelach na hÉireann fásta suas agus níos mó ná ábalta, faoi dheireadh, seasamh ar a dhá chois féin in aon chomhluadar cineamatúil ar domhan. 

Feicfear An Cailín Ciúin, a rinneadh faoi scéim TG4 Cine4, ar scáileáin na hÉireann go luath agus ar scáileáin an domhain mhóir ina dhiaidh sin.

Agus ná dein dearmad an bosca ciarsúr sin a bhreith leat. Beidh sé uait.

Fág freagra ar 'Míorúilt bheag de scannán é ‘An Cailín Ciúin’'

  • Fergal

    Léirmheas ar leith.