‘Ná bí buartha faoi Trump ná Putin. Bí buartha faoin innealtóireacht ghéiniteach.’

An bhfuil an t-am buailte linn a mbeidh Übermenschen a bhfuil feabhas saorga curtha ar a ndéantús géiniteach i gceannas ar Untermenschen nach bhfuil fáil acu ar a leithéid de theicneolaíocht?

‘Ná bí buartha faoi Trump ná Putin. Bí buartha faoin innealtóireacht ghéiniteach.’

Tá an cara is fearr atá agam san Ísiltír tar éis scaradh óna bhean. Tá páistí uaithi, ach níl páistí uaidh. Seanscéal agus féasóg air, a déarfadh duine, murach an chúis a bhí ag mo chara diúltú do mhianta clainne a mhná. 

Is é an chaoi go bhfuil faitíos ar mo chara go mbeidh aon pháiste a thiocfaidh ar an saol anois ar an nglúin dheireanach daoine nach mbeidh innealtóireacht ghéiniteach déanta orthu, glúin a bheidh ag streachailt le leatrom géiniteach – nó idirdhealú ar bhonn géinte más fearr leat – ar feadh a saoil.

Ar eagla na míthuisceana, ní fear é mo chara atá tugtha do theoiricí comhcheilge agus do scéalta a bhfuil rian chailleach an uafáis orthu. A mhalairt, síceolaí é a bhfuil saineolas aige ar dhaoine a chuireann an dallamullóg orthu féin. Fear é a mbíonn meas mór agam ar a chuid tuairimí – cé gur minic a chuireann a thuairimí faoina bhfuil romhainn mar chine daonna dúlagar orm. Mar a tharla an uair dheireanach a casadh ar a chéile muid.

‘Ná bí buartha faoi Donald Trump. Ná bí buartha faoi Vladimir Putin,’ a dúirt sé liom agus muid ar shiúlóid an mhí seo caite. ‘Bí buartha faoin innealtóireacht ghéiniteach.’

Tháinig an scannán Gattaca, ó pheann Andrew Niccol, amach sa bhliain 1997. Theip air sna pictiúrlanna ag an am – ainneoin go raibh Ethan Hawke, Uma Thurman agus Jude Law ann – ach tá an-tóir air le blianta beaga anuas. Chonaic mé féin ar fhístéip é, na blianta fada ó shin, ach léim sé ar ais i m’aigne a luaithe is a tharraing mo chara ábhar na hinnealtóireachta géinití anuas. Scannán ficsean eolaíochta é Gattaca atá suite sa todhchaí, i sochaí inar gnáthchleachtas í an innealtóireacht ghéiniteach ar dhaoine, agus ina ndéantar leatrom sóisialta orthu siúd nár cuireadh feabhas saorga ar a ndéantús géiniteach.

D’fhéadfadh sochaí mar sin a bheith ar leac an dorais againn. Anuraidh, d’éirigh le heolaithe sa tSín innealtóireacht ghéiniteach a dhéanamh ar shuthanna daonna den chéad uair. Is ag géarú atá an díospóireacht faoin gceist ó shin.

Is éard a bhíonn á mhaíomh acu siúd atá i bhfabhar na hinnealtóireachta géinití ná gur bealach éifeachtach a bheas ann chun galair thromchúiseacha a bhaineann le déantús géiniteach an duine a chosc.

Is éard a bhíonn á mhaíomh acu siúd atá ina coinne ná gur ráig de ‘linbh dheartha’, nó sa chás is measa, an eoiginic an toradh a bheas ar an innealtóireacht géiniteach san fhadtréimhse.

An fhadhb is mó leis an innealtóireacht ghéiniteach, dar liom féin, ná seo: tá fána shleamhain i gceist. Mar a d’inseodh páiste ar bith duit, is deacair stop a chur le rud ar bith ar fhána shleamhain.

Dá mbeadh an rogha ag tuismitheoirí a gclann a chosaint ar ghalair thromchúiseacha leis an innealtóireacht ghéiniteach, céard a dhéanfaidís?

Go díreach. Seans go ndéanfainn féin an rud céanna.

Ach dá gcuirfeadh an teicneolaíocht chéanna ar chumas tuismitheoirí inscne a bpáistí a roghnú? Nó a chinntiú go mbeadh dath níos gile ar a gclann? Nó a chinntiú nach mbeadh dúil ag a gclann i ndaoine den inscne chéanna leo féin?

I sochaí inar gnáthchleachtas í an innealtóireacht ghéiniteach, ní bheadh rogha ag tuismitheoirí ach a gclann a chur in oiriúint d’idéil shóisialta an mhóraimh.

Luíonn sé le loighic go mbeadh fáil ag an ardaicme ar innealtóireacht ghéiniteach sula mbeadh ag an gcosmhuintir. I bhfaiteadh na súl, d’fhéadfadh sochaí a theacht chun cinn ina bhfuil Übermenschen agus Untermenschen ann dáiríre: iad siúd a bhfuil feabhas saorga curtha ar a ndéantús géiniteach i gceannas ar an gcuid eile. 

Faoi láthair, tá srianta daingne ar an taighde ar innealtóireacht ghéiniteach a dhéanamh ar dhaoine i gcuid mhór tíortha, Éire agus an chuid is mó den Eoraip ina measc. Ach níl na rialacha chomh docht céanna in áiteanna eile, mar shampla sna Stáit Aontaithe agus sa tSín. Luíonn sé le loighic nach mbeidh ar chumas na dtíortha ina bhfuil cosc ar an innealtóireacht ghéiniteach ar dhaoine faoi láthair fanacht ar gcúl má chuirtear a leithéid de theicneolaíocht ar fáil i dtíortha eile: bheadh tíortha nach rachadh bealach na hinnealtóireachta géinití faoi mhíbhuntáiste go deo.

An bhfíorófar tairngreacht mo chara agus an bhfuil sochaí cosúil leis an gceann sa scannán Gattaca buailte linn, nó an é nach raibh ina fhís dhorcha den todhchaí ach leithscéal chun bean a chur ó dhoras?

Neosfaidh an aimsir.

Fág freagra ar '‘Ná bí buartha faoi Trump ná Putin. Bí buartha faoin innealtóireacht ghéiniteach.’'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Chun an fhírinne a rá leat, nílim chun a bheith buartha faoi Trump, Putin ná an deabhal innealtóireacht ghiniteach ach an oiread.

  • Colmán

    Is cúrsaí comhshaoil an buaireamh is mó atá orm. Má leanann cúrsaí mar atá beidh muid imithe chomh fada sin ónár nádúr nach mbeidh aon dul siar ann. Faoi láthair tá Éire ag bráth cuid mhór ar bhia a thabhairt isteach sa tír ar eitleáin agus ar bháid mhóra chun muid a choinneáil beo. Cad é a tharlóidh nuair a bheidh easpa artóla ann sa todhchaí agus an dúlra scriosta sa bhaile ní bheidh muid in ann go leor a fhás. Caithfidh muid crainn a chur le foscadh a thabhairt don nádúr agus don dúlra agus dár ndóigh dúinn féin. Tá barúil agam gurb iad na carranna is cúis leis an drochaimsir uilig sa tír. Cad é mar is féidir linn rud ar bith a fhás nuair atá na páirceanna faoi uisce? Nó cad é a dhéanfas pailniú ar na plandaí nuair nach bhfuil beacha againn? An bhfuil aon ghá leis na turais mhóra fhada cairr níos mó nuair is féidir leis an chuid is mó againn obair ón teach. Seo ceisteanna atá le freagairt, óir muna bhfreagrófar iad ní bheidh duine ar bith againn ann bíodh siad ina Übermenschen nó ina ndaoine den seandéanamh.

  • Mise Áine

    Suimiúil, a Alex. Lón machnaimh…