Molaimis na crainn!
Stuart Franklin
Foilsithe ag Dewi Lewis Publishing, 2023
£45.00 clúdach crua
170 pláta
240 lch
Toisí: 275mm x 205mm
ISBN: 978-1-911306-96-2[?infobox]
Ceiliúradh ar chrainn ársa atá sa leabhar seo. Ait go leor, bhíos díreach tar éis dán de chuid Zbigniew Herbert a thraschruthú, an mórfhile Polannach a mbeidh Ceiliúradh 100 Bliain ó rugadh é á dhéanamh an bhliain seo chugainn, dán a bhaineann leis an mórghiúis (nó an sequoia). Is baolach nach mbacann Herbert le poncaíocht mórán, mar sin beidh ort é a léamh go mall – chomh mall le fás na mórghiúise.
MÓRGHIÚIS
Túir Ghotacha de shnáthaidí i ngleann abhann
tamaillín ó Shliabh Tamalpais áit a dtagann ceo dlúth
maidin is tráthnóna mar fhíoch is mar phaisean an aigéin
i dtearmann seo na bhfathach tá trasghearradh de chrann
ar taispeáint stumpa crónbhuí an Iarthair
agus ollfhéitheacha rialta ar nós cuilithíní uisce
agus inscríofa ag duine cam tá dátaí stair an duine
orlach ó lár an stumpa an Róimh i gcéin trí thine
aimsir Néaró
sa lár tá cath Hastings turas oíche na mbád fada
na hAngla-Shacsanaigh faoi sceimhle bás Arailt mhí-ámharaigh
insítear le compás é
agus ansin díreach in aice le trá na coirte teacht i dtír
na gComhghuaillithe sa Normainn
Tacatas an chrainn seo ba chéimseatóir é gan eolas aige ar
aidiachtaí
ní raibh eolas aige ar chomhréir ní raibh na focail aige chun
sceimhle a chur in iúl
mar sin chomhair sé blianta breise agus tréimhsí faoi mar a bheadh
sé ag iarraidh a rá
nach raibh faic lastall den bhreith is den bhás ach breith is bás
agus laistigh de laíon fola na mórghiúise
Seanchrann ológ lasmuigh de Valencia sa Spáinn.
Púcaí Mheiriceá
[infobox]Haunted Air
Téacs le Ossian Brown
Iarfhocal le Geoff Cox
Réamhrá le David Lynch
Foilsithe ag Jonathan Cape, 2023
216 lch
Toisí: 7¾x8¾x1″
Is é atá sa leabhar Haunted Air bailiúchán grianghraf a tógadh i Meiriceá idir 1875 agus 1955. Ní fios cérbh iad na grianghrafadóirí. Stróiceadh a lán de na grianghraif seo as albaim teaghlaigh agus díoladh iad, píosa ar phíosa. Níor chosain siad mórán, cúpla pingin. Baineann siad go léir leis an bhféile Cheilteach a dtugtar Oíche Shamhna inniu uirthi.
An scanraíonn púcaí, taibhsí agus zombaithe thú? Bíodh a fhios agat go bhfuil slí éifeachtach anois againn chun an ruaig a chur ar phúcaí.
Agus cé hé Ossian Brown a chuir an leabhar diamhair seo le chéile? Tá cónaí air i ndeisceart Shasana. Ceoltóir, péintéir agus cumadóir
atá ann a thugann aire do ghabhair thréigthe. An raibh a fhios agatsa go bhfuil gabhair thréigthe acu i Sasana? Is ball bunaidh den ghrúpa
ceoil Cyclobe é Ossian. Ní raibh cloiste agam ina dtaobh.
Tá an t-albam leo Wounded Galaxies Tap at the Window anseo.
WTF
Cén fáth go dteastódh uainn an ruaig a chur ar phúcaí? Narbh fhearr fáiltiú rompu? Barróg a bhreith orthu, le caoinchead uathu? An púca álainn glé a chonaic mise (agus mo pháirtí) ar chiumhais na coille craobhaí le clapsholas… theith sí uainn. Eagla roimh an chine dhaonna? Níor thógtha uirthi, mhuise.