Mac Pheig Sayers, dineasáir is muicíní – foilsiú a 30ú leabhar Gaeilge do pháistí á cheiliúradh ag Áine Ní Ghlinn

Labhair Áine Ní Ghlinn le Tuairisc faoina saol ag fás aníos i dTiobraid Árann, faoi na chéad leabhair a scríobh sí agus mar a d’áitigh mac Pheig Sayers uirthi fanacht dílis don scríbhneoireacht i nGaeilge

Mac Pheig Sayers, dineasáir is muicíní – foilsiú a 30ú leabhar Gaeilge do pháistí á cheiliúradh ag Áine Ní Ghlinn

Áine Ní Ghlinn in Áras an Uachtaráin agus bonn Laureate na nÓg á bhronnadh uirthi sa mbliain 2020

Is é an pictiúrleabhar Na Trí Mhuicín atá foilsithe ag Futa Fata agus maisithe ag Paddy Donnelly an 30ú leabhar do pháistí atá foilsithe ag Áine Ní Ghlinn.

Bhí spéis aici sa scríbhneoireacht ó bhí sí an-óg. Is cuimhin léi tráthnónta a chaitheamh i ndiaidh na scoile ag cumadh scéalta ina ceann. D’fhás sí aníos i gCrois an Ghúlaigh i dTiobraid Árainn agus chuaigh sí ag Scoil Náisiúnta an Bhealaigh, áit a raibh a hathair ina phríomhoide.

“Bhíomar inár gcónaí in áit iargúlta go leor agus ní raibh teagmháil againn le páistí eile seachas ar scoil. Do chaith mé ana-chuid ama liom féin agus toisc go raibh m’athair ina phríomhoide sa scoil bhí go leor de na páistí eile beagán neirbhíseach fúinn.

“Ach bhínnse ag léamh ana-chuid agus chaith mé go leor ama ag cumadh scéalta nua do na carachtair sna leabhair. Ní raibh mé ag scríobh síos scéalta ach bhínnse i gcónaí ag cumadh scéalta agus dánta i mo cheann.”

Cé nach Gaeilge amháin a bhí acu sa mbaile agus í ag fás aníos, bhí an Ghaeilge go mór chun cinn sa mbaile. Gaeilge Chonamara a bhí ag a hathair arbh as Béal Átha na Sluaighe ó dhúchas dó ach a chaith go leor ama i gConamara ina óige. Gaeilge na Mumhan a bhí ag a máthair.

“Airím i gcónaí gurbh í an Ghaeilge teanga a anama ag m’athair,” a deir Áine.

Mícheál Ó Gaoithín (mac Pheig Sayers)

Nuair a chuaigh sí go dtí an mheánscoil thosaigh Áine ag scríobh síos na scéalta a bhíodh á n-iompar thart ina ceann aici go dtí sin.

“Bhí múinteoir Béarla sa scoil a d’eagraigh comórtas filíochta. Ní dóigh liom go bhfuair mé an chéad duais ach bhuaigh mé an dara duais agus thug sé sin an-spreagadh dom. Thuigeas go raibh mé in ann é seo a dhéanamh.”

Ba é an leabhar Daifní Dineasár a d’fhoilsigh The O’Brien Press sa mbliain 2001 an chéad leabhar do pháistí dá cuid a foilsíodh.

“Bhí Michael O’Brien ana-réabhlóideach mar dhuine ina chuid smaointe agus bhí sé i bhfad chun tosaigh ar go leor daoine. Tháinig sé chugamsa ag fiafraí an mbeadh spéis agam leabhar a scríobh do shraith nua leabhar a bhí aige agus thosaigh mé ag taispeáint rudaí dhó. Smaointe a bhí agam. Thaitin an smaoineamh do Daifní Dineasár leis.”

Foilsíodh Daifní Dineasár mar chuid den tsraith leabhar ‘Sos’ a bhí á bhfoilsiú ag The O’Brien Press mar leabhair léitheoireachta do pháistí a bhí ábalta léamh go neamhspleách. Bhí sraith leabhar cosúil leis acu i mBéarla cheana féin, na Panda Readers, a raibh éileamh maith orthu agus bhí súil acu an rud céanna a dhéanamh le leabhair Ghaeilge.

Scríobh Áine trí leabhar sa tsraith Sos, Daifní Dineasár, Moncaí Dána agus Lámhainní Glasa. Bhí iontas uirthi nuair a chonaic sí na leabhair ar na seilfeanna sna siopaí leabhar ina dhiaidh sin.

“An rud a bhí dochreidte faoi The O’Brien Press ná, toisc go raibh siadsan ag cur leabhar isteach i siopaí cheana féin, do shleamhnaigh na leabhair Ghaeilge isteach sna siopaí leo. Só bhí siad le feiceáil i Dubray, in Easons, in Hodges Figgis… ag am nach mbíodh aon leabhar Gaeilge seachas rudaí d’fhoghlaimeoirí sna siopaí.”

Go gairid i ndiaidh an chéad leabhair sin, d’fhoilsigh An Gúm an dara leabhar do pháistí léi, An Leaba Sciathánach.  Tháinig cuid den inspioráid don leabhar sin ón tsraith leabhar The Bed That Went Whoosh! le Bernard Shaw agus William Bolger a foilsíodh sna 1960idí. Léigh sí an leagan Gaeilge den tsraith a bhí aistrithe go Gaeilge faoin teideal An Leaba a d’Imigh Huis!

“Déarfainn gur léigh mé gach leabhar sa tsraith. Bhí leabharlann bheag Ghaeilge ag m’athair sa scoil de na leabhair a bhí bailithe aige i rith na mblianta.”

Scéal a d’inis sí dá mac Niall agus é ag dul a chodladh a thug an smaoineamh di don leabhar.  Triúr mac atá ag Áine agus iad tógtha anois, ach bhí siad fós ina mbuachaillí óga nuair a tháinig na chéad leabhair léi amach.

“Bhíodh Niall i gcónaí ag rá liom, ‘inis scéal dom faoi Niall agus na teidithe’. Maidin amháin tháinig na leaids anuas an staighre agus na teidithe ar fad acu is dúirt siad liom gur breithlá Teidí a bhí ann agus go gcaithfeadh muid císte a dhéanamh dó. Rinneamar an císte agus bhí cóisir againn do Theidí dá bhreithlá.”

Thosaigh sí ag iarraidh cuimhneamh ar scéal maith le n-insint do Niall an oíche sin. “Chuimhnigh mé ar an leaba sciathánach agus scéal ina mbeadh Niall agus Teidí ag dul ar thuras an oíche sin chuig tír na mbéar.”

Is é Niall a dúirt le hÁine gur cheap sé go dtaitneodh an scéal le páistí eile agus gur chóir di é a scríobh síos i leabhar. “Rinne mé é sin agus sheol mé go dtí An Gúm é agus sin mar a foilsíodh an dara leabhar.”

Cuireann daoine ceist ar Áine go minic cén fáth gur chloígh sí le Gaeilge seachas an Béarla agus í ag scríobh. Is mar gheall ar gheallúint a rinne sí le Mícheál Ó Gaoithín, mac le Peig Sayers, a deir Áine go scríobhann sí i nGaeilge.

“Bhí mé thíos i gCiarraí, an t-aon uair riamh go raibh mé ag coláiste samhraidh. Is dóigh go raibh mé cúig nó sé bliana déag d’aois. Bhíos ag impí ar m’athair mé a ligean ag coláiste samhraidh mar go raibh mo chairde go léir ag dul síos go Ciarraí.”

Ghéill athair Áine sa deireadh agus d’imigh sí léi, ach nuair a bhí sí ann bhain timpiste di ar rothar agus tugadh go dtí Ospidéal an Daingin í.

Is cosúil go raibh brú ar leapacha ag an am agus ní raibh aon leaba fágtha san ospidéal di ach amháin san ionad máithreachais. D’fhan Áine san ionad máithreachais an chéad oíche nó dhó agus ina dhiaidh sin tháinig altra isteach chuici agus dúirt sí go raibh seomra folamh acu di.

“Dúirt duine de na banaltraí liom, tá seomra folamh thuas staighre agus tá muid chun tú a bhogadh isteach ann, ach díreach le rá leat go mbíonn taibhse sa seomra sin. Ach ná bíodh aon imní ort, ní dhéanfaidh sé aon dochar duit. Bhí na banaltraí tite ag gáire agus thuigeas nach raibh siad ach ag magadh.”

Taibhse an tseanchaí Muiris (Kruger) Kavanagh, a bhfuil teach ósta ainmnithe dhó i nDún Chaoin go dtí an lá atá inniu ann (Kruger’s Bar), a dúirt na haltraí a bheadh istigh sa seomra roimpi.

“Bhí mise ag gáire fúithi, níor chreideas rud ar bith. Chuaigh mé suas anyways agus dúirt sí liom go n-aithneoinn an fear seo mar go mbeadh sé i ngreim sa ráille ag bun na leapa is go mbeadh sé ag caochadh súil orm.”

Chaith Áine an chéad oíche sa seomra agus nuair a dhúisigh sí ar maidin agus gur oscail sí a súile, go deimhin féin bhí fear i ngreim sa ráille ag bun na leapa is é ag caochadh súl uirthi, ach ní hé Kruger a bhí ann ach Mícheál Ó Gaoithín, mac le Peig Sayers.

Is cosúil go mbíodh Ó Gaoithín ag cuartaíocht is ag coinneáil comhluadair le hothair san ospidéal. “Don chúpla lá a raibh mé sa seomra sin, chaith sé ana-chuid ama le taobh mo leapa ag insint scéalta dom agus ag aithris dánta. Bhí ionadh air go raibh cailín óg sa gcoláiste samhraidh le Gaeilge líofa.”

D’fhiafraigh Ó Gaoithín d’Áine an mbíodh sí féin ag scríobh. “Dúirt mé go scríobhainn dánta beaga anseo is ansiúd agus dúirt sé, ‘tá mé chun impí ort leanúint ort ag scríobh as Gaeilge amháin as seo amach. Ná hiompaigh ar an mBéarla’. Agus gheall mé dhó go ndéanfainn é sin. Bhí tionchar ana-mhór ag an eachtra sin orm. Chuireas an-spéis go deo i scéal Pheig ina dhiaidh sin.”

Fág freagra ar 'Mac Pheig Sayers, dineasáir is muicíní – foilsiú a 30ú leabhar Gaeilge do pháistí á cheiliúradh ag Áine Ní Ghlinn'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Scéal iontach agus sárscríbhneoireacht ó pheann Bhríde mar is nós! Thaithin agallamh Áine liom go seoighe :-)